A leithéid d’fháilte abhaile go dtín nGaeltacht! Litir i mBéarla ó Theachta Dála…

Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar phobal teanga ar na cosa deiridh agus easpa tuisceana agus cúirtéise á léiriú ag ár n-ionadaithe poiblí, a deir Seosaimhín Ní Bheaglaíoch

Arthur sping LitirNár dheas ó Theachta Dála an Lucht Oibre Arthur Spring fáilte a chur romham abhaile go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le litir i mBéarla a chur chugam.

Níos deise fós dósan, ní dócha gur chaith sé a láimh a chur ina phóca chun stampa a cheannach.

Mé fhéin, saoránach na Poblachta seo agus ‘cáiníocóir’, a dhíol as an stampa féin, déarfainn, mar gur trí chóras Dháil Éireann a chuir sé an litir mhaslach seo chomh fada le mo bhosca poist.

Ab aon iontas go bhfuil Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar phobal teanga ar na cosa deiridh agus an easpa tuisceana agus cúirtéise seo á léiriú ag ár n-ionadaithe poiblí? Gan trácht ar cheannródaíocht.

Ní leanbh ó aréir é ach chomh beag.

Rugadh agus tógadh an Teachta Dála seo i gcontae ina bhfuil dhá limistéar Gaeltachta ann.

Glacaim leis gur sa tír seo a fuair sé a chuid oideachais, agus cuid mhaith de i dTrá Lí.

Glacaim leis gur cuireadh focal ná dhó ina chluais maidir le conas freastal ar riachtanais an phobail, agus conas vóta nó dhó breise a fháil dó fhéin aimsir toghcháin.

B’fhéidir gur chuala sé áit éigin go bhfuil meáin chumarsáide a bhfuil neart iontu ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge sa dúthaigh seo anois?

Agus an méid sin ráite, ní fhéadfá a áiteamh go raibh cáil rómhór an chultúir Ghaelaigh ar an dteaghlach polaitíochta as ar síolraíodh é, ainneoin a mórthréithe polaitíochta eile.

Ag spalpadh Béarla le muintir an Bhuailtín a bhí duine mór le rá eile ón bpáirtí céanna – tugaimis an Coinín Rábach air – an uair dheireanach a chonac i dTig an tSaorsaigh é.

Ar éigean is gá dom Bertie an Bhríste Bhuí, ‘Cara Mór’ Chorca Dhuibhne tráth, a tharrac anuas, duine eile nárbh fhiú leis pén cúpla focal den teanga a bhí aige a labhairt le muintir na Gaeltachta.

Ach bhí fadhbanna ag an gcréatúr sin leis an mBéarla leis, mar is cuimhin linn go maith.

Ní ag caint trína gcaipíní í gcónaí a bhíonn muintir Healy-Rae. Chuireadar postaerí i nGaeilge suas i gCorca Dhuibhne don dtoghchán deiridh.

Dá mhéid athscríobh ar an stair atá déanta, ní mór ná gurb é Charlie an duine ab fhearr acu sa deireadh thiar. Bhí an teanga ar a thoil aige. Nach é a bhí sásta, leis, dul ar an raidio agus scéal an Beaujolais, an bò-jollis, a aithris go líofa.

Táimid tagtha chuige seo. Bímis buíoch as an mbeagán.

Go bhfóire Déithe na Teangan orainn.

Fág freagra ar 'A leithéid d’fháilte abhaile go dtín nGaeltacht! Litir i mBéarla ó Theachta Dála…'

  • Páid Ó Donnchú

    …ach tá an tír seo go mór mór ar son Comhionannas, bíodh a fhios agat.

  • Concubhar

    An ann do Dheithe na Teangan?

  • sean o rathaille

    Seol rphost chucu i nGaeilge, ni thogann se ach leathnoimint. Is ait liom go raibh sli d’einne eile i dtigh an tSaorsaigh mas e an Coinin Rabach Rabhar a bhi ag scaothaireacht ann. Ni mor an doicheall a bheadh ar fhear an ti sin roimis an mBearla ach oiread. Tollamhoire gan cur leis a bhionn ag muintir Spring Tra Li, b’ea riamh anall. ‘Cheart doibh na leinte gorma a chur orthu fein agus gan a bheith ag iarraidh dallamuloig a chur orainn. Is docha gur d’aonghno a dhein se an t-aithisiu sin, nil aon mhiniu eile air. Sin an meon aigne ata suas anois, impiriulachas cultuir. Ras go grinneal a chroi.

  • alan

    Tigh an tSaorsaigh? An-thigh ceoil tráth dá raibh agus an-thigh cuileachtan tráth dá raibh. Déanamh agus leagan amach an-shuaithinseach, deas, ciuirialta air ach ná ligtear do mhac an tí dul in aon ghaor don teilifís sin.
    Ó tógadh na tithe nua sin trasna an bhóthair maraon le tithe na Comhairle ar an taobh mícheart den mbóthar- gan aon choinníoll teanga – is é an Béarla atá in uachtar go mór anois i mBaile ‘n Fheirtéaraigh. Daoine anoir ná fuil suim dá laghad acu in focál ach sacar agus soaps. Más áil leat an scór is deireanaí a fháil idir Arsenal agus Urinal gheobhair ansin istigh é.

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Tá conradh Mhá nuad a rinne na Sasanaigh le hEaglais Jansen na hÉireann Fós I bhfeidhm agus léinte de chuile dhath idir Gorm s eile ar bís le sodar I ndiaidh na nGall … Cá’il Breandán O hEithir na linne seo le haor a scríobh?