Creidim go daingean fós gur déanadh éagóir ar fhear Ard an Bhóthair…

Chaith ár gcolúnaí os cionn 20 bliain ina roghnóir ar fhoirne All Star Peile. Níor tharla sé oiread agus uair amháin gurb í an fhoireann a bhí ina ghlaic aige ag dul isteach a bhí roghnaithe ar fhágáil dó

All Ireland Football Championship Semi Final 20/8/2006 Kerry vs Cork Kerry's Darragh O'Se blocks Pearse O'Neill of Cork Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
All Ireland Football Championship Semi Final 20/8/2006
Kerry vs Cork
Kerry’s Darragh O’Se blocks Pearse O’Neill of Cork
Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy

Chuir saineolaithe an Sunday Game foireann iomána na bliana, dar leo, inár láthair san oíche Dé Domhnaigh seo caite. Tar leo nó ná déan, b’iarracht mheáite a bhí inti ó dhaoine nach bhfuil aon aimhreas faoin gcur amach atá acu ar an ábhar a bhí i gceist.

As seo nó go bhfógrófar All Stars an Chumann Lúthchleas Gael féin faoi cheann roinnt seachtainí tabharfaidh daoine eile a mbarúlacha  féin – iriseoirí, lucht úsáidte na meán shóisialta agus na hiománaithe ar an gclaí agus cois-cuntair.

B’fhéidir nach bhfuileadar siúd chomh cáilithe le dul i mbun roghnaithe agus atá an Braonánach, Dónal Óg agus an Maolchathach,  ach sé an bunús céanna a beidh faoina mbarúil  agus a bhí faoi cheann na saoithe – tuairimíocht,  an t-aon slat tomhais atá ar fáil agus foireann nach n-imreoidh aon chluiche iomaíoch go deo á roghnú.

Tá an seans ann go mb’fhéidir nach raibh Brian Cody agus a chuid roghnóirí ar aon intinn faoin bhfoireann ba chóir a chur amach i gCluiche Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite (is mó ná sin an seans déarfainn gur í foireann Cody a chuaigh chun páirce), ach i ndeireadh lae chruthaigh a mbua  go mba é a beart ba chríonna a déanadh, rud nach mbeidh le fáil go deo i gcás foirne an Sunday Game ná na All Stars.

De réir nádúir ní bhíonn aon fhoirfeacht ag baint lena leithéid de chóras roghnaithe.  Tóg mar shampla ionad an bháireora ar foireann iomána na bliana seo. Siad Colm Callanan na Gaillimhe (a roghnaigh an Sunday Game) agus Darren Gleeson Thiobraid Árann an bheirt is mó a bhfuil a gcásanna le cur chun cinn.

Ceithre huaire a chuaigh an sliotar in eangach an Ghaillimhigh i mbabhta  leathcheannais na hÉireann, ach fós ba iad na sábháiltí a rinne sé sa gcluiche ba mhó ba chúis le bua a fhoirne. Shábháil sé buille éirice sa gcluiche céanna, mar a rinne sé in aghaidh Áth Cliath.

Ar an lámh eile níor cheadaigh Gleeson tharais ach aon chúl amháin i gcaitheamh na craoibhe agus shábháil sé na 9 n-iarracht eile a tugadh faoina chúl. Anois, amisigh bealach domsa a chruthóidh go cinnte go bhfuil sé tuillte ag duine amháin acu sin a bheith ar Fhoireann na Bliana chun cinn ar an duine eile.

Bhí Maurice Shanahan é féin ar fhoireann an Sunday Game  as a chuid éachtanna scórála do Phort Láirge sa bhfeachtas a thug iadsan chomh fada leis an mbabhta leathcheannais. Ach ba as buillí saora a tháinig 70% de na scóranna sin. Cén tslat tomhais a fhágann gur mó a bhí an áit sin tuillte ag Shanahan ná a bhí sí tuillte ag Cathal Mannion a rinne a chuid scórála ar fad as an imirt? Fuair sé 3-6 in aghaidh Áth Cliath, 0-7 in aghaidh Chorcaigh agus 0-5 in aghaidh Thiobraid Árann, cé nach bhfuair sé ach cúilín amháin sa dá chluiche a d’imir Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh.

Dá mbeadh siad beirt san iomaíocht ar an áit chéanna ar fhoireann de chuid Cody ar a raibh fear a thógfadh na buillí saora ag tastáil, bí cinnte gur é Shanahan a roghnófaí. Ach nuair nach bhfuil aon imirt i gceist ní bheidh dá bharr ach sáraíocht go dtiocfaidh malairt saoil.

Chaith mé os cionn scór bliain i mo roghnóir ar fhoirne All Star Peile agus Iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael agus muna bhfuil mé ag dul amú níor tharla sé oiread agus uair amháin gur í an fhoireann a bhí agam i mo ghlaic ag dul isteach a bhí roghnaithe ar fhágáil dom.

Chonaic mé aragóintí coilgneacha, chuala mé caint láidir agus buaileadh an bord uair nó dhó. Ach san achar sin ar fad tá mé cinnte go raibh siad siúd a bhí ag teacht liom agus iad siúd a bhí ag cur i mo choinne ag déanamh amhlaidh mar gur chreideadar ina gcroíthe istigh go mba acu a bhí an ceart.

Aon uair amháin riamh a bhí múisiam orm. B’sin i 2006 nuair ab í mo thuairim láidir go raibh an gradam ‘Peileadóir na Bliana’ tuillte ag Darragh Ó Sé. I dtús na bliana ba é Darragh ‘Laoch na hImeartha’ i 5 cinn de na cluichí sraithe a d’imir Ciarraí.

Trí huaire a d’imir siad Corcaigh i gcraobh na bliana sin, trí huaire a bhí Ó Sé agus Nicholas Murphy in adharca a chéile. Ba bheag a bhí eatarthu i gcluiche comhscór na Mumhan agus cé gur buadh ar Chiarraí ba é Ó Sé an peileadóir ab fhearr  ar an bpáirc san athimirt. Bhí baint mhór ag a thaispeántas sa dara leath le bua na Ríochta ar Chorcaigh i mbabhta leathcheananis na hÉireann agus bhí sé thar barr freisin sa mbabhta ceathrú ceannais in aghaidh Ard Mhacha agus sa gcluiche ceannais in aghaidh Mhaigh Eo.

Kieran Donaghy a fuair an gradam faoi dheireadh agus gan aimhreas, go háirithe  sna 3 cinn de mhór-bhabhtaí deireadh na craoibhe, bhí seisean thar barr.

Ach, ‘Imreoir na Bliana’ teideal an ghradaim agus fós creidim go daingean gur déanadh éagóir ar fhear Ard an Bhóthair agus is measa ná sin fós é go mba onóir í nár tháinig ina bhealach riamh.

Bhí sí tuillte aige.

Fág freagra ar 'Creidim go daingean fós gur déanadh éagóir ar fhear Ard an Bhóthair…'

  • Seán Mistéil

    Fíor dhuit a Mhártain – níl leigheas mar adúirt ar chás Uí Shé!
    Níor thagair tú don bhéim ar na cluichí ceannais féin seachas (mar shampla) ar ard chaighdeán imeartha i gcluichí roimhe sin. Cuir i gcás Michael Fennelly. Ainneoin gradam laoch na himeartha aige ar 6 Meán Fómhair, n’fheadar an leor sin d’fhoireann na Bliana………