SRAITH PICTIÚR: Ná hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith...

SRAITH PICTIÚR: Ná hÚsáid an Cárta Creidmheasa Gan Chead

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Breathnaigh ar an téacs atá ag bun an leathanaigh seo ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine atá in aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie. agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

Scríobh comhrá ina ndéanann tú cur síos do do thuismitheoir ar chomórtas éigin a bhuaigh tú.

  • Ceap comhrá ina bhfuil tú ag caint le do thuismitheoirí tar éis duit rud éigin a dhéanamh gan chead.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

  • Cuir easaontas in iúl, cuir fearg, cathú agus díomá in iúl, tabhair cuntas ar céard a rinne tú as bealach.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead

(Téacs an fhíseáin)

1) An mhí seo caite chuaigh Micheál agus Síle ar ríomhaire a n-athar.
Measaim go raibh an t-athair imithe amach i gcomhair na hoíche.
“Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag rince,” faoi mar a deir an seanfhocal.
Chonaic siad go raibh ceolchoirm ar siúl i Staid an Aviva.
Thaitin an banna ceoil leo go mór.
Caoga euro a bhí ar na ticéid.

2) Chinn siad cárta a n-athar a úsáid.
Bhí sé fágtha aige ar an matal.
Chuir Mícheál uimhir an chárta isteach.
Bhí sceitimíní orthu agus bhí siad ag tnúth go mór leis an gceolchoirm.

3) Seachtain ina dhiaidh sin d’fhreastail siad ar an gceolchoirm i Staid an Aviva.
Bhí an áit dubh le daoine.
Breathnaíonn sé gur thug an banna ceoil taispeántas den chéad scoth uathu.
Tá an chuma ar Mhicheál agus Síle gur bhain siad an-taitneamh as an ócáid.
Measaim nach raibh tuairim dá laghad ag a dtuismitheoirí go raibh siad ag ceolchoirm.

4) Seachtain ina dhiaidh sin arís tháinig bille an chárta creidmheasa.
Chonaic an t-athair gur caitheadh céad euro ar thicéid do cheolchoirm.
Tháinig seo aniar aduaidh air.
Rith an smaoineamh leis gurbh iad Mícheál agus Síle a cheannaigh na ticéid.
Tháinig fearg an domhain air.

5) Ní mó ná sásta a bhí na tuismitheoirí le Micheál agus Síle.
D’iarr siad orthu an scéal a mhíniú.
Thuig na páistí go raibh botún déanta acu agus ghabh siad leithscéal.
Tugadh íde béil dóibh.

6) Ghearr na tuismitheoirí pionós trom ar an mbeirt.
Bhí ar Mhicheál na fuinneoga a ghlanadh agus cuireadh Síle ag obair leis an bhfolúsghlantóir.
D’oibrigh siad go dian dícheallach ar feadh an lae.
“Tá ciall cheannaithe anois againn,” a dúirt siad leo féin.

Ceisteanna:

  • Cé mhéad atá ar na ticéid?
  • Cá bhfuil an cheolchoirm ar siúl?
  • Cén chaoi a n-íocann siad as na ticéid?
  • An bhfuil go leor daoine ag an gceolchoirm?
  • Cad iad na jabanna atá á ndéanamh acu i mbosca 6?