Aighneas sa Dáil faoin nGaeilge idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin 

D’impigh Mary Lou McDonald ar an Taoiseach sa Dáil tráthnóna ‘seasamh a thógáil ar son na Gaeilge’ agus dúirt Micheál Martin go mbíonn nós ‘rómhinic’ ag ceannaire Shinn Féin uirlis chatha a dhéanamh den Ghaeilge

Aighneas sa Dáil faoin nGaeilge idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin 

Bhí ceist na Gaeilge ina hábhar aighnis idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil tráthnóna.

Chuir an Taoiseach Micheál Martin i leith cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go mbíonn nós “rómhinic” aici uirlis chatha a dhéanamh den Ghaeilge.

Cheistigh Mary Lou McDonald an Taoiseach faoi achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta in aghaidh breith Ard-Chúirte faoin dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe a chur ar fáil.

Dúirt Mary Lou McDonald nach raibh sé “sásúil beag ná mór” go mbeadh iarracht á déanamh ag an Rialtas cearta teanga a cheilt ar an saoránach, cearta teanga atá á gcur ar fáil ag an Aontas Eorpach, a dúirt sí.

D’iarr sí ar an Taoiseach “seasamh a thógáil” ar son cearta teanga agus a rá leis an Roinn Tithíochta a n-achomharc a tharraingt siar.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin chomh maith gur ceap magaidh a bheadh sa stát seo an bhliain seo chugainn nuair a bheadh stádas iomlán ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ach gan reachtaíocht agus cáipéisí eile á bhfoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna ag baile. 

D’fhiafraigh sí chomh maith den Taoiseach an raibh aon phlean aige cur le líon na mbreithiúna ardchúirte a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Cé nár thagair an Taoiseach go sonrach don ábhar a luaigh ceannaire Shinn Féin, dúirt sé gur chuir a cuid cainte agus an friotal a d’úsáid sí alltacht air.

Bhí sé “dochreidte” a dúirt sé go ndéarfaí go bhfuil an stát i gcoinne cearta teanga agus “gach aon tacaíocht” á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge.

Dúirt Micheál Martin gur ait leis go mbeadh ceannaire Shinn Féin ag impí air “seasamh a thógáil ar son na Gaeilge” amhail is go raibh sé i gcoinne na teanga. 

A mhalairt a bhí fíor, dar leis.

Dúirt sé gur fhoghlaim sé féin Gaeilge, go labhraíonn sé í agus go ndéanann sé gach ar féidir leis í “a chur chun cinn”.

Dúirt an Taoiseach nach raibh sé sásta leas a bhaint as an nGaeilge chun “cuspóirí polaitiúla” a bhaint amach. 

Mhaígh sé nach annamh a dhéanann Sinn Féin agus Mary Lou McDonald amhlaidh.

I bhfreagra a thug sé ar cheist a chuir Aindrias Moynihan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, dúirt sé go gcaithfí níos mó a dhéanamh chun freastal ar dhaoine atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge ach go rabhthas ag obair air sin. 

Fág freagra ar 'Aighneas sa Dáil faoin nGaeilge idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin '

  • An gnáthiompar

    I gcupla focal, is é an méid atá le baint as an tuairisc seo 1) nár fhreagair Micheál Martin na ceisteanna (bailí) a cuireadh air, 2) ina áit sin gur ionsaigh sé an té a chuir na ceisteanna sin air.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá siad “ag obair air sin” ó bunaíodh an stát seo. Tabhair 800 bliain eile dóibh.

  • An Teanga Bheo

    Sí Teanga cheart na nGael ………. an teanga bhinn is ársa atá le fáil ar fud an tsaoil
    go rí mhinic ní maith le ceannairí ceisteanna crú a chuir orthu, agus cén sórt ” alltacht” atá i gceist agat a Mhairtin ?

  • An Teanga Bheo

    Ceisteanna le freagra ag an Taoiseach /ceannaire ? teanga bhinn ár sinsear más shea is cosuil ?
    “Tá cáineadh déanta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as an ‘neamhaird’ a thabhairt ar an nGaeilge arís agus físeáin eolais scaipthe acu i ndeich dteanga seachas an Ghaeilge.”