Lón léitheoireachta do 2015

Má tá fút cúpla leabhar Gaeilge a cheannach i mbliana, ní bheidh aon ghanntanas ábhair ort

Leabhar na Bliana 2015

Cló Iar-Chonnacht

Tá dhá bhliain déag ann ó foilsíodh an cnuasach deiridh gearrscéalta do dhaoine fásta le Micheál Ó Conghaile agus is fada saol na Gaeilge ag fanacht leis an gcéad cheann eile. Níl aon amhras ach go mbainfear adhmad as cuid de na téamaí is ansa leis an gConghaileach sa leabhar Diabhlaíocht Dé, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht, agus an greann dorcha osréalach úd a chleachtann sé ina orlaí tríd.

Beidh líníochtaí le Seán Ó Flaithearta sa leabhar freisin.

Ó na 1940idí ar aghaidh, bhí Sáirséal agus Dill ar cheann de na foilsitheoirí Gaeilge ba bhisiúla agus ab inspioráidí in Éirinn. Shocraigh foireann Chló Iar-Chonnacht a dtionchar a chíoradh sa leabhar Sáirséal agus Dill 1947—1981: Scéal Foilsitheora.

Tráth a raibh foilsitheoirí eile ag déanamh neamhshuime de chothú na nualitríochta agus iad faoi dhraíocht ag aistriúcháin ón mBéarla, bhí Sáirséal agus Dill ag spreagadh leithéidí Sheáin Uí Ríordáin, Mháirtín Uí Chadhain agus Mháirtín Uí Dhireáin chun dul i mbun pinn.

Chomh maith le scéal an fhoilsitheora féin a insint, beidh réimse leathan grianghraf, comhfhreagrais, conarthaí foilsitheoireachta agus saothar ealaíne atáirgthe sa saothar seo.

ByH7o0UIAAAY0t4Is cuimhin linn go léir ‘The Famous Five’, is dócha.

Tá insint ar a gcuid eachtraíochta anois ar fáil i nGaeilge, a bhuíochas sin do na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, atá tar éis ‘An Cúigear Cróga’ a bhaisteadh ar an mbuíon chéanna.

In Tráthnóna Díomhaoin (Aist. Máirín Ní Ghadhra), tá scal teasa ann, agus tá an Cúigear ag caitheamh an lae go díomhaoineach… ach is fada uathu an suaimhneas a raibh siad ag súil leis! Céard atá ar siúl ag fir na ngluaisrothar? Agus cé a chuirfidh stop leo?

In Maith Thú, a Timmy (Aist. Gormfhlaith Ní Thuairisg), nuair a fheiceann an Cúigear buachaill á fhuadach ar an trá, téann siad ar a thóir. Ach cár chuir na fuadaitheoirí i bhfolach é? An mbeidh ar chumas Timmy é a aimsiú?

Futa Fata

I measc na leabhar nua atá le foilsiú ag Futa Fata i mbliana tá Ná Gabh ar Scoil!, Galánta, agus Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal.

Dírithe ar pháistí idir 3 bliana agus 6 bliana d’aois atá Ná Gabh ar Scoil! le Máire Zepf.

Tá Tomaí réidh le tabhairt faoina chéad lá ar scoil. Tá na criáin aige. Tá na bróga nua aige. Tá an bosca lóin aige. Ach tá fadhb mhór amháin ann – níl Mamaí ag iarraidh go n-imeoidh sé!

Seo an chéad phictiúrleabhar ón scríbhneoir seo aduaidh a bhfuil úrscéalta dá cuid foilsithe cheana ag Cois Life agus ag Cló Mhaigh Eo. I mí Iúil a fhoilseofar é.

galántaDóibh siúd atá cúpla bliain níos sine, tá Galánta, le Frank Cottrell Boyce (Feabhra 2015), atá dírithe ar pháistí idir 10 mbliana d’aois agus dhá bhliain déag d’aois.

Níl aird ag duine ar bith ar Rónán agus is beag cara atá aige sa saol. Ach nuair a thugann Daideo seanbhuidéal lóis iarbhearrtha dó a bhfuil Galánta mar ainm air, baineann sé triail as. Is gearr go mbíonn gach cailín sa scoil ag rith ina dhiaidh! (Feabhra 2015).

Níos faide anonn sa bhliain, gheobhaimid blaiseadh de ‘fíodóireacht’ an fhile Raiftearaí i leabhar nua le Tadhg Mac Dhonnagáin

Mise RaiftearaíBeathaisnéis an fhile a rugadh i gCill Liadáin i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1779 atá sa leabhar Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal. Fear ba ea Raiftearaí a chaith formhór a shaoil ag siúl bhóithríní oirthear Chontae na Gaillimhe. Féachann an saothar seo le scéal an fhile chaoin, chantalaigh, chasta a insint, ó bhreith go bás, agus le cur síos a dhéanamh ar imeachtaí móra a linne, imeachtaí a spreag chun cumadóireachta é. I Meán Fómhair na bliana seo a fhoilseofar é.

