Ag gabháil abhaile – ach an bhfuil spás i reiligí Chonamara?

Is é an scéal céanna é i mórán chuile áit taobh thiar de chathair na Gaillimhe anois, is beag spás atá fanta sna reiligí

Ag gabháil abhaile – ach an bhfuil spás i reiligí Chonamara?

Bhíodh m’athair mór féin, Cóilín Choilm Seoige, ag rá nárbh fhada go mbeadh sé “ag gabháil abhaile”. Scaití, déarfadh sé le duine éigin é a thiocfadh isteach ag cuartaíocht agus iad ag cur an tsaoil anonn agus anall. Scaití eile ba ag caint leis féin a bhíodh sé.  Níor thug muide, agus muid ina ngasúir, mórán airde ar an gcaint sin.  Ach, thuig muid go raibh brí eile leis an bhfocal “abhaile”.  Bhí sé ag cuimhneamh ar an tsíoraíocht, ar an aistear ar ais, ar an mbás.  Tá sé faoi shuaimhneas i reilig Mhaínse i gCarna.

Chuaigh Maitias Ó Tuathail a raibh cónaí air i mBaile an Rí i gceantar an Chlocháin sa taobh ó thuaidh de Chonamara  abhaile an tseachtain seo.  Ba as Oileán Inis Toirbirt {Tairbeart} siar ón gClochán é Maitias an chéad lá ariamh.  Níl deoraí ar an oileán sin anois ach cúpla dream a thagann ansin chuig tithe saoire sa samhradh.  D’imigh an chuid dheireanach de phobal dúchais an oileáin cúpla scór bliain ó shin.  Ach d’fhill duine de na deoraithe an tseachtain seo.  Tugadh Maitias, a raibh na ceithre scór caite amach go maith aige, ar ais go hInis Toirbirt agus leagadh síos é i reilig an oileáin.   An dúchas ag glaoch ar an deoraí agus é ag dul abhaile.

Uair sa gcéad a théann sochraid go hInis Toirbirt anois.  Mar a tharla sé bhí lá breá Samhna ag Maitias Ó Tuathail ag “gabháil abhaile”.  Cuireadh é san áit a bhfuil a mhuintir.  Is é a bheadh sásta ina chroí go raibh spéir ghorm siar uaidh agus talamh treampánach an oileáin ag tabhairt cosaint dó ar feadh na síoraíochta.

Ach, ar fud Chonamara uilig, tá an spás don dream atá ag gabháil abhaile ag éirí gann; tá na reiligeacha plódaithe.  An Aoine bheag seo, beidh Comhairleoirí Contae cheantar Bardasach Chonamara ag plé an scéil.  Níl ach ábhar amháin acu ar chlár an chruinnithe atá socraithe in oifigí na Comhairle Contae i nGaillimh:  géarchéim reiligeacha i gConamara.

Sé an scéal céanna é i mórán chuile áit taobh thiar de chathair na Gaillimhe anois; is beag spás atá fanta sna reiligeacha.  Cé is moite den Líonán, áit a bhfuil reilig nua á múnlú, níl aon leigheas ar an easnamh seo.   

Bhí smaointe ag teacht ón bhfeidhmeannas i gComhairle Chontae na Gaillimhe tamall blianta ó shin gurbh fhearr forbairt a dhéanamh ar roinnt reiligeacha móra lárnacha. 

Ach, níor tugadh mórán airde air sin i measc na gComhairleoirí.  Thuig siadsan, ar an bpointe, go bhfuil stádas ar leith ag an reilig i bpobal tuaithe; bheadh sé ina chlampar dá dtriailfí an beart lárnach.

Ach tá an cheist ag éirí níos práinní.

Rinneadh forbairt an chéad lá ar go leor de reiligeacha Chonamara an-ghar don chósta nó ar thalamh treampánach cúlsráideach sléibhe.  Níl mórán spáis feiliúnach in aice leo.   Ar an gcéad iarraidh, níl mórán domhain i dtalamh Chonamara; tá an leic ag éirí ann.  Ar an taobh eile den scéal, má tá domhain ann, tagann cúrsaí draenála agus ceisteanna timpeallachta chun cinn.  Tá sin feicthe ag duine ar  bith againn atá ag plé le hiarrachtaí áitiúla. Taobh amuigh de sin uilig, d’éirigh na rialacha sábháilteachta agus sláinte níos géire in imeacht na mblianta.  Caithfidh na seirbhísí sláinte agus an Chomhairle Contae a bheith sásta anois go bhfuil nádúr na talún – sin má tá sé ar fáil – cóiriúil.

