Ag caint leis an gCinsire deiridh, Sheamus Smith

Thug Sheamus Smith post an Chinsire suas chun dáta agus ba thréimhse stairiúil ann féin an tréimhse a chaith sé sa bpost.

Ag caint leis an gCinsire deiridh, Sheamus Smith

Sheamus agus an bhanphrionsa Grace Kelly

Bhí níos mó ná Cinsire amháin sa tír seo san am a caitheadh. Bhí bealaí éagsúla cliste ag daoine lena chinntiú nach bhfaca an pobal aon rud nach raibh ‘feiliúnach’ dóibh. Is cuimhin liom i mo scoil féin, go n-imíodh an scannán as fócas aon uair go mbíodh Elvis Presley le bean óg dhathúil a phógadh. Bhí an bhean rialta a bhí i mbun an teilgeora ar an airdeall ar son ár moráltachta i gcónaí.

Tháinig bean chugam ag deireadh na hoíche nuair a chuir mé agallamh ar an gCinsire deiridh Sheamus Smith, i mBealach a’Doirín coicís ó shin. Mheabhraigh sí dom go raibh a mbealach féin ag lucht na pictiúrlainne ar an mbaile sin fadó.

‘Bhíodh fear i mbun an teilgeora a raibh hata aige agus aon uair a mbíodh ‘mí-iompar’ ar an scáileán, tharraingíodh sé amach a hata agus chuireadh os cionn an lionsa é chun an pictiúr a bhlocáil.’

Bhí an halla i gColáiste Naomh Naithí lán go doras agus daoine ag súil go mór le scéalta Sheamus Smith a chloisteáil agus blúiríní scannán a fheiceáil, le linn na Féile Ealaíne i mBealach a’Doirín.

Tháinig deireadh le cinsireacht ar scannáin in Éirinn nuair a d’éirigh Sheamus Smith as a chúram sa mbliain 2002. Tugadh ‘rangú’ scannán ar an obair ina dhiaidh sin – is é sin, tugadh stádas de réir aoise do na scannáin. Níor thaitin an teideal ‘Cinsire’ riamh le Sheamus agus rinne sé a dhícheall fáil réidh leis ón uair a ceapadh é i 1986.

Ar ndóigh duine ón mbaile é Sheamus agus tá gaolta leis fós ina gcónaí ansin. Tá cuimhní láidre aige óna óige agus toisc go dtugann sé cuairt ann go minic, tá aithne mhaith ag daoine air.

Bhí muintir Smith bogtha go Baile Átha Cliath agus socraithe síos ann nuair a bhuaigh Maigh Eo Craobh Uile-Éireann sa pheil i 1951. Ar ndóigh d’imir fir Bhealach a’Doirín i gcónaí ar fhoireann Mhaigh Eo. Is cuimhin le Sheamus castáil leis an gcaptaen Seán Flanagan agus é fós ina éide imeartha, agus cuidiú leis Corn Sam Mhig Uidhir a iompar ó Pháirc an Chrócaigh chomh fada le Óstán Barry i Sráid Pharnell.

Bhí suim ag Sheamus i gcónaí sa ghrianghrafadóireacht. Thug a ghairm bheatha é ar fud an domhain. Thosaigh sé mar ghrianghrafadóir nuachtán i mBaile Átha Cliath, ansin d’imigh sé anonn go Ceanada agus thosaigh sé ag obair sna scannáin ansin agus i Hollywood le Walt Disney.

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn, fuair sé post i ‘Telefís Éireann’ agus le linn a thréimhse ansin, d’oibrigh sé le cláracha talmhaíochta chomh maith le cláracha cúrsaí reatha. Bhí sé cairdiúil le daoine ar nós Justin Keating agus Muiris Mac Conghail a bhí ag obair ar na cláracha sin. Bhí sé sin ina chuidiú aige blianta ina dhiaidh sin – ach tiocfaidh mé chuige sin.

Bhí sé ar dhuine de na léiritheoirí ar an gclár cáiliúil 7 Days i 1969 nuair a scrúdaigh siad fadhb an ‘iasachtú airgid’. Clár é sin a tharraing conspóid agus bhí Binse Fiosraithe mór poiblí faoi.

Ach ní ar fhadhb mhór shóisialta an iasachtaithe airgid a díríodh, ach ar an gcaoi ar úsáid an clár radharcanna athchruthaithe agus radharcanna ó cheamaraí ceilte. Chaill an craoltóir cáiliúil Bill O’Herlihy a phost mar gheall air. Chuaigh sé le craoltóireacht spóirt agus b’in scéal eile, ar ndóigh.

 

Sheamus agus Indira Gandhi

Ina dhiaidh sin, bhí tréimhse an-chruthaitheach ag Sheamus mar léiritheoir neamhspleách. Bhí sé an-mhór leis an aisteoir/léiritheoir Peter Ustinov agus bhí smaoineamh acu go ndéanfaidís sraith cláracha le daoine mór le rá ar fud an domhain. Ní raibh pingin rua acu don tsraith fós nuair a chuir Sheamus scéala chuig Indira Gandhi, a bhí ina Príomh-Aire ar an India ag an am, an bhean ba chumhachtaí ar domhan.

