Agus na gealltanais nua á ndéanamh, cuimhnímis leis ar na seanchinn nár comhlíonadh

Agus gortghlanadh réamhthoghcháin ar bun, ná déanaimis dearmad ar ghealltanais nár comhlíonadh

Agus na gealltanais nua á ndéanamh, cuimhnímis leis ar na seanchinn nár comhlíonadh

Glactar leis ar chaon taobh i dTeach Laighean gur lá éigin sa dara leath de mhí na Samhna a vótálfar.

Níl focal ráite fós ag an Taoiseach a léireodh a rogha – deireadh  na míosa seo chugainn nó mí Feabhra – ach ní tearc na leideanna.

Ba chosúil le stocaireacht réamhthoghcháin mar shampla na comhráite a bhí ag Simon Harris le vótálaithe ag stad Luas i mBaile Átha Cliath maidin Dé Céadaoin – scata iarrthóirí olltoghcháin ó Fhine Gael ina theannta agus iad ag cur síos ar bhuanna an Bhuiséid, dar leo.

Shéan an Tánaiste an lá dár gcionn gur phléigh ceannairí an rialtais gairm olltoghcháin go luath ach tugadh faoi deara nár chuir Micheál Martin dáta ar bith as an áireamh.

Sara dtéann an scéal chun leadráin anseo, ní féidir buntáiste pearsanta a chur as an áireamh agus rogha an Taoisigh á meá.

Abair go roghnaíonn Simon Harris lá i mí Feabhra i gcomhair an olltoghcháin agus abair nach mbíonn rath ar Fhine Gael. Más amhlaidh an scéal, cuirfear místuaim pholaitiúil ina leith toisc nár fhógair sé olltoghchán tar éis an Bhuiséid nuair a bhí dea-scéala don pháirtí i ngach pobalbhreith agus Sinn Féin in ísle brí.

Abair, ar an taobh eile den scéal, go bhfógraíonn Harris olltoghchán gan mórán moille ach nach mbeadh ionadaíocht Fhine Gael ina dhiaidh chomh maith agus atáthar a thuar ó na pobalbhreitheanna faoi láthair. Ní bheadh duine ar bith ina pháirtí ábalta a rá leis sa chás sin gur roghnaigh sé lá vótála nach raibh oiriúnach.

Idir seo agus sin, beidh carn ábhair thoirtiúla ar chlár na Dála, fiú má fhágtar an bille airgeadais agus bille mór pleanála as an áireamh.

Mar shampla, tá fiosrúchán de chineál éigin geallta agus athgheallta ag an Taoiseach agus ag airí eile chun láimhseáil na paindéime a iniúchadh – mar atá ar bun sa Ríocht Aontaithe le breis agus bliain.

Dúirt an Taoiseach dhá mhí ó shin go gcuirfí an fiosrúchán ar bun an mhí seo caite. Níor bunaíodh fós é agus níl fiú ainm an chathaoirligh fógartha fós. Is deacair a chreidiúint go rachadh an rialtas as oifig gan cinneadh foirmiúil ar a laghad faoi iniúchadh chomh tábhachtach a bheith déanta acu.

Tharraing Leo Varadkar aird indíreach ar ghealltanas rialtais eile nár comhlíonadh fós nuair a mhol sé seachtain ó shin go mbunófaí fóram a bhreithneoidh agus a phléifeadh aontú na tíre.

Ní tionól saoránach (mar a theastaíonn ó Shinn Féin) a mhol sé ach foras ina mbeadh ionadaithe polaitiúla páirteach, agus a bheadh cosúil leis an bhfóram a phléigh an t-ábhar céanna sna 1980idí.

Tá bearna shoiléir idir caint an iarThaoisigh i nDoire agus dearcadh follasach an rialtais (a raibh sé féin i gceannas air go dtí mí Aibreáin) ar bheartais a chuirfeadh athaontú na tíre chun cinn.

