An bhfuil Uisce Éireann in ann rud ar bith a dhéanamh ceart? Tá chuile chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé i gceist acu Scéim Réigiúnach Uisce Chasla a chur de na ráillí ar fad. Seo í an scéim a raibh réimse mór de Ghaeltacht Chonamara ag tnúth léi le fada an lá, go mór mór muintir na Ceathrún Rua atá ag cur suas fós le huisce nach bhfuil feiliúnach le n-ól.
Cheap muid uilig go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh le tamall anuas. Bhí freisin. Sa deireadh thiar thall, bhí na píopaí curtha i dtalamh agus taiscumair curtha suas ar an gCeathrú Rua agus i nGlinn Chatha. Ní bheadh le déanamh anois ach ionad cóireála a chur ag Loch Ghleannach Muirinn agus thosódh an t-uisce glan ag rith.
Deireadh na bliana seo caite chuir an Chomhairle Contae an chuid sin den obair amach ar conradh. Tháinig na tairiscintí isteach. Tugadh do Mhuintir Tóibín iad le scrúdú. Sin iad an comhlacht comhairleoireachta atá fostaithe ag an gComhairle Contae leis an gcineál sin oibre a dhéanamh. Scrúdaigh innealtóirí na Comhairle Contae féin ansin iad agus roghnaigh siad conraitheoir. Chuir siad ainm an chonraitheora go Baile Átha Cliath.
Is é an scéal is deireanaí atá cloiste anois againn go bhfuil Uisce Éireann le “athbhreithniú” a dhéanamh ar an scéal ar fad.
Ní hé nach bhfuil an feachtas ar son na scéime seo sách fada ar bun. Tá sé ar bun le beagnach leithchéad bliain. Ghéaraigh sé go mór nuair a chonaic daoine uisce bréan agus cacamas ag stealladh aníos tríd an mbóthar ar an gCeathrú Rua. Tugadh cruinnithe poiblí le chéile. Tugadh ar an láthair Teachtaí Dála, Aire amháin ar a laghad, Comhairleoirí Contae agus Seanadóirí.
Nuair a b’fhacthas don phobal nach bhfuair siad an aird a bhí dlite dóibh, shocraigh siad a dhul go Baile Átha Cliath agus agóid a dhéanamh taobh amuigh den Dáil. Bhí trí scór duine ar an mbus an lá sin. Ba iad na mná ba mhó a d’eagraigh é. Ba shin í an bhliain 2001. Pléadh an t-ábhar sa Dáil agus sa Seanad go gairid ina dhiaidh sin. Bhí an té atá ina Uachtarán ar Éirinn inniú ar dhuine de na daoine a labhair.
Tugadh an cás go dtí institiúidí na hEorpa freisin. Bhí drochuisce na Ceathrún Rua ar cheann de na cúiseanna ar chaill an rialtas cás faoi uisce i gCúirt na hEorpa. Bhí sé ar cheann de na cásanna a scrúdaigh Coiste na nAchainíocha ar dhá thuras fiosrúcháin a thug siad ar an tír seo.
Chas toscaireacht as an gCeathrú Rua le Coiste acu i mBaile Átha Cliath. In oifigí na Roinne Comhshaoil a bhí an cruinniú. Bhí a ndóthain féin le déanamh ag Ardoifigigh na Roinne an lá sin ag iarraidh a chur ina luí ar Choiste na hEorpa go raibh siad ag déanamh chuile dhícheall le Scéim Réigiúnach Uisce Chasla a chur chun cinn.
Mar sin féin, bhí toradh ar an bhfeachtas pobail seo ar fad. Bhí nó go dtáinig an scéal fealltach go bhfuil Uisce Éireann le “athbhreithníu” a dhéanamh. Sin focal a chuirfeadh faitíos ar dhuine ar bith a bheadh ag plé le hútamálaithe mar iad seo. Cén bhrí dá mbeadh sé éasca an scéal a phlé leo. Níl.
Bheadh sé chomh héasca agat a dhul i dteagmháil leis na húdaráis sa gCóiré Thuaidh! An chaoi a bhfuil rudaí ag gabháil ar aghaidh, is le gíománach eicínt in ionad glaonna sa gCóire Thuaidh a bheas muid ag caint faoin uisce amach anseo, nó ar a laghad ar bith sa gCóiré Theas.
Agus fad is atá an phrútáil seo ar fad ar bun, tá Uisce Éireann ag cur litreacha amach ag iarraidh táillí ar dhaoine. Mar a deir an Ghaeilge nua i gConamara, “how do”.
Fág freagra ar 'Táillí ar thada ó Uisce Éireann'