An ormsa atá sé nó ar tháinig deireadh leis an samhradh nach mór thar oíche an tseachtain seo?
Agus na chéad duilleoga á séideadh de na crainn agus báisteach agus toirneach do mo choinneáil istigh, tugaim faoi deara go bhfuil fonn ag teacht orm tús a chur le togra nua a líonfaidh na hoícheanta fada dorcha atá romhainn.
Ach níl aon chomhad nua á oscailt agam ar mo ríomhaire go fóill.
An chaoi is fearr chun togra scríbhneoireachta a mharú ar an toirt ná peann a chur le páipéar go róluath.
Scríobhfaidh tú abairt nó dhó agus ansin beidh an leathanach bán ag stánadh idir an dá shúil ort, do d’fhágáil i do staic le faitíos – is agamsa atá a fhios.
Ach tagann ciall le haois agus ag an bpointe seo agus thart ar scór bliain caite agam leis an scríbhneoireacht chruthaitheach tuigim go gcaithfear am a thabhairt don fhochomhfhios chun smaointe nua a ionramháil, nach mór i ngan fhios duit féin, sula dtosóidh tú á gcíoradh ar an scáileán nó ar pháipéar.
Dá mhéad an togra atá á bheartú agat, is ea is faide an tréimhse ghoir a bheidh ag teastáil.
In imeacht na mblianta tá sé faighte amach agam gurb í an tuairisc nuachta, dáiríre, an t-aon rud amháin gur féidir a scríobh ar ala na huaire. An fáth atá leis sin ná go mbíonn na fíricí agat cheana féin; ní gá do d’fhochomfhios aon rud a chumadh.
Fiú amháin colún gearr cosúil leis na cinn sa tsraith seo, ní mór pé smaoineamh a theastódh uait a chíoradh ann a ionramháil i d’aigne ar feadh cúpla uair an chloig sula leagfaidh tú do mhéara ar an méarchlár, agus is fearr fós oíche chodlata.
Cúpla lá nó cúpla seachtain, ag brath ar an bhfad a shamhlaíonn tú a bhainfidh tú as an ábhar, a theastóidh ó ghearrscéal; bí cinnte ráithe, ar a laghad, a thabhairt duit féin sula scríobhfaidh tú an chéad abairt d’úrscéal nua.
Ach céard a dhéanfaidh tú sa tréimhse ghoir sin? Ligean do d’fhochomhfhios an obair chrua a dhéanamh leis féin fad is a nífidh tusa na gréithe nó fad is a bheidh tú i do chodladh? Uaireanta is leor sin – i gcás colún nó a mhacasamhail b’fhéidir – ach nuair a bhíonn ficsean i gceist, is fearr an fochomhfhios a spreagadh go tráthrialta, nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá: a bheathú.
Dá mbeadh bua na líníochta agam, is éard a dhéanfainn sula gcuirfinn tús le togra ficsin ar bith ná portráidí a tharraingt de na carachtair, léaráidí a dhéanamh de shuíomhanna an scéil agus léarscáil nó dhó a chruthú. Tá rud éigin faoin líníocht – cuir ceist ar lucht na leabhar dathúcháin do dhaoine fásta – a shuaimhníonn an intinn agus a spreagann an chruthaitheacht ag an am céanna.
Níl bua na líníochta agam, ach níl aon chailleadh orm leis an gceamara, agus le cúpla lá anuas tá grianghraif á dtógáil agam a bhaineann le scéal nua a theastaíonn uaim a insint. Agus eagarthóireacht á déanamh agam ar na grianghraif sin le bogearra ar mo ríomhaire, ritheann snáitheanna den scéal liom, tréithe carachtair, corrfhrása comhrá. Níl na rudaí sin á mbreacadh síos agam, fiú amháin. Faoi láthair, nílim ach ag súgradh. Ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus tosaíonn gach ailtire amach sa pholl gainimh.
Fág freagra ar 'An gcuireann an fómhar fonn scríbhneoireachta ort? Fan go fóilleach!'