A gcrúba gránna, santacha ag lucht na coiriúlachta ar an sacar

Ó thaobh an tsacair ní inniu ná inné a facthas an chéad amharc ar an gcoiriúlacht

A gcrúba gránna, santacha ag lucht na coiriúlachta ar an sacar

Feicim tuairiscí sna nuachtáin go bhfuil coirpigh ag bagairt ar an imreoir sacair Paul Pogba go bpoibleoidh siad eolas gránna faoina shaol pearsanta mura dtabharfaidh sé £11 milliún (€12.85m) dóibh. Íocaíocht atá ansin ar ‘obair chosanta’ a rinneadar dó le dornán blianta, a deir siad.

Sa bhFrainc a rugadh Pogba agus bhí sé ar fhoireann na tíre sin a bhuaigh Corn an Domhain in 2018. Moslamaigh as an Ghuine in Iarthar na hAfraice iad a thuismitheoirí agus ba ansiúd a saolaíodh an bheirt eile clainne atá acu – cúpla. Deir Paul go bhfuil duine acu siúd (Mathias) i measc na gcoirpeach atá á chrá anois.

Ní gá duit a bheith i ngaol le Pogba go gcuirfeá figiúr ar an méid airgid lena mbeadh sé in ann scaradh ach an fáisceadh ceart a bheith agat ar a phíobán. £89 milliún (€104m) a thug Manchester United air in 2016 nuair a cheannaigh siad ar ais ó Juventus é. Bhí sé ag saothrú £15 milliún (€17.5) sa mbliain in Old Trafford.

Tuairiscítear nach bhfuil sé ach ag fáil a leath sin ó d’fhill sé ar Juventus i mbliana mar go raibh a chonradh imeartha le United istigh. Dá bharr sin ní bhfuair siadsan aon táille.

Níor fógraíodh cén síneadh láimhe a fuair Pogba féin ón gclub Iodálach, ach má fuair a ghníomhaire £26 milliún (€30m) nuair a d’aistrigh sé go Sasana, tá slat tomhais mhaith ansin agat.

Léiríonn na figiúirí ollmhóra airgid atá luaite go dtí seo nach bhfuil aon iontas le déanamh sa lá atá inniu ann go bhfuil coirpigh, drongadóirí agus lucht dúmhálta ag díriú isteach ar mhíleas a bhaint as an saibhreas atá na himreoirí sacair is cáiliúla ar domhan a dhéanamh.

I bhfad sular tháinig Al Capone, an Maifia agus na Sopranos ar an saol, bhí drongadóirí ag faire ar bhealaí le híocaíochtaí mídhleathacha sracaireachta a lorg ar dhaoine, ar ghnóthaí agus ar chomhlachtaí gustalacha. Bhíodar á n-íoc freisin i gcásanna go leor.

Tá sé 200 bliain ó fuair an Diúc Wellington litir ó fhoilsitheoir a rinne éileamh ar airgead. Bhí beathaisnéis gháirsiúil, ghraosta scríofa ag leannán de chuid an Diúic. Dúirt an foilsitheoir, ach luach saothair cuí a bheith le fáil aige féin, go gcaithfeadh sé a raibh scríofa aici sa tine.

Fuair fiú an fear a chloígh Napoleon amach gur treise an peann ná an claíomh!

Ó thaobh an tsacair ní inniu ná inné a facthas an chéad amharc ar an gcoiriúlacht ach an oiread.

Sa mbliain 1964 bhí 33 imreoir as na sraitheanna ab airde is Sasana os comhair cúirte ar chúiseanna breabaireachta. Bhain siad sin le socrú a bheith déanta roimh ré le céilí comhraic faoi thorthaí cluichí – i measc na n-imreoirí a fuair príosún bhí Peter Swan agus Tony Kay a d’imir do Sheffield Wednesday agus do Shasana.

Níl aon chosaint ar an gcoiriúlacht ach cuimhnigh go dtí an bhliain 1961 gur £20 in aghaidh na seachtaine an tuarastal ba mhó a bhí i ndán d’imreoir sacair i Sasana. A leath sin idir dhá shéasúr. B’fhurasta géilleadh don chathú cúpla punt a bhaint de na geallghlacadóirí le cur le do theacht isteach.

Tá sé suimiúil a fheiceáil go bhfuair Jimmy Gauld, an té a sceith an scéal leis an News of the World i 1964, níos mó ón nuachtán (£7,420) ná a bhuaigh sé ar na geallta (£3275).

Inniu tá na príomhimreoirí chomh gustalach le haon gheallghlacadóir agus is iadsan féin atá faoi ionsaí ag ruifínigh.

Bíonn na nuachtáin is suaraí i Sasana de shíor ar thóir scéalta dá leithéidí freisin.

Sa mbliain 2004 bhí buíon coirpeach as Learpholl agus an Sunday Mirror i gcoimhlint lena chéile féachaint cé acu ba thúisce a d’aimseodh téipeanna físe do chuairt a thug Wayne Rooney ar theach striapachais sa gcathair. An nuachtán a fuair iad. Ansin bhí sé d’éadan acu a rá gurbh amhlaidh a chosain a bhfoilsiú an t-imreoir ar na coirpigh.

Bhagair dream eile acu sin ar Steven Gerard nuair a bhí brath airsean aistriú as Liverpool go Chelsea in 2004, rud a d’fhág go mb’éigean dó daingniú a dhéanamh ar an teach ina raibh sé fhéin, a bhean agus a gclann ina gcónaí agus ceamaraí slándála a chur ina thimpeall.

Más fíor scéal is greim níos daingne fós atá ag coirpigh ar an gcluiche ag na leibhéil is airde in Oirthear na hEorpa, i Meiriceá Theas agus san Áise – póilíní agus lucht ceannais ansiúd ag déanamh fiosruithe i bhfad níos minice i dtaobh an chineáil cleachtais a luaigh mé le Sasana.

Tá athrú agus méadú as cuimse curtha freisin ag an ‘gcearrbhachas ar líne’ ar choiriúlacht i gcúrsaí spóirt. Tuilleadh de dheis ag lucht na coiriúlachta a gcuid crúba gránna, santacha a chur timpeall an domhain.

Fág freagra ar 'A gcrúba gránna, santacha ag lucht na coiriúlachta ar an sacar'