AGALLAMH: Níl Furlong míle míle ó na Leoin agus aghaidh á tabhairt aige ar an mBreatain Bheag

Labhair Tuairisc.ie le prapa na hÉireann Tadhg Furlong a rachaidh chun páirce in Caerdydd d’Éirinn den chéad uair oíche amárach

AGALLAMH: Níl Furlong míle míle ó na Leoin agus aghaidh á tabhairt aige ar an mBreatain Bheag

Imreoir na hÉireann, Tadhg Furlong. INPHO/Ryan Byrne

Agus gan ach dhá bhabhta cluichí fágtha sa chomórtas Sé Náisiún, ní tráth athruithe é. I gcás na hÉireann agus Joe Schmidt, is iad na buanna a léirigh siad sa chluiche i gcoinne na Fraince coicís ó shin a bheidh ag teastáil arís agus iad ag iarraidh an Bhreatain Bheag a chur de dhroim seoil oíche amárach.

Is é Tommy Bowe an t-aon duine nach raibh sa scuad in aghaidh na Fraince atá tagtha isteach don chluiche seo, agus áit Andrew Trimble, atá gortaithe, aige ar an mbinse.

I measc na dtosaithe amárach beidh Tadhg Furlong, imreoir a bhain áit amach ar an bhfoireann den chéad uair i gcoinne na Nua-Shéalainne i Chicago anuraidh. Ó shin i leith, tá áit lárnach aige ar fhoireann Joe Schmidt. Is í seo an chéad deis a bheidh aige imirt in Caerdydd.

“Níor imir mé ann fós. Bhíos i measc na n-ionadaithe do chúpla cluiche sa Chorn Domhanda. Ag an am bhíos in éad leis na leaideanna a bhí ag imirt agus a leithéid d’atmaisféar ann. Táim ag tnúth le mo bhróga a chur orm agus dul chun páirce.”

Tá an-dul chun cinn déanta ag Furlong agus a ainm á lua le turas na Leon go dtí an Nua-Shéalainn an samhradh seo. Ach sula roghnóidh Warren Gatland an fhoireann sin, beidh a dhóthain le déanamh ag Furlong i gcomórtas na Sé Náisiún agus i gCorn na hEorpa agus an PRO12 le Cúige Laighean.

Beidh go leor ag brath Dé hAoine ar an gcoimhlint sa chlibirt, agus Furlong ag súil go mbeidh an lámh in uachtar ag Éirinn.

“Má bhíonn tú ag dul chun tosaigh sa chlibirt, ní bhíonn an méid céanna fuinnimh á úsáid agat agus nuair atá tú faoi bhrú, ag dul ar gcúl agus ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh. Bíonn a leithéid crua ar na scamhóga agus ar an gcorp. Nuair a bhíonn tú ag dul chun tosaigh, ní bhíonn an troid chomh dian. Bíonn a thoradh sin ar an tionchar a bhíonn agat ar an imirt ar fud na páirce.

“De ghnáth an rud a tharlaíonn (má bhíonn droch-chlibirt ann), leanann tú ar aghaidh ag imirt agus ag an mbriseadh roimh an gcéad chlibirt eile, tagann an líne tosaigh le chéile agus déanann tú déantar iarracht cúis na teipe a thuiscint. Caithfidh tú teorainn a chur le líon na ndeiseanna a thugann tú do do chéile comhraic dul i bhfeidhm ar an gcluiche.”

Níl an Bhreatain Bheag san iomaíocht a thuilleadh do phríomhghradam an chomórtais ach má thugtar dóibh an iomarca de na deiseanna sin ar thrácht Furlong orthu beidh an scéal amhlaidh ag foireann na hÉireann. Agus ba lú an seans a bheadh ag Furlong geansaí na Leon a chaitheamh.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Níl Furlong míle míle ó na Leoin agus aghaidh á tabhairt aige ar an mBreatain Bheag'