Agus laghdú ar thacaíocht Shinn Féin níor mhór dóibh a bheith ag smaoineamh ar chleamhnas

Tá Sinn Féin fós go mór chun cinn ar gach páirtí eile, ach iad i bhfad níos giorra do 30% ná 40% sna pobalbhreitheanna is déanaí

Agus laghdú ar thacaíocht Shinn Féin níor mhór dóibh a bheith ag smaoineamh ar chleamhnas

Ar feadh tamaill ag deireadh na bliana seo caite léirigh na pobalbhreitheanna go raibh Sinn Féin go maith os cionn 30% ó thaobh na tacaíochta agus go raibh seans ann go mbeidís ag déanamh ar an 40% aimsir thoghcháin.

Le figiúr den chineál sin, bheadh siad in ann comhghuaillíocht a bhunú leis na Daonlathaithe Sóisialta agus rialtas a bhunú le neamhspleáigh agus lucht na heite clé i bhfad amach. Bheadh sé fíordheacair Sinn Féin a choinneáil amach as oifig.

Ach i naoi bpobalbhreith i ndiaidh a chéile i mbliana tá laghdú ar thacaíocht Shinn Féin. Tá siad fós go mór chun cinn ar gach páirtí eile, ach iad i bhfad níos giorra do 30% ná 40%. Ar an meán 32% atá acu sna naoi bpobalbhreith a foilsíodh i mbliana.

Deimhníonn na figiúirí rialta seo an cheist arís faoin gcaoi go bhféadfadh an páirtí rialtas a chur le chéile. Ar na figiúirí atá faoi láthair ann bheadh beagáinín níos lú ná 40% ag Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta le chéile. Bheadh gá le tacaíocht pháirtí éigin eile. Ach cén páirtí?

Tá fás Shinn Féin ceangailte le meath Pháirtí an Lucht Oibre, ach is ar éigean go bhfuil meas ar bith ag lucht vótála Shinn Féin ar an bpáirtí. Go deimhin, de réir mo thaithí féin i gceantracha lucht oibre i mBaile Átha Cliath tá fuath ag go leor daoine do Pháirtí an Lucht Oibre.

Go náisiúnta tá tacaíocht 4% acu. Tá sé níos ísle ná sin i measc daoine óga agus is ar éigean atá an céatadán níos airde aon áit, fiú i mBaile Átha Cliath, daingean an pháirtí tráth.

Is é sin le rá go gcuireann Páirtí an Lucht Oibre déistin ar go leor daoine a thacaíonn le Sinn Féin, daoine nach mbeadh sásta dá n-osclódh Sinn Féin doras isteach sa rialtas dóibh.

Tá an ghráin ag go leor de lucht tacaíochta Shinn Féin chomh maith ar an gComhaontas Glas, páirtí a d’fhéadfadh a bheith lagaithe go mór. Tá seans beag go bhféadfadh Neasa Hourigan nó Patrick Costello teacht slán as an léasadh atá i ndán do na Glasaigh, ach ní dóigh liom é.

Ar ndóigh, má tá rialtas le bunú beidh ar Shinn Féin tacaíocht a aimsiú áit éigin, agus ní bheadh an ghráin chéanna ag lucht an pháirtí ar na Glasaigh is atá acu ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Freisin, ceapaim go mbeadh sé níos éasca socrú a dhéanamh leis na Glasaigh. Tá an eite chlé sa bpáirtí sin buailte síos go mór, agus ar deireadh thiar níl aon phrionsabal ag an bpáirtí sin ach a gcuid polasaithe faoin aeráid a chur chun cinn.

B’fhearr le leithéidí Eamon Ryan, is an dream a bhaineann leis, gan cur isteach ar lucht an tsaibhris sa tír, ach ceapaim go nglacfaidís le rud ar bith ar mhaithe le bheith sa rialtas.

Ach an féidir aon iontaoibh a bheith ag Sinn Féin as Páirtí an Lucht Oibre? Ní dóigh liom é. Goilleann sé go mór ar Pháirtí an Lucht Oibre go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh an lucht oibre a mhealladh chucu.

Ní ghlacann Páirtí an Lucht Oibre leis go ndearna siad féin aon rud mícheart is níl leithscéal dá laghad gafa acu as ar dhein siad nuair a bhí siad sa chomhrialtas le Fine Gael idir 2011-2016.

Beidh brú ar aon chuma ar Shinn Féin ó na meáin is eile ag iarraidh orthu cloí le dearcadh na bunaíochta is ceapaim go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre sásta teitheadh ó aon socrú a dhéanfaí aon uair a bhfeicfidís an deis.

Mar an gcéanna, ach ar fháthanna eile, ní féidir muinín a bheith ag Sinn Féin as Pobal Seachas Brabús. Go hiondúil braitheann an dream seo ar pholaitíocht an cheartchreidimh. Mura n-aontaíonn tú go huile is go hiomlán leo, is beag nach eiriceach thú, dar leo.

Mar sin, ó thaobh na n-uimhreacha de is ó thaobh cheist na muiníne, tá seans láidir go mbeidh ar Shinn Féin breathnú áit éigin eile. Fianna Fáil?

Níl mórán measa fágtha ag an lucht oibre ar Fhianna Fail, ach amháin b’fhéidir i measc daoine os cionn 65 bliain d’aois. Ach ceapaim gur lú an fuath atá ann don pháirtí sin nó mar atá do Pháirtí an Lucht Oibre.

Ar ndóigh, ní bheidh aon socrú indéanta má bhíonn Micheál Martin mar cheannaire i gcónaí. Má tá nimh san fheoil ag Martin ar Shinn Féin tá an nimh chéanna ag ceannairí Shinn Féin ar cheannaire Fhianna Fáil.

Mar sin féin, bheadh seans níos mó ar chleamhnas dá mbeadh ceannairí nua ar Fhianna Fáil, mar a bheadh dá n-éireodh le Martin post breá bog a fháil san Aontas Eorpach, mar Choimisinéir na hÉireann, b’fhéidir.

Cinnte, tá an chuma ar Martin go bhfuil sé i mbun agallaimh don jab, culaith bhreá air agus caint láidir uaidh ar son NATO agus dearcadh cogaíochta an Aontais Eorpaigh.

Beidh Sinn Féin sásta slán a fhágáil leis má osclaíonn sé doras an rialtais dóibh.

Fág freagra ar 'Agus laghdú ar thacaíocht Shinn Féin níor mhór dóibh a bheith ag smaoineamh ar chleamhnas'

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Bhíos ar an tuairim sin le tamaill , tá cuid mhaith daoine i FF nach bhfuil ró shásta leis an ceangail idir FF agus FG agus go mbeadh dearcadh níos giorra do Shinn Féin ó thaobh cúrsa tógáil tithe agus eacnamaíochta agus ag cabhrú leis an gcosmhuintire i gcoitinne