Níor chaith Clare Daly ná Mick Wallace fiú oíche amháin i bpríosún, mar gheall ar neamhíoc na fíneála a gearradh orthu tar éis agóide in Aerfort na Sionna.
B’fhaide an tréimhse a chaith an bheirt ar an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Príosún Luimnigh ná an t-am a chaitheadar laistigh. Níl míniú tugtha fós ag an tseirbhís phríosúin ar an turas áiféiseach seo, ná ar an bhfáth nár cuireadh tús agus críoch lena gcoinneáil i bPríosún Mhoinseó.
Ainneoin an chuir amú ama agus airgid, tharraing turas gairid na beirte go Fallaí Luimnigh (cornphíopa nó rince nua ag teastáil) aird arís ar aerfort na Sionna agus ar theacht agus imeacht na n-eitleán míleata Meiriceánach.
Ainneoin é a bheith ráite ag Frances Fitzgerald cúpla uair le gairid nach bhfuil aon fhaisnéis ag na Gardaí go bhfuil ionsaí ar Éirinn beartaithe ag leithéid ISIS, is léir an chontúirt go n-íocfar praghas lá éigin ar chead tuirlingthe an rialtais.
Ní cóir róbhéim a chur ar an gcontúirt don tír seo. Níl Éire rannpháirteach i gcogadh, agus is ar mhaithe le síocháin atá Éireannaigh ag saighdiúireacht sa Liobáin agus ar Arda Golan. Ach chuir Clare Daly agus Mick Wallace i gcuimhne dúinn go bhfuil ár rialtas ag tacú ar bhealach indíreach le fórsa míleata atá i mbun cogaidh i gcónaí sa Mheán-Oirthear. Ní féidir agairt díoltais a chur as an áireamh.
Ní baol gan choinne atá faoi chaibidil thuas, ach is beag duine a shíl tar éis an áir i San Bernardino sna Stáit inar maraíodh cheithre dhuine dhéag go ndúiseodh fear le folt fionn bréige (sílim) ábhar achrainn a bhain le ceantar eile i gcontae an Chláir.
Tá Donald Trump chun cinn i gcónaí sa rás i gcomhair ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh do thoghchán uachtaránachta na Stát i 2016. Cháin scata iarrthóirí eile ráiteas inar mhol sé nach gceadófaí Moslamaigh isteach sna Stáit Aontaithe. Dar le Jeb Bush go raibh Trump as a mheabhair. Ach tá tacaíocht Trump chomh láidir i gcónaí, ainneoin (nó b’fhéidir mar gheall ar) a ndúirt sé.
Is ar chúis mhór amháin a thuilleann místuaim agus mífhreagracht Trump aird ar an taobh seo den Atlantach – an teach ósta agus an galfchúrsa lena ais sa Dún Beag i gcontae an Chláir atá ceannaithe, athchóirithe agus, go deimhin, athbhaiste aige:
“Trump International Golf Links & Hotel Ireland (formerly the Lodge at Doonbeg) awaits travelers* with spacious accommodations, fine amenities and discreet service.”
B’fhéidir nach ndéanfar aon cheangal idir caint nimhiúil Trump sna Stáit agus a óstán cúig réalt ar chósta an Chláir. Ach ná cuir as an áireamh é.
Tá Moslamaigh Mheiriceá ag eirí faiteach ó d’inis Trump a chéad bhréag mhór fúthu dhá mhí ó shin; go raibh Moslamaigh i New Jersey ag ceiliúradh agus iad ag breathnú ar thúir an World Trade Center ag titim go talamh i 2001.
Níl fianaise ar bith ann gur tharla a leithéid, ach ba léir gur chreid sciar suntasach den phobal thall an bhréag. Chuaigh an scéal in olcas tar éis do bheirt Mhoslamach ceithre dhuine dhéag a mharú i San Bernardino coicís ó shin. Caitheadh clocha agus buamaí peitril le moscanna in áiteanna éagsúla, agus rinneadh bagairt de chineálacha éagsúla ar Mhoslamaigh.
Níor ghríosaigh Trump duine ar bith riamh chun foréigin, ach is féidir gríosadh suarach indíreach a chur ina leith, fearacht Ian Paisley fadó ó thuaidh.
Nuair a labhair mé le duine de cheannairí phríomheagraíocht Ioslamach na Stát Aontaithe (CAIR) ar an raidió Dé hAoine, mhol sé baghcat nó ‘brú eacnamaíochta’ ar leithéid an óstáin sa Dún Beag chun cur in aghaidh a bhriathra. Dar leis go raibh caint Trump seicteach, dainséarach agus faisisteach, agus gur chóir dá chomhghleacaithe gnó a rá leis eirí as.
Is deacair easaontú leis an gcuid is mó den chur síos sin ar a bhfuil ráite ag Trump faoi Mhoslamaigh. Mura gcuireann sé srian ar a bhéal, is i dtreise a rachaidh imní na foirne ina óstán sa Dún Beag.
* Maith dhom an litriú Meiriceánach. Cé gur in Éirinn atá an teach ósta, is i mBéarla na Stát atá an cur síos ag www.trumphotelcollection/ireland
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Fág freagra ar 'Aerfort + Trump = cúis imní'