Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí

Aindí na hÁrdteiste
An cuimhin libh Aindí na hÁrdteiste? Beidh sé ag filleadh ar Ar Son na Cúise an tseachtain seo chugainn…

Ar chuala sibh faoin mbean óg ón Rúis ar saineolaí í ar chanúint Chonamara agus Bhaile Cliath?

Chuala cuid mhaith agaibh faoin tráth seo, is dócha, óir ba é an t-agallamh físe a rinne Seán Ó Mainnín léi an físeán ba mhó ar féachadh air le seachtain anuas ar Tuairisc.ie.

Is léir ón gcomhfhreagras ar na meáin shóisialta agus ar Tuairisc.ie féin go ndeachaigh Marina i bhfeidhm ar go leor.

Maidir leis na scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain, ba é an scéal ‘35% de dhaltaí Gaeltachta ag fáil oideachais trí Bhéarla’ ba mhó a tharraing bhur n-aird.

Lean an díospóireacht faoin eolas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie faoi scoileanna Gaeltachta agus a rogha teanga teagaisc, lean sí ar aghaidh ar feadh cúpla lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt.

Ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an gníomhaí pobail agus an taighdeoir Donncha Ó hÉallaithe go raibh sé go mór in amhras faoi chruinneas fhigiúirí na Roinne Oideachais agus é den tuairim go raibh scéal na teanga i bhfad níos measa ná mar a tugadh le fios.

Spreag agallamh Uí Éallaithe Príomhoide Scoil Náisiúnta Bhearna, Máire de Balcéir, le trácht a fhágáil ar shuíomh Tuairisc.ie agus ina dhiaidh sin agallamh a dhéanamh le Cormac ag a Cúig.

Bhí an gomh uirthi gur luadh scoil Bhearna agus amhras á chaitheamh ar dhindiúirí teanga scoileanna Gaeltachta. Rinne sí cosaint láidir ar pholasaí teanga a scoile féin agus dheimhnigh gurb í an Ghaeilge teanga teagaisc na ndaltaí inti.

Bhí ‘Lón léitheoireachta do 2015‘ ar an dara scéal is mó a léadh ó thús na seachtaine, agus beidh na foilsitheoirí Gaeilge ag súil go gcuirfidh léitheoirí Tuairisc.ie an dúil chéanna i mbliana i leabhair Ghaeilge is a chuireann siad in altanna faoi leabhair Ghaeilge!

Ba é an chéad alt eile ar an liosta ná colún Sheosaimh Uí Chuaig faoi ‘Na Tráchtairí Móra agus Sinn Féin’. Pé is áil nó áin leis é, tá Seosamh i measc na dTráchtaírí Móra seo againn féin, de réir Google Analytics, pé scéal é!

Sa cheathrú háit an tseachtain seo, bhí alt stuama, íogair Alex Hijmans faoi ionsaí Charlie Hebdo.

Sa chúigiú háit ansin, bhí Ar Son na Cúise agus na ceannlínte nach bhfeicfear i 2015.

Ós ag caint sinn ar ár mbréagsheirbhís nuachta ‘Ar Son na Cúise’, an cuimhin le héinne agaibh Andy na hArdteiste ó laethanta sean-Foinse?

Bhuel, is gearr go mbeidh sé ar ais inár dteannta ag roinnt a chuid smaointe linn agus é ag tabhairt faoi aistí ardteiste ‘lá breá brothallach’!

Cloisfimid uaidh an tseachtain seo chugainn.

Amach ó na scéalta thuas, ní fada anois go seolfaimid Nuachtlitir Tuairisc.ie.

Mura bhfuil tú cláraithe linn fós, mar sin, is féidir leat é sin a dhéanamh ach gliogáil anseo. Beidh eolas roimh ré ann ar an méid a fhoilseofar ar an suíomh agus duaiseanna breátha le buachtaint. Mar sin, tapaigh do dheis!

Mar fhocal scoir, más beagán mall féin é – agus ó tharla nach rabhamar ‘ag cur do thuairisce’ ó Lá Nollag – guímid Athbhliain Faoi Mhaise ar ár léitheoirí go léir.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'