Ag bóisceáil faoi bhranda na mBeckhams

An iomarca den laochadhradh atá againn in ‘Beckham’ seachas saothar a thugann cuntas ionraic idir chraiceann agus chnámha

Ag bóisceáil faoi bhranda na mBeckhams

Clár faisnéise a thabharfaidh an fhírinne idir chraiceann agus chnámha nó laochadhradh? Sin í an cheist a bhí ag dó na geirbe agam agus na ceithre chlár sa tsraith faisnéise Beckham á slogadh agam ó Netflix. Taibhsíodh dom luath go maith gur an iomarca den dara cúrsa a bhí i gceist leis an tsraith. Níor chabhraigh sé gur comhlacht léirithe le Beckham a bhí i mbun na hoibre, díreach mar a bhí Michael Jordan sáite i ndéanamh the The Last Dance.

Níl a fhios agam an chun leasa an lucht féachana é go mbeadh doiléireacht sa difríocht idir an rud atá dírbheathaisnéiseach agus claonta agus an saothar atá beathaisnéiseach agus neamhchlaonta.

Bíodh sin mar atá is cinnte go mbainfidh lucht an tsacair, muintir Mhanchain Aontaithe ach go háirithe, súp as an tsraith. Táimid ar maos le saothair in iomaire na gcláracha faisnéise spóirt agus tá sárshaothair amhail The Last Dance, Formula 1: Drive to Survive agus Welcome to Wrexham i ndiaidh an lucht féachana a chur fé dhraíocht.

Cuireadh meascán mearaí de chloigne cainte fé agallamh in Beckham, an fear é féin agus a bhean Victoria, Alex Ferguson, Roy Keane, Paul Scholes, Figo, Eirc Cantona, Ronaldo na Brasaíle, tuismitheoirí Beckham agus a thuilleadh eile nach iad. Go deimhin bhí paiste beag againn ó Anna Wintour, léiriú ar an saol ildánach atá caite ag Becks.

Sé Fisher Stevens (Hugo ó Succession) a bhí i mbun an léirithe agus na n-agallamh. Is dóigh liom gur chuir a chur chuige neamhfhoirmiúil, magúil, éadromchroíoch go mór leis an tsraith.  Is é a bhí deas ar na hagallaithe a chur ar a gcompord.

Ar an taobh eile den scéal seachnaíodh go hiomlán aon rud a raibh blas na conspóide air. Tagraíodh do na scéalta go raibh caidreamh ag Beckham le Rebecca Loos, ní labhraíodh fúthu áfach, ní luadh ainm na mná fiú. Níor deineadh aon tagairt ach an oiread dá chuid oibre do Chatar.

‘The Kick’ an teideal atá ar an gcéad chlár, tagairt don chúl iontach a fuair sé ón líne lár páirce i gcoinne Wimbledon i 1996 agus an cic fánach a thug sé do Diego Simeone i gCorn an Domhain i 1998; gníomh a thuill cárta dearg dó mar aon le fuath lucht leanta an tsacair i Sasana. Díríodh cuid mhaith ar iarmhairtí an chic sin.

An drochíde fhíochmhar leanúnach a tugadh dó. Is cinnte nach raibh sé féaráilte agus gur fhág sé lorg air go dtí an lá atá inniu ann. Sleamhnaíodh uaidh sin isteach sa ghéarleanúint a dhein na meáin orthu, rud eile nach raibh cuí. Mar sin féin bhí siad féin ábalta agus toilteanach aird na meán a mhealladh nuair a d’oir sé. Tá sé deacair dá réir a bheith ag cnáimhseán faoi easpa príobháideachais.

Tréith láidir eile a rith tríd an gclár ná an caidreamh le Alex Ferguson agus an tslí gur athraigh agus gur lagaíodh an caidreamh sin. Ní raibh Ferguson in ann saol Beckham a thuiscint agus cheap sé go raibh an bús ar fad ag cur as don obair pháirce. B’fhéidir go raibh an ceart aige. An rud a rith liom ná cé chomh cruachroíoch a bhí sé agus é ag labhairt faoin faoin bhfear seo a bhí faoina chúram óna óige.

Ba léir go bhfuil an-ghean ag David ar Alex i gcónaí. Níor léir dom go bhfuil an gean céanna ag Alex air, b’fhéidir go raibh léamh difriúil acu ar an gcaidreamh ón gcéad lá. Níor labhair sé leis nuair a sheol sé an doras amach é chuig Madrid, fiú. Caidreamh gnó a bhí ann. D’fhéadfaí a rá gur saothar gnó é seo atá ag iarraidh branda na mBeckhams a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Ag bóisceáil faoi bhranda na mBeckhams'