Go raibh maith agaibh uilig as na pictiúir a chuir sibh chugainn an tseachtain seo – bhí siad an-mhaith ar fad. Tá áthas orainn go bhfuil an 30ú Amú san aistriúchán… á fhoilsiú inniu, ach meas tú ar rud maith é go bhfuil an oiread sin comharthaí míchruinne ann?
Tháinig an pictiúr seo ó Bhob a bhí ar cuairt i gContae Chiarraí tamall ó shin. Tá an biachlár seo beagnach chomh dona céanna leis an gceann úd i bPort Láirge, agus b’fheidir níos measa fós, mar is in óstán ina mbíonn imeachtaí an Oireachtais ar siúl atá sé!
An áit: Óstán na mBreithiúna, Cill Airne
An Béarla: Pan Fried Chicken Supreme with Champ Mash and Wild Mushroom Sauce
An Ghaeilge: Pan Fried Sicín Uachtarach le Champ Mash agus Sauce Muisiriún Fiáin
Focal ó na moltóirí: Ba bhreá linn a fheiceáil cén chaoi a roghnaítear an ‘Sicín Uachtarach’ seo. Ar teideal ó oidhreacht é? An mbíonn comórtas de shaghas éigin ann – comhrac coileach?
Is aisteach linn freisin go bhfuil an focal ‘bláthach’ ag lucht an phraistriúcháin ach nár éirigh leo ‘úll’ a aimsiú sna foclóirí.
An leagan ceart: Más ar tearma.ie atáthar ag breathnú, is dóigh gur “Sárshicín friochta le brúitín agus anraith beacán fiáine” a bheadh ann.
Tá muide cinnte gur leor ‘sicín’, mar sin féin.
Aonghus
https://en.m.wikipedia.org/wiki/Supreme_(cookery)
Brollach ┐eite sicín (nó éan eile) atá i gceist. Iasacht ón bhfraincis is cosúil.