An lá cheana, chuir mé gearrscéal nua de mo chuid chuig iris liteartha, féachaint an mbeadh spéis acu é a fhoilsiú. Bhí tamall maith ann ó rinne mé a leithéid, ach bhí tráth ann go gcuirinn gearrscéalta chuig irisí liteartha go rialta. Bhíodh an riail seo agam: bhí orm a chinntiú go mbeadh ar a laghad scéal amháin de mo chuid faoi mheas ag iris éigin ag am ar bith. A luaithe is a dhiúltófaí do scéal, dhéanainn babhta eagarthóireachta eile air agus chuirinn sa phost arís é, féachaint an mbeadh spéis ag iris éigin eile ann.
D’éiríodh liom ó am go chéile: síos tríd na blianta, foilsíodh scéalta liom i nGaeilge, in Ísiltíris agus i mBéarla. Thug sé sin ugach dom coinneáil orm i mbun pinn; ar a laghad ba chruthúnas é nach raiméis amach is amach a bhí i mo chuid scríbhneoireachta.
Ach an chuid is mó den am, diúltaíodh do na saothair a chuirinn isteach chuig irisí. Aisteach go leor, ritheann sé liom go mb’fhéidir gurbh é sin an scil ab fhiúntaí ar fad a d’fhoghlaim mé le linn na tréimhse sin a mbínn ag mangaireacht scéalta: dul i ngleic le diúltú. Gan dabht, scil úsáideach é sin do dhuine ar bith, ach do scríbhneoirí, go háirithe. Mholfainn go láidir d’éinne a bheadh ag iarraidh saothar fada a chur faoi bhráid foilsitheora dornán dánta, gearrscéalta nó aistí a chur faoi bhráid irisí liteartha ar dtús, le go gcuirfidh an diúltú agus an díomá cruas éigin ina anam.
Ceird ann féin é saothar a chur isteach chuig irisí liteartha. Tá a gcuid rialacha agus coinníollacha féin ag gach uile cheann acu. Tá irisí ann nach nglacann le hobair nuascríofa ach ag tráthanna áirithe den bhliain, tá irisí ann nach nglacann le saothair ach tríd an ríomhphost agus tá cinn eile ann nach nglacann leo ach tríd an ngnáthphost. Go hiondúil, bíonn treoracha soiléire ar fáil ar shuíomhanna idirlín na n-irisí agus b’amaideach an té nach leanfadh iad. B’fhearr i bhfad, áfach, cóip reatha d’iris a cheannach. Ar an gcaoi sin, gheobhaidh an scríbhneoir blaiseadh den chineál litríochta a thaitníonn le lucht na hirise agus beidh tuairim i bhfad níos fearr aige an oirfidh a chuid scríbhneoireachta féin don fhoilseachán áirithe sin.
Is iad Comhar agus Feasta agus An tUltach irisí liteartha na Gaeilge, ach glacann Southword, Irish Pages, Gorse agus The Stinging Fly le saothair i nGaeilge freisin. Seo liosta fada d’irisí liteartha a fhoilsíonn saothair i mBéarla.
Fág freagra ar 'Ag mangaireacht scéalta –cuireann an diúltú agus an díomá cruas éigin in anam an scríbhneora'