Cois Life

I_Measc_Vaimpírí-WebAr na leabhair a thiocfaidh ó cheárta Cois Life i mbliana tá I measc vaimpírí úrscéál le hOrna Ní Choileáin do dhaoine óga 10-13 (Márta 2015).  Sa tríú leabhar den tsraith seo tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó, áitiú air triail a bhaint as cónra?

Tá cuma ríshuimiúil chomh maith ar Íbíotsa cnuasach gearrscéalta le Labhrás Ó Finneadha. Gealltar dúinn go dtabharfaidh an saothar seo go hÍbíotsa sinn agus é ar fad romhainn amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; agus tonnadh chun na síoraíochta. Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin atá geallta sa chéad leabhar ficsin le Ó Finneadha. Ag tús na Bealtaine a fhoilseofar é.Íbíotsa-Web

Beifear ag súil chomh maith i mbliana le Aois Fir leis an údar bisiúil ildánach Liam Ó Muirthile. Saothar do dhaoine óga 16+ agus do dhaoine fásta atá sa scéal seo faoi gharsún sna déaga luatha a chaitheann teacht in aois fir gan choinne. Scéal farraige, seoltóireachta agus bádóireachta ar chósta thoir theas na hÉireann, a ghealltar agus i lár mhí Mheán Fómhair a fhoilseofar é.

An Gúm

DrubalNí maith le Seán, Róisín ná le Maggie a bheith i dtrioblóid lena dtuismitheoirí i Drubal le Maolíosa Ní Chléirigh. Kieron Black a mhaisigh an scéal seo faoi mhadra bocht ar a leagtar an locht as na rudaí dána ar fad a dhéanann na gasúir féin!

Filleann an feall ar an bhfeallaire, áfach, agus tarlaíonn rud nach raibh coinne ag na páistí leis ar chor ar bith. Gabhann CD fuaime leis an leabhar.

HubertNuair a mhúsclaíonn Gearaí ar maidin sa scéal Hubert (Caitríona Hastings a scríobh, Sheena Dempsey a mhaisigh) tá spotaí dearga air ó bharr go sáil. Tá an deilgneach air agus caithfidh sé fanacht abhaile ón scoil gan cuairteoir ar bith ar feadh cúig lá, ach níl ansin ach tús na heachtra…

Sraith de cheithre leabhar ó pheann Tatyana Feeney atá in Ainmhithe Óga! ina n-insítear scéalta barrúla faoi rudaí a dhéanann páistí óga. Gealltar go gcuirfidh na leabhair seo, a mhaisigh Feeney féin, gliondar ar thuismitheoirí agus ar pháistí araon.

Coiscéim

Macallaí na Cásca 10Is é Macallaí na Cásca 10 – Anois nó Riamh: An tÉirí Amach i Laois ó Dhomhnach Chásca 1916 le Micheál Grae an chéad ghála eile sa tsraith aistí Macallaí na Cásca ar cuireadh tús léi sa bhliain 2006 le sé leabhar; 1916: Leathréabhlóid – Paradacsa ait na Gaeilge le Tomás Ó Síomóin; Ó Thoirtis go Tíogar le hAntóin Ó Muircheartaigh; In Eagmais Uí Chongaile le hAindrias Ó Cathasaigh; Na Priompalláin le Pádraig Ó Snodaigh; Loch Garman agus Éirí Amach1916 le Risteárd de Róiste; agus An Réabhlóid mar Ghníomh Dínite le Alan Titley (2007).

Sraith atá ann a thugann tuiscint bhreise stairiúil don léitheoir ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus ar an tréimhse a bhain leis. Tá cur síos anseo ar ghaiscíocht Óglaigh Laoise, a chuir tús leis an réabhlóid, agus go háirithe imeachtaí réabhlóideacha athair an údair a ghlac ballraíocht leo i 1914.

2015.03antiogarGearrscéal do leanaí atá in An Tíogar agus a Mhadra le Mícheál Ó hUanacháin.

Scéal é faoin tíogar Tadhg, atá an-mhór le Ian an madra.

Dúisíonn Tadhg ar maidin agus níl a chara Ian le feiceáil. Téann Tadhg bocht ar seachrán agus é á lorg agus déantar cur síos mion ar na heachtraí a bhaineann dó le linn a thóraíochta sa leabhar.

Maisithe go gleoite ag Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta ar Cormac ag a Cúig ar RnaG.

Deirtear go bhfuil an an leabhar seo an-oiriúnach do pháistí óga ó 4-5 bliana d’aois ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Lón léitheoireachta do 2015'

  • Fearn

    Ababú! Chuir siadsan uisce le mo bhéal.