Aighneas iarbhuiséid – Noonan agus Kelly in adharca a chéile faoi chúrsaí tithíochta

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh comhrá ‘teasaí’ idir an tAire Airgeadais Michael Noonan agus an tAire Comhshaoil Alan Kelly tar éis fhógairt an Bhuiséid agus go bhfuil an caidreamh idir an bheirt airí ag dul in olcas le tamall

13/05/2015. (LtoR) Fine Gael Minister for Finance Michael Noonan with Labour Party Minister for Environment, Community and Local Government Alan Kelly speaking to the media on extra measures to deal with the mortgage crisis which have been approved at a special Cabinet meeting. Speaking afterwards, Minister for Finance Michael Noonan said they would be extending the range of options available to those in mortgage difficulties. He said the Government would be removing the so-called bank veto on settlements, extending the mortgage-to-rent schemes and giving MABS an additional role to act as a friend to those in mortgage distress. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh comhrá ‘teasaí’ idir an tAire Airgeadais Michael Noonan agus an tAire Comhshaoil Alan Kelly tar éis fhógairt an Bhuiséid i dTeach Laighean Dé Máirt.

Is cosúil nach slán ar fad atá an caidreamh idir na páirtithe rialtais tar éis an Bhuiséid agus cúrsaí tithíochta sa bhuiséad céanna ba chúis leis an gcomhrá idir an bheirt airí, comhrá a bhí teasaí go maith, dar le duine amháin a bhí ar an láthair.

Chuaigh an caidreamh idir an bheirt Airí in olcas sna laethanta beaga roimh an mBúiséad nuair a dhiúltaigh an Roinn Airgeadais do scéimeanna chun cíos a rialú agus chun breis tithe a thógáil.

Tuigtear go raibh teannas idir an bheirt airí ó foilsíodh tuairisc nuachtáin seachtain ó shin ina raibh cur síos ann ar bheartais éagsúla a dúradh a bhí molta ag an Roinn Comhshaoil chun dlús a chur le tógáil tithe.

Ba é an rud ba mhó a chuir olc ar an Aire Airgeadais faoin alt nuachtáin ná an tagairt a bhí ann d’fhaoiseamh cánach do thógálaithe. Dúradh san alt go raibh an tAire Comhshaoil chun a leithéid a ‘thabhairt isteach’, rud a chuir as go mór do Mhichael Noonan, a mheas go raibh Kelly ag iarraidh brú a chur air go poiblí an faoiseamh cánach a fhógairt sa Bhuiséad.

Thug Noonan le fios go príobháideach roimhe sin nach ngéillfeadh sé do bhrú dá leithéid óna chomhghleacaithe. Nuair a mhol cúlbhinseoirí ó Fhine Gael an mhí seo caite don Aire Airgeadais faoiseamh cánach agus beartais eile a chur i bhfeidhm chun cabhrú le lucht gnó i mbailte tuaithe, dhiúltaigh Noonan do na moltaí go léir.

Thug foinse ón Lucht Oibre le fios go leanfaí leis na cainteanna idir an dá pháirtí faoi chúrsaí tithíochta agus cíosa, ach ní léir fós an mbeidh toradh ar bith ar na cainteanna sin roimh dheireadh na bliana.

Ní léir ach an oiread cén rian a fhágfaidh an teannas idir Noonan agus Kelly ar na cainteanna idir an dá pháirtí rialtais.

Chuir Alan Kelly scéim faoi bhráid na Roinne Airgeadais roimh an mBuiséad a chuirfeadh srian ar arduithe ar chíos agus a thabharfadh faoiseamh cánach isteach do thiarnaí talún a bheadh toilteanach gan cíos a ardú ar feadh tréimhse áirithe. Bhí an scéim a mhol Kelly bunaithe ar bheartas a mhol an sagart Íosánach Peter McVerry agus an comhairleoir morgáiste Karl Deeter le gairid.

Fág freagra ar 'Aighneas iarbhuiséid – Noonan agus Kelly in adharca a chéile faoi chúrsaí tithíochta'