Shíl sé go dtógfadh sé roinnt seachtainí nó míonna fiú, sula bhfaigheadh sé freagra. Ach tháinig freagra ar an toirt. Bheadh fáil uirthi seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, dá bhféadfaidís teacht go dtí an India, áit a raibh sí i mbun toghchánaíochta.

Baineadh siar as Sheamus agus Peter Ustinvov. Ach bhí cara sa gcúirt ag Sheamus – chuaigh sé caol díreach chuig a sheanchara Muiris Mac Conghail in RTÉ.

‘Cé mhéad a theastaíonn uait?’ a d’fhiafraigh seisean agus thug sé suim dóibh a chlúdaigh a gcuid costas tosaigh. Bhíodar in ann dul chuig an India.

Chaitheadar cúpla lá ag scannánaíocht in éindí léi agus an mhaidin áirithe seo, bhíodar le hagallamh a chur uirthi ina gairdín príobháideach féin.

‘Céard a chaithfeas mé?’ a d’fhiafraigh sí de Sheamus ar an teileafón. ‘Caith an sari buí a bhí ort an lá cheana,’ a d’fhreagair seisean.

Bhí seisean agus an criú ag fanacht ag an mbord beag sa ghairdín nuair a shiúil sí amach an doras tosaigh.

Ar an toirt, tháinig a beirt ghardaí pearsanta amach os a comhair agus mharaíodar í. Daoine den chreideamh ‘Suíceach’ a bhí iontu agus dúradh go raibh an ghráin ag an dream sin uirthi ón uair a cheadaigh sí ruathar marfach ar an teampall cáiliúil Suíceach in Amritsar.

Scéal mór domhanda uafáis a bhí ann agus cuireadh Sheamus agus a chriú faoi choinneáil ar feadh cúpla lá de bharr go rabhadar chomh gar don láthair.

D’éirigh leo an tsraith a chríochnú ina dhiaidh sin agus fuaireadar daoine ar nós Rí Hussein na hIordáine, iarPhríomhaire na Breataine Ted Heath agus roinnt mhaith eile le páirt a ghlacadh ann.

Cheap an Rialtas é mar Stiúrthóir ar an Stiúideo Náisiúnta Scannán san Ard Mór ina dhiaidh sin. Ba é a sheanchara ó RTÉ, Justin Keating, a bhí faoin tráth sin ina Aire Rialtais a cheap é.

D’éirigh sé cairdiúil le John Boorman agus go leor eile a rinne scannáin sa stiúideo sin. Le linn a thréimhse á stiúradh agus roimhe sin mar léiritheoir neamhspleách chuir sé aithne ar dhaoine cáiliúla i Meiriceá agus san Eoraip. Bhí an-aithne aige ar an mbanphrionsa Grace Kelly, ar an scríbhneoir Graham Greene, agus ar an iliomad aisteoir ó shaol na scannán.

Nuair a ceapadh é ina Chinsire, bhí sé ag teacht i gcomharbacht ar dhream a bhí thar a bheith coimeádach. Ba é an craoltóir Frank Hall a bhí ann roimhe agus bhí seisean an-choimeádach freisin. Chuir seisean cosc ar The Life of Brian, le muintir Monty Python. Ba le linn réimeas Sheamus a cuireadh deireadh leis an gcosc i 1987.

Ní mórán scannán ar chuir sé féin cosc leo – seachas is dócha, an phornagrafaíocht ach níor cuireadh mórán acu sin os a chomhair. Ach chuir sé cosc ar Natural Born Killers le Oliver Stone toisc an oiread sin maraithe agus fola a bheith ann, tráth a raibh marú agus fuil i dTuaisceart Éireann chuile lá, a dúirt sé.

Tharraing The Last Temptation of Christ le Martin Scorsese conspóid mhór freisin – fuair sé litreacha casaoide agus thug lucht na hEaglaise Caitlicí amach faoi – cé nach raibh an scannán feicthe acu. Ba chuma leis – cheadaigh sé é.

Chuir sé eireabaillín leis an gcead do Michael Collins le Neil Jordan – bhí cead ag daoine óga freastal air dá mbeadh tuismitheoir in éindí leo – agus go heisceachtúil, chuir sé an cead sin ar an bpóstaer. Cheap sé go raibh an t-uafás brúidiúlachta sa scannán, ach go raibh tábhacht stairiúil leis.

Thug Sheamus post an Chinsire suas chun dáta agus ba thréimhse stairiúil ann féin an tréimhse a chaith sé sa bpost.

Ba mhór idir é agus an chéad fhear a ceapadh, James Montgomery, a dúirt sé gurb iad na ‘Deich nAitheanta’ a bhí mar shlat tomhais aige féin. Nó an Cinsire eile a cheap gur drochshampla a bhí sa radharc idir Ilsa agus Rick agus iad i bPáras sa scannán Casablanca agus ghearr sé amach go hiomlán é.

Rud a rinne scéal áiféiseach den chuid eile den scannán: ‘We’ll always have Paris.’ Bhuel ní raibh sé againn agus b’in sin!

Fág freagra ar 'Ag caint leis an gCinsire deiridh, Sheamus Smith'