35% de dhaltaí Gaeltachta ag fáil oideachais trí Bhéarla

1,698 dalta meánscoile Gaeltachta ag freastal ar scoileanna ina bhfuil an teagasc á dhéanamh trí Bhéarla agus 29 bunscoil Gaeltachta nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

6/6/2007 Start of Leaving Cert Exams
Pictiúr: Photocall Ireland

35% de dhaltaí meánscoile atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán an Bhéarla i scoileanna Gaeltachta, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie mar thoradh ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

As na cúig mheánscoil is fiche (25) sa Ghaeltacht oifigiúil, tá sé cinn acu ina múintear ábhair trí Bhéarla, de réir an eolais ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Sa bhliain 2014, bhí 1,698 den 4,887 dalta sna meánscoileanna Gaeltachta ag freastal ar scoil ina raibh teagasc á dhéanamh trí Bhéarla.

Is iad na scoilbhlianta ar iarradh eolas lena n-aghaidh ná 2011/2012, 2012/2013, agus 2013/2014. Tá méadú beag tagtha gach bliain ó 2012 ar líon na ndaltaí i meánscoileanna i gceantair Ghaeltachta ina múintear ábhair trí Bhéarla.

Tabla 02

Lorgaíodh eolas freisin i dtaobh an liúntais a fhaigheann múinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus tugadh le fios go bhfuil an liúntas sin “iníoctha i gcás go ndéantar an teagasc ar fad trí mheán na Gaeilge”.

Cuireadh deireadh ar fad leis an liúntas do mhúinteoirí nuacheaptha i scoileanna Gaeltachta, áfach, i gciorclán de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i 2013.

Maidir le bunscoileanna na Gaeltachta, tá 29 i gceantair oifigiúla Ghaeltachta nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Ocht gcinn de scoileanna, as breis agus an 130 bunscoil sa Ghaeltacht i 2014, nach bhfuil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge in aon chor, de réir an eolais a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna ar fáil do Tuairisc.ie.

Is iad na scoileanna nach múintear aon ábhar iontu trí mheán na Gaeilge seachas an Ghaeilge féin: Scoil Náisiúnta, Dumhach Beag, Dún na nGall; Scoil Róisín, an Clochán Liath, Dún na nGall; Scoil Náisiúnta na hAcraí, Alt an Chorráin, Dún na nGall; Valley NS, Dugort, Acaill, Maigh Eo; Scoil Náisiúnta Colmcille, An Caisleán Gearr, Gaillimh; Scoil Náisiúnta Tirellan Heights (Arda Thír Oileáin), Gaillimh; Claregalway Educate Together, Baile Chláir na Gaillimhe, Gaillimh; agus Scoil Náisiúnta Caitríona Naofa, Baile Oirthir, Ceannanas, an Mhí.

Tá 21 bunscoil sa Ghaeltacht ina múintear, ar a laghad, ábhar amháin eile trí Ghaeilge seachas an Ghaeilge féin.

‘Part-Irish’ an cur síos a dhéantar ar na scoileanna seo san eolas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá formhór na scoileanna a bhfuil an lipéad ‘Part-Irish’ orthu lonnaithe i gContae Mhaigh Eo. Tá seacht gcinn acu i dTír Chonaill agus dhá cheann i gContae na Gaillimhe.

 

Fág freagra ar '35% de dhaltaí Gaeltachta ag fáil oideachais trí Bhéarla'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cuid eile den ‘Cur i gCéill’ tá faitíos orm.

    Tugtar le fios go bhfuil 19 iarbhunscoil sa Ghaeltacht Oifigiúil a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teagaisc iontu, gan aon ábhar á mhúineadh tré Bhéarla, agus go bhfuil 75% (3/4 cuid) dena bhunscoileanna sna ceantair Ghaeltachta ag teagasc go hiomlán tré Ghaeilge!
    Ceistneoinn cé ar a bhfuil na figiúirí seo bunaithe: féinmheastóireacht na bpríomhoidí?

    Deirtear sa tuairisc sin gur tugadh le fios go bhfuil an liúntas Gaeltachta, ar fiú €3,000 in aghaidh na bliana, “iníoctha i gcás go ndéantar an teagasc ar fad trí mheán na Gaeilge”. Sin é an chúis nach gcuirfinn mórán muinín sna figiúirí atá tugtha san alt seo.

    Rinne COGG tuarascáil a fhoilsiú deich mbliain ó shin a thug le fios go raibh thart ar 40% dena bunscoileanna Gaeltachta oifigiúla ag teagasc tré Ghaeilge amháin agus thart ar 15% ag usáid Gaeilge ar an gcuid is mó. Bheadh níos mó muinín agam as na figiúirí sin, cé go bhfuil siad 10 mbliain as dáta.

  • Maire de Baiceir

    Níl fhios agam cé hé an fear seo, Donncha Ó hÉallaithe, ach níl sé ag déanamh pioc maitheas do theanga na Gaeilge lena leithéad de chaint. Má tá teanga chun coinneál beo, caithfear í a spreagadh agus gan í a chúlú níos faide siar chuile cúpla bliain.
    Déanann foireann Scoil Náisiúnta Bhearna a seacht ndícheall chuile lá ar son na Gaeilge agus tá sé déisteannach duine a chloisteáil ar an radió ag úsáid focail mar “mí-ionraiceas” ag caint faoi Phríomhoidí ag freagairt ceisteanna ar fhoirmeacha oifigiúla na Roinne.

  • Páid Ó Donnchú

    Is beag duine atá bainteach le saol na Gaeltachta nach bhfuil aithne acu ar Dhonncha; agus tá an ceart aige faoin “cur i ngéill” atá ar siúil maidir leis an Ghaeilge sa gcóras oideachais, agus ní amháin ansin. Ní maitheas don teanga é a bheith mar scoil sa Ghaeltacht ag múineadh ábhar trí Bhéarla, mar atá cuid mhaith á dhéanamh. Má tá pobal ag iarradh a bheith aitheanta mar phobal Gaeltachta, nach seafóid ghlan é an scoil áitiúil a bheith ag múnadh trí Bhéarla?

    Níor chuala mé céard a bhí ráite sa raidíó, ach tá a fhios agam céard a bhíonns ag rá ag m’iníon a oibríonn i scoil Bhearna ó am go chéile. É sin ná go bhfuil an Ghaeilge, agus mórán an Ghaeilge amháin, a bhíonns á rá i measc múinteoirí, foireann oibre agus daltaí na scoile.

    Faraor géar, nach mbíonn scoileanna eile sa Ghaeltacht chomh dílis don seanteanga agus a mbíonn scoil Bhearna. É sin ráite, tá sé thar am iasc agus feoil a dhéanamh idir na scoileanna Gaeltachta a múineann trí Ghaeilge agus na scoileanna nach múineann. Agus tosaíonn an t-ionraiceas ní sa seomra ranga ach sa seomra foirne i mo thuairimse.

  • Maire de Baiceir

    Ní raibh orm ach ceist a chur ar m’athair chun fháil amach cé hé Donnchadha Ó hÉallaithe, a Pháid. Ach ní mise an t-aon duine amháin de m’aois le Gaeilge gan mórán eolas ar an bhfear.
    An pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná nach bhfuil aithne ar bith agam air i mo shaol proifisiúnta ná sóisialta – agus mar sin, níl eolas dá laghad aige ar an gcóras i mBunscoil Bhearna agus ní chóir go mbeadh sé ag gáire ar an radió faoin ráiteas: “Gaeilge ar bith sa mbunscoil i mBearna”. Ba chóir dó a chuid obair bhaile a dhéanamh roimh ráitéisí ginearálta a rá ar an radió agus tuairimí mí-cheart a thabhairt don lucht éisteachta.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní thuigim cén fáth a bhfuil tú spréachta liomsa a Mháire. Cuireadh ceist orm faoi dhó ar an gclár ‘céard faoi Bhearna?’ agus d’fhreagraíos ‘cuir ceist ar an bpríomhoide’. Dúras é sin mar nach bhfuil aon eolas ‘dá laghad agam’ faoin teanga teagaisc i Scoil Bhearna. Tá eolas maith agam ar na scoileanna eile i gCois Fharraige, mar bím isteach is amach astu sách minic.

    Má cheapann Máire gur chuir mé aon cheo i leith Scoil Bhearna, tá dul amú uirthi. Mholfainn di, éisteacht ar ais leis an gclár aríst. Níl aon dabht orm ach go bhfuil foireann Scoil Náisiúnta Bhearna ag déanamh ‘a seacht ndícheall chuile lá ar son na Gaeilge’ mar a dúirt sí féin ar an dtrácht thuas agus ní fhéadfadh sé a bheith éasca, agus a laghad Ghaeilge á usáid sa bpobal. Molaim iad dá réir.

  • Maire de Baiceir

    An rud is mó faoin agallamh ar an 6ú a chuir isteach orm, a Dhonncha, ná an chaoi a thosaigh tú féin agus Cormac ag gáire díreach tar éis dó an téacs faoi bhunscoil Bhearna a léamh amach.
    Go raibh maith agat, ar aon nós, as an míniú thuas ar rudaí eile ó d’agallamh.