Tá athmhuintearas agus comhoibriú trasteorann á mholadh i gcónaí i mBaile Átha Cliath ach seachnaíonn gach rialtas caint ar athaontú ach amháin mar chuspóir fadtéarmach.

Níor thagair Leo Varadkar faraor do ghealltanas a bhaineann le hábhar a thug a pháirtí féin agus páirtithe eile an chomhrialtais sa chlár oibre a d’fhoilsigh siad ar dhul in oifig dóibh in 2020.

Gheall Clár Oibre an Rialtais ar leathanach 113 go reáchtálfaí reifreann chun cearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den stát.

Gan dabht, chuir Covid moill ar mhórán ábhar ach tugadh an gealltanas faoi chearta vótála tar éis thús na paindéime. Níl reifreann geallta ná beartaithe agus an rialtas ar tí dul as oifig.

Breathnaíonn saoránaigh Éireannach ar fud an oileáin ar Uachtarán na hÉireann mar cheann stáit, mar a thug cuid acu le fios nuair a d’fhreastail an scríbhneoir seo ar chruinniú a reáchtáil an grúpa ‘Think 32’ i nDoire cúpla b bliain ó shin.

“Ba mhaith linn deis a bheith againn,” a dúirt fear amháin a labhair ag an gcruinniú, “a bheith páirteach sa toghchán ina roghnaítear príomh-ionadaí ár náisiúin.”

Thug gach páirtí i nDáil Éireann tacaíocht ó shin don leathnú ar chearta vótála a thabharfadh an deis vótála sin do shaoránaigh ó thuaidh agus i dtíortha eile. Faraor, chlis an rialtas, a chuir tarraingt na gcos sa Tuaisceart go minic i leith rialtas na Breataine, orthu go léir. Níl socrú ar bith fiú fógartha fós a thabharfadh le fios go gcomhlíonfar an gealltanas uair éigin.

Tá sé thar beart a dhéanamh chun na briathra nua faoin Náisiún a cuireadh sa Bhunreacht tar éis síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.

IARFHOCAL – MARY O’ROURKE

Bhí ardtaithí ag iar-leascheannaire Fhianna Fáil Mary O’Rourke ar an tslí ina dtugann an saol polaitiúil ardú céime gan choinne do pholaiteoirí, agus a mhalairt uaireanta.

Toghadh í mar Theachta Dála an chéad uair i 1982 agus cheap Cathal Ó hEochaidh í mar aire oideachais i 1987. Thug sí tacaíocht dhílis dó go dtí gur díbríodh as oifig é i 1992.

Chuir Albert Reynolds amach as an rialtas í i 1992, cé gur ghlac sí le post a thairg sé di mar aire stáit.

“Cruinniú gairid a bhí ann,” a dúirt sí leis an scríbhneoir seo tar éis di labhairt leis an Taoiseach nua.

“É suite taobh thiar den deasc agus ceapaire ina bhéal. Shílfeá go mbeadh sé de bhéasa aige labhairt liom gan é a bheith ag cogaint ag an am céanna, ach sin mar atá Albert.”

Mar is léir ón scéal thuas (a d’inis sí ar bhonn príobháideach) bhíodh na comhráite a bhíodh agat léi suimiúil i gcónaí, fiú mura raibh sí toilteanach gach scéal a chur ‘ar an taifead’.

Cheap Bertie Ahern mar leasCheannaire í i 1994 agus mar aire iompair i 1997.  Chaill sí a suíochán Dála in olltoghchán 2002 ach toghadh arís í chun na Dála in 2007.

Léirigh sí a crógacht mar dhuine tar éis bhás a fir chéile Enda in 2001, agus mar pholaiteoir agus páirt á glacadh aici i mórán clár teilifíse agus raidió tar éis di a suíochán Dála a chailliúint arís in 2011.

Fág freagra ar 'Agus na gealltanais nua á ndéanamh, cuimhnímis leis ar na seanchinn nár comhlíonadh'