A soláthar Gaeilge don fhómhar fógartha ag RTÉ

Craolfar Fóram, leathcheann The Week in Politics an Bhéarla, ó cheannáras RTÉ gach Domhnach

A soláthar Gaeilge don fhómhar fógartha ag RTÉ

An chéad chlár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le breis is fiche bliain, clár faisnéise le fuirseoir faoi stair agus todhchaí na teanga agus clár faoin amhrán ‘Come Out Ye Black and Tans’ – sin cuid de sholáthar Gaeilge RTÉ ina sceideal nua fómhair.

Craolfar Fóram, leathcheann The Week in Politics an Bhéarla, ó cheannáras RTÉ gach Domhnach.

In Foclóir Brille rachaidh Bláithín de Búrca timpeall na tíre chun léargas a fháil ar chás na teanga agus ábhar a fháil dá seó fuirseoireachta ar na boinn.

I gclár faisnéise eile In Viva Mary, casfaidh an scannánaí Cathal Ó Cuaig le Mary Lambe, iníon an ealaíontóra Charles Lambe.

Ar cheoltóirí agus amhráin éagsúla atá scata de na cláir Ghaeilge sa sceideal nua dírithe.

Inseofar sa tsraith Aistear an Amhráin  scéalta cuid de na hamhráin is iomráití in Éirinn, amhail ‘N17’ na Saw Doctors, ‘Monto’ leis na The Dubliners agus ‘Mná na hÉireann’ le Seán Ó Riada. Cuirfear tús leis an tsraith le clár faoin amhrán “spreagúil agus conspóideach” ‘Come Out Ye Black and Tans’.

Sa tsraith Seisiún, tabharfaidh an t-amhránaí Duibhneach Muireann Nic Amhlaoibh cuairt ar ionaid cheoil éagsúla agus is clár ómóis é Dolores@70 do Dolores Keane a bheidh 70 bliain d’aois an mhí seo chugainn.

Clár faisnéise aonair eile é Hot House Flowers a dhíríonn ar bhliain thábhachtach i saol an bhanna, bliain a chuir cor ina gcinniúint. Beidh cláir faisnéise uair an chloig le feiceáil chomh maith i mbliana faoi bheirt cheoltóirí mór le rá a d’imigh ar shlí na fírinne, an t-amhránaí Gaeltachta Séamus Ó Beaglaoich agus amhránaí an ghrúpa Aslan, Christy Dignam.

Tá an tsraith Cloch Le Carn ag filleadh chomh maith agus cláir le craoladh faoi Sheán Keane agus The Chieftains.

Ar na sraitheanna eile atá ag filleadh tá Ar An Sliabh, cláir faoi na pobail a mhaireann sna sléibhte nó faoi scáth na sléibhte i gceantair éagsúla ar fud na tíre. I measc na bpobal a bheidh le feiceáil sa tsraith nua tá daoine a mhaireann ag bun Chnoc Bréanainn i gCiarraí agus faoi scáth na hEaragaile i nDún na nGall.

Ag filleadh chomh maith tá an tsraith sheanbhunaithe Scannal. Ar na scéalta a bheidh faoi chaibidil sa tsraith an geábh seo tá cás Mary Boyle, an cailín óg a chuaigh ar iarraidh i 1977, scéal chonspóid na dtáillí uisce agus clár faoi chonspóid aonach phoic.

Clár do pháistí atá i Tír na nÓg a ghealltar a dhéanfaidh páistí réamhscoile “a thumadh” sa Ghaeilge.

 

Fág freagra ar 'A soláthar Gaeilge don fhómhar fógartha ag RTÉ'