Tá comhairleoirí áitiúla in Pennsans i gCorn na Breataine tar éis glacadh le polasaí Coirnise a fhágfaidh go mbeidh comharthaíocht dhátheangach le crochadh i láithreacha de chuid na comhairle baile.
Tugtar geallúint sa pholasaí nua teanga go “dtacóidh” an chomhairle baile “nuair is féidir” le feistiú comharthaíochta dátheangaí nuair a bheidh an chomharthaíocht atá ann cheana féin caite agus le hathrú. Tabharfar tacaíocht, freisin, do chomhairleoirí áitiúla atá ag iarraidh “focail agus nathanna Coirnise” a úsáid ina gcuid oibre.
Maítear gur mhair an Choirnis ina teanga phobail sna ceantair thuaithe timpeall ar Pennsans níos faide ná mar a mhair sí i mórán áiteanna eile i gCorn na Breataine. Dúirt an chomhairle baile go raibh sé “cóir”, mar sin, polasaí a thabhairt isteach a chuirfeadh an teanga chun cinn sa cheantar sin.
“Tá an-bhród orm gur ghlac muid leis an Polici an Yeth Kernewek, agus go bhfuil ár dtacaíocht tugtha againn do ghnáthúsáid na Coirnise i ngach gné dár gcuid oibre is féidir linn.
“Tá mé féin tosaithe ar ranganna Grád a hAon, agus is iontach a chloisteáil go bhfuil daoine in Pennsan agus rá “dyth da” [Dia duit] agus “Meur ras” [Go raibh maith agat],” a dúirt an Comhairleoir Andy Law.
Tá Leas-Mhéara an bhaile, an Comhairleoir Penny Osborne, ag tacú leis an bpolasaí nua freisin agus dúirt go bhfuil an teanga ina “cuid thábhachtach dár stair agus dár bhféiniúlacht” go mór mór i gceantar Pennsans.
Glacadh leis an bpolasaí ag cruinniú de chuid na comhairle le deireanas. Ag an gcruinniú céanna, cuireadh triúr ó pharóiste Pennsans in aithne do na comhairleoirí atá tar éis aitheantas speisialta a fháil ón eagraíocht Gorsedh Kernow as ucht na hoibre atá déanta acu ar son na teanga.
Aithníodh Myrgh Breweni as an Choirnis agus an cultúr agus an fhéiniúlacht Chornach a chur chun cinn i measc an phobail; tugadh aitheantas do Judith Lawrence as an teanga a chur chun cinn; agus tugadh aitheantas do Susan Opie, bean an Mhéara, as Grád 4 i scrúduithe Coirnise a bhaint amach agus as an teanga a chur chun cinn.
I mí Feabhra na bliana seo, d’éiligh os cionn míle duine in achainí go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach ar fud an Choirn, i ndiaidh don teanga stádas breise a bhaint amach ag leibhéal na hEorpa in 2025.
Bronnadh stádas ‘Cuid III’ faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar an gCoirnis ag deireadh na bliana seo caite. Is é ‘Cuid III’ an stádas is airde atá ar fáil agus d’fhág an t-ardú céime an teanga ar comhchéim leis an nGaeilge, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus Manainnis.
Maíodh san achainí ar líne go dtógfaí ar an stádas nuabhronnta agus go gcrochfaí comharthaí bóