Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire

Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite

Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire

Tá breis is €4 milliún le caitheamh ar thograí chun tuilleadh turasóirí a mhealladh chuig oileáin Ghaeltachta.

Tá sé fógartha ag Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta go bhfuil an infheistíocht le déanamh i dtionscadail ar Árainn [Inis Mór] i nGaillimh agus ar Chléire i gCorcaigh chun “oidhreacht agus cultúr uathúil an tsaoil ar oileáin” a chaomhnú, a thaispeáint agus a cheiliúradh.

Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, eispéireas an chuairteora a fheabhsú agus tairbhí suntasacha eacnamaíocha agus cultúrtha a chur ar fáil do na pobail áitiúla.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhféadfadh cuairteoirí beagnach €50 milliún a chaitheamh sna réigiún sna deich mbliana seo romhainn mar thoradh ar an infheistíocht.

Tá formhór an airgid, os cionn €3 milliún, le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.

Tá €1 milliún eile le caitheamh ar uasghrádú agus forbairt an ionaid turasóireachta agus oidhreachta ar Chléire. Tá ionad cuairteoirí nua le cruthú mar chuid den togra, chomh maith le forbairt a bheidh dírithe ar Theach Solais Charraig Aonair. Tá áiseanna nua-aimseartha, spásanna lasmuigh, páirceáil rothar, suíocháin chlúdaithe, agus áiseanna leithris in aice láimhe ar chuid de na háiseanna atá beartaithe don fhoirgneamh uasghrádaithe.

Beidh Údarás na Gaeltachta ag stiúradh na dtionscadal i gcomhpháirtíocht leis na comharchumainn áitiúla.

“Tagann na hinfheistíochtaí suntasacha seo in Árainn agus i gCléire ag am cinniúnach do thurasóireacht oileáin in Éirinn,” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

“Trí eispéiris thumthacha, nua-aimseartha a chruthú do chuairteoirí a thaispeánann ár n-oidhreacht shaibhir Ghaeltachta, ní hamháin go bhfuil muid ag caomhnú ár gcultúir agus ár dteanga, ach tá muid ag cruthú deiseanna eacnamaíocha inbhuanaithe chomh maith dár bpobail oileáin.”

€2.4 milliún an infheistíocht chaipitil atá ceadaithe ag Fáilte Éireann d’Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche agus €601,718 ó Údarás na Gaeltachta

Tá infheistíocht chaipitil €831,204 tugtha d’Eispéireas Charraig Aonair agus Ionad Oidhreachta Chléire ag Fáilte Éireann agus €207,801 eile ó Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire'