Tá deireadh curtha leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste agus tá triúr tar éis a bpost a chailleadh dá bharr.
Tá a post caillte ag an aon bhean amháin a bhí ag obair i Scoil na Gaeilge san Ollscoil agus ag beirt eile nach as an tír seo iad.
Aistríodh Scoil na Gaeilge agus an cúrsa céime ó Chúil Raithin go dtí Béal Feirste agus Doire ceithre bliana ó shin, ach cuireadh in iúl don fhoireann i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite go mbeifí ag cur deireadh leis an gcéim lánaimseartha agus go gcaillfí suas le ceithre phost.
Is i gColáiste Mhic Aoidh i nDoire amháin a bheidh an cúrsa lánaimseartha don chéim ar siúl feasta. Leanfar leis an gcéim Ghaeilge pháirtaimseartha i mBéal Feirste.
Tháinig sé chun solais i Meitheamh na bliana 2015 go raibh rún ag Ollscoil Uladh 210 post a scor agus laghdú 1,250 a dhéanamh ar líon na mac léinn acu toisc titim £9 milliún sa bhliain ar a mbuiséad ó Stormont. Chomh maith leis na ciorruithe i réimse na dteangacha, tá ábhair eile ar nós na Matamataice thíos le plean na hollscoile.
Dúirt Leas-Sheansailéir na hOllscoile, Paddy Nixon, go ndearnadh na ciorruithe ar bhonn leathan agus gur cuireadh san áireamh an t-éileamh a bhí ar chúrsaí, a shásta is a bhí daoine leis na cúrsaí agus líon na ndaoine a fhaigheann postanna i ndiaidh na gcúrsaí.
Léirigh suirbhé a dhéantar go rialta sa Ríocht Aontaithe – an National Student Survey – gur chuir gach duine de na mic léinn a d’fhreastail ar an gcéim lánaimseartha sa Ghaeilge in iúl go raibh siad sásta leis an gcúrsa. Go deimhin, ba í Roinn na Gaeilge an t-aon roinn in Ollscoil Uladh a fuair ráta sástachta 100%.
Cuireadh tuairim is 3,400 ainm le hachainí a thosaigh Conradh na Gaeilge chun an cúrsa BA a shábháil. Bhí 2,500 luaite mar sprioc ag an gConradh ar an suíomh achainíochta change.org.
Fág freagra ar 'Deireadh le cúrsa céime Gaeilge in Ollscoil Uladh agus poist caillte'