Ó DHÚCHAS… An Carghas – níl troscadh á chur ar aon duine anois nó dá mbeadh ní sheasfadh siad mí…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol...

Ó DHÚCHAS… An Carghas – níl troscadh á chur ar aon duine anois nó dá mbeadh ní sheasfadh siad mí…

Céadaoin na luaithe an chéad lá den Charghas. Níl aon am socraithe don Charghas. Bíonn chuile dhuine ag cur pionós orthu féin agus ag iarraidh a bheith ag déanamh a n-anama. Na daoine nach bhfuil orthu troscadh a dhéanamh déanann siad rud éigin le pionós a chur orthu féin.

Fadó chaitheadh gach duine fásta troscadh ar an gCéadaoin, an Aoine agus an Satharn. Go deimhin ní bréag troscadh a thabhairt air mar ní raibh le fáil ach leath cupán de thae dubh agus píosa beag d’arán min choirce. Ach ní ag chuile dhuine a bhíodh a leithéid sin de bhéile agus chaitheadh siad déanamh le cúpla fata agus cupán bainne. Uair sa lá a bhí an béile sin ag dul dóibh. Tá na seandaoine fós agus ní thógann siad bainne ar a gcuid tae ná ní itheann siad uibheacha ar Chéadaoin an Bhraith ná ar an Satharn deiridh den Charghas.

Níl troscadh á chur ar aon duine anois nó dá mbeadh ní sheasfadh siad mí nó go mbeadh siad ag déanamh créafóige mar níl siad sách láidir lena sheasamh. Ach dá mairfeadh siad ar an gcineál bia a bhí acu fadó bheadh siad i bhfad níor ligthe agus níos láidre.

Aoine an Chéasta ligeann na mná a gcuid gruaige ar sileadh leo óna dó dhéag go dtí a trí a’ chlog. Bíonn na daoine fásta ag tarraingt chun an tséipéil le cúpla uair a’ chloig a chaitheamh le Mac Dé sa teampall. Ar a trí a’ chlog ar an Satharn, is é sin an Satharn roimh Dhomhnach Cásca, deir na daoine go bhfuil an Carghas caite agus go bhfuil troscadh na bliana thart.

Máire Ní Ghacháin,
Gaoth Sáile,
Contae Mhaigh Eo

Faisnéiseoir:
Eibhlín Uí Ghacháin,
Dubhloch,
Gaoth Sáile