Charlie Hebdo: cairdeas an chosaint is fearr

Ní leor seasamh le chéile faoin mana #jesuischarlie - tá rud éigin faoin mana sin a deir: ‘ach ní tusa Charlie’. Caithfear a chinntiú nach leathnóidh an deighilt idir ‘iadsan’ agus ‘sinne’.

6383608431_5cea9fd780_z

Cén freagra is féidir a thabhairt ar an gcoir uafásach a tharla in oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras inné?

Ar cheart na cartúin aoracha den fháidh Mohammed a athfhoilsiú ar son saoirse na tuairimíochta (mar a rinne roinnt nuachtáin ar an mór-roinn inniu, in ainneoin nach bhfoilseoidís a leithéid go brách roimh eachtraí an lae inné)?

Ar cheart ionsaithe a dhéanamh ar mhaoin an phobail Mhoslamaigh (mar a tharla i ndeisceart na Fraince ar maidin)?

Ar cheart dul amach ar an tsráid le comhartha ‘Je suis Charlie’ i do lámh (mar atá á dhéanamh ag na mílte duine ar fud an domhain), nó b’fhéidir smaoineamh sollúnta éigin a chaitheamh isteach sa cíbearspás agus an mana #jesuischarlie a chur leis?

Níl a fhios agam. Ó chuala mé an nuacht inné tá mo mhachnamh déanta agam ar na freagraí seo ar fad ar uafás an lae inné i bPáras.

Sa deireadh, rith sé liom nach bhfuil ach freagra amháin ann.

Cuirfidh athfhoilsiú na gcartún, manaí ar nós #killallmuslims (mar a bhí le feiceáil ar na meáin shóisialta inné) breis ola ar an tine.

Tabharfaidh mórshiúlta síochánta agus manaí ar nós #jesuischarlie faoiseamh gearrthréimhseach éigin dár gcroí, ach ní réiteoidh siad an fhadhb. Agus tá rud éigin faoin mana sin a deir: ‘ní tusa Charlie’.

An t-aon bhealach chun dul i ngleic le hantoisceachas Moslamach – nó go deimhin le hantoisceachas de chineál ar bith – ná plé stuama, gan eagla, gan ghéilleadh, leo siúd atá faoi anáil fhealsúnacht an fhuatha. Agus na cúinsí is cúis leis an bhfuath sin a ruaigeadh.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil ról ar leith anseo don phobal Moslamach ar fud an domhain; is ina measc siúd atá an t-antoisceachas áirithe seo tagtha chun cinn agus is luaithe a aithneoidh gaolta agus cairde síolta an oilc i mac, iníon, deartháir, deirfiúr nó cara ná mar a d’aithneodh duine ón taobh amuigh iad.

Ach tá ról anseo dúinn ar fad, mar shaoránaigh de chuid na hEorpa agus go deimhin de chuid an domhain. Seo é: a chinntiú nach leathnóidh an deighilt idir Moslamaigh agus an chuid eile den domhan, idir ‘iadsan’ agus ‘sinne’, a thuilleadh. Tús maith a bheadh ann, fiú amháin, dá dtosóimís ar fad ag rá ’maidin mhaith’ le daoine a bhaineann le pobail eile.

Cén saghas freagra meata é sin, a deir tú? Tá dáréag iriseoirí marbh agus tá tú ag rá linn gur cheart dúinn meangadh gáire agus mionchaint a dhéanamh?

Is ea go díreach. Níl de leigheas ar uafáis den chineál a tharla i bPáras inné ach iarracht a dhéanamh iad a chosc – i bhfad roimh ré, sula gcothaítear fuath i gcroí duine a mhothaíonn go bhfuil sé féin, nó a phobal, á scaradh amach ón tsochaí.

Tá sé i bhfad níos deacra urchar a chur i mblaosc duine a bheannaíonn duit ná i mblaosc duine a ligeann air féin nach ann duit.

Fág freagra ar 'Charlie Hebdo: cairdeas an chosaint is fearr'

  • Darren Ó Riagáin

    Alt iontach ar fad a Alex. Tá doimhneacht feasacht ins an méid atá scríofa agat thuas ní mór do gach duine amharc air. Séard is sprioc d’aon sceimhlitheoir a dhéanfadh rud éicint mar a bfhacaidh muid inné ná chun driopás a bhualadh leis an dream atá siad ag ionsaí ionas go ndéanfaidh siadsan athionsaí agus go n-ardóidh an tachrann aríst. Sé an fhaitíos agus an t-aineolas sin atá dhá thaispeáint anois atá siad ag iarraidh a chothú agus cur chun cinn.

  • Darragh O'Keeffe

    Alt den scoth agus ‘súil eile’ ar an scéal seo , mar a dearfá.

  • Sionainn Ní Ghréacháin

    Aontaím le Darragh a deir go bhfuil “súil eile” ar an scéal seo. Léiriú an-suimiúil!

  • Ruth Ní Shiadhail

    Maith thú, a Alex. Níor chóir daoine a ghríosú chun fuatha ná tabhairt le fios go bhfuileamar ag glacadh leis na tuairimí atá nochtaithe ag daoine ar na meáin shóisialta le déanaí. Déanaimis uilig gearán an duine leis na cuideachtaí móra ionas go mbainfidh siad tuairimí mar seo dá leathanaigh!

  • Maire de Baiceir

    Alt iontach, le smaoineamh simplí ach éifeachtach – is iad na heachtarí beaga laethúla a tharlaíonn i saoil an duine a dhéanann an méid is mó difríocht dá dhearcadh ar an saol agus é/í ag fás aníos.

  • Fearn

    Ní ag ceasacht ar Aleics atá mé, ach ní thagaim leis:

    @ jesuischarlie …… Agus tá rud éigin faoin mana sin a deir: ‘ní tusa Charlie’.

    Ní hionann dlúthpháirtíocht a mhaíomh le aon rud agus fógairt a thabhairt go bhfuil daoine ar deighilt. Smaointe difriúil, cinnte, nach bhfuil mór againn, cinnte, ach níl sin le rá go bhfuil daoine ar deighilt
    Dar liom, tá Je suis Charlie a rá gur mór agam cead aighnis agus is beag agam a tharla don iris.

    Agus deir sé
    @An t-aon bhealach chun dul i ngleic le hantoisceachas Moslamach – nó go deimhin le hantoisceachas de chineál ar bith – ná plé stuama, gan eagla, gan ghéilleadh, leo siúd atá faoi anáil fhealsúnacht an fhuatha. Agus na cúinsí is cúis leis an bhfuath sin a ruaigeadh.

    Ceart, ach sílim nach mbeadh sé ina antoisceachas dá raibh plé stuama idir camánaibh. Ba cheart milleadh faoin fhealsúnacht acu, cinnte, ach an mbeadh siad ag éisteacht?
    B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na seanfhocal: Druid suas le fear na buíne, agus gheobhaidh tú síocháin.
    Níl fhios agam faoi plé stuama, ach is dual “druideadh suas” le haintoiscigh.

    Sláinte is beatha