Ní bhíonn feidhm le haistriúchán in amanna. Sailm nan Daoine (BBC Alba/BBC iPlayer) a bhí ar an chlár agus ní raibh deacracht ar bith ann an teideal sin a thuigbheáil, fiú ag duine le beagán beag Gàidhlig.
Rob MacNeacail, soiscéalaí an tsailm, a bhí i lár aonach na n-amhrán agus é ag taisteal leis in Albain agus in Éirinn. Bhí dúil ar leith aige sna sailm – sea, bhí leid sa teideal – agus sa dóigh ar tharraing an t-amhrán naofa pobal Dé le chéile Dé Domhnaigh.
Ag plé le Saor-Phreispitéirigh na hAlban a bhí sé go minic, dream nach ionann agus Free Ps Chúige Uladh. Bíodh sin mar atá, bhí an rian coitianta Preispitéireach sin le sonrú ina gcuid teampall, seomraí loma gan iomrá ar bith ar an mhaisiú a d’fheicfeá i séipéal Caitliceach, abair. Ní raibh a dhath ar bith ann le d’aird a bhaint den tSoiscéal agus glór an mhinistir.
Thuigfeá, sa chomhthéacs sin, cad chuige a n-ardódh an salm croí an phobail chun na spéire nó deis a bhí ann le do racht anama a ligean. Agus, a Thiarna, nach iontach an uirlis cheoil í an guth daonna, bíodh salm nó sean-nós i gceist? Bhí MacNeacail, agus a chomhluadar, in ann nótaí a bhaint as an aer. Bhí draíocht ag baint leis.
Dúirt duine amháin den phobal go raibh an canadh ‘tógálach’. Arís, ní raibh feidhm ar bith le fotheideal le go bpiocfadh an chluas bhodhar seo an focal sin as sruth na cainte. Tógálach. Léim an focal amach chugat as an scáileán agus ba chuí mar chur síos é.
Baineadh úsáid as an chanadh taobh amuigh den tseirbhís eaglasta. Labhair oifigeach forbartha Gàidhlig – sea, tá a leithéid acusan fosta – ar a cuid iarrachtaí an pobal áitiúil a cheangal dá dteanga dhúchais fríd an cheol. Ní raibh spéis ag gach aon duine san fhiontar, a dúirt sí. D’aithneodh duine ar bith le Gaeilge a cuid cainte; ar dhúshlán a chéile a mhaireann an pobal.
Go Béal Feirste agus Cúil Aodha a chuaigh MacNeacail ina dhiaidh sin. Thug an t-aistear sin léargas fiúntach ar dhá ghné chomhaimseartha den Ghaeilge; spléachadh beag spéisiúil samhlaíoch ar an tsalm, agus an teanga, sa tsaol uirbeach agus tuaithe.
Bhuail MacNeacail le muintir Turas in Oirthear Bhéal Feirste; bhí sé le feiceáil ag machnamh ar mhúrphictiúirí bagarthacha ón drocham agus i mbun ceoil le muintir na cathrach san am i láthair. Scéal eile ar fad a bhí i gceist leis an ruathar go Cúil Aodha; ní raibh múrphictiúirí ar na ballaí cloiche agus bhí deis dheas ag lucht na Gaeilge cluiche de ‘cherchez an ceoltóir clúiteach Gaeilge’ a imirt. (Raibh an fear sin sna Hothouse Flowers?)
Mar scannán a rinneadh Sailm nan Daoine an chéad lá ariamh agus tá sé á léiriú i bpictiúrlanna beaga in Albain ó bhí mí na Bealtaine ann. Bhí cúpla focal poiblíochta leis an scannán inar dhúirt MacNeacail nach raibh a dhath ar bith ní b’fhearr aige ná an comhluadar teacht le chéile agus a gcuid mothúchán a roinnt fríd an cheol. Deas go raibh BBC Alba in ann an scannán a chur ar fáil le go mbeadh níos mó daoine in ann na mothúcháin sin a chíoradh.
Bhí lorg scannáin ar an tsaothar gan amhras; bhí an stiúrthóir Jack Archer in ann a chuid ama a thógáil go réidh agus portráid thar a bheith daonna de MacNeacail a chur ar fáil. Chonaic muid é ag plé le daoine, a dheirfiúr san áireamh, a raibh dúshláin bhreise le sárú acu sa tsaol seo. Fear é MacNeacail a bhfuil croí mór maith aige.
Bíodh sin mar atá, chuirfinn féin cosc ar radharc ar bith i scannán Gaeltachta ar chuibhreann agus caora feasta. Tá an íomhá seanchaite faoin am seo. Ach d’éirigh le Archer radharc ar dóigh a fháil ar phocaire gaoithe a bhí ag eitilt thar Bhéal Feirste. (Seans mór go raibh an lon dubh os cionn Loch Laoi ar lá saoire.)
B’iontach an radharc é agus ba chuí an tsiombail í: an t-éan san aer ag seilg na luchóige go díreach mar a bíos an t-amhránaí ag seilg an tsailm.
Fág freagra ar 'Sailm nan Daoine – éan, amhránaí agus salm sa spéir'