An bhfuil aon bhealach eile ann? 

Tá an créamadh ar cheann de na roghanna cé gur mionlach atá ag dul an treo sin fós.  B’fhéidir dá mbeadh tuileadh créamatóirí ann go mbeadh níos mó luí ag daoine leis an gcleachtas sin.  Ar ndóigh, bhí an Eaglais Chaitliceach in aghaidh an chréamtha ar feadh i bhfad ach tá an cosc sin caite in aer acu anois.  D’fhógair Sagart Pobail Charna i gConamara, an Canónach Pádraig Standún anuraidh gurb é a chréamadh, ach a dtiocfaidh an t-am sin, an rogha atá déanta aige féin.

Tá bealach eile ann, os cionn talún, cé gur dóigh nach bhfuil ach áit amháin a bhfeictear é seo – sin i gcathair New Orleans thíos ar chósta Loch Pontchartrain i ndeisceart na Stát Aontaithe.  Shiúil mé trí chuid de na reiligeacha seo agus mé ar chuairteanna ar an gcathair sin.  Tuamaí stroighin os cionn talún atá tógtha sna reiligeacha agus iad leagtha amach go néata le taobh cosáin.   ‘Cathracha na Marbh’ a thugtar ar na reiligeacha seo agus fógraítear iad mar áiseanna don turasóir.

Tá a bhformhór déanta go slachtmhar agus iad ornáideach – cuid acu.  Cuirtear an corp isteach san tuamba agus dúntar an doras stroighin aríst.  I gcás New Orleans, rinneadh na reiligeacha mar sin de bharr go n-éiríonn an t-uisce an-ghar d’uachtar na talún.  Lena chois sin, bhí an traidisiún seo in áiteacha sa Spáinn agus sa bhFrainc sna meánaoiseanna agus, ar ndóigh, ba as sin a tháinig go leor daoine go New Orleans i dtosach.

Ach céard a tharlaíonn nuair a éiríonn an tuamba plódaithe. An freagra: ní éiríonn an tumba plódaithe.  De bharr na teasa i New Orleans is cineál créamatóir é an tuamba agus ní bhíonn fágtha den chorp tar éis bliana ach na cnámha.  Ligtear na cnámha síos thrí spás atá fágtha san urlár agus tá an tuamba ar fáil don chéad duine eile den teaghlach.  Téann an nósmhaireacht sin ar aghaidh glúin in aghaidh glúine.

Ach ní dóigh go n-oibreodh sé anseo – fiú agus dá mbeadh glacadh leis – ar chúinsí aeráide.

Ní cosúil go bhfuil mórán de rogha ag feidhmeannaigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ach a dhul sa tóir ar thalamh; ach tá trí rud ina n-aghaidh i gConamara: cúrsaí timpeallachta; cruóg airgid agus easpa talún.  Ní scarann daoine le talamh mar a dhéantaí san aimsir a caitheamh.  Dá réir sin, d’fhéadfadh orduithe éigeantacha – an talamh a fháil gan bhuíochas don úinéir – a bheith ag teastáil agus sin rud a bhíonn údaráis áitiúla ag iarraidh a sheachaint.

Tá a ndeacrachtaí féin ag baint leis an mbeatha agus an bás.  Ach ar Oileán  Toirbirt, tá Maitias Ó Tuathail ina luí go suaimhneach agus an tAtlantach ag labhairt go hard agus go híseal ar chaon taobh dó.  Ta sé gaibhte abhaile.   

Fág freagra ar 'Ag gabháil abhaile – ach an bhfuil spás i reiligí Chonamara?'

  • Emer Ní Ronáin.

    Ní hamháin i gConamara atá ganntanas talún…ar fúd na tíre tá an ganntanas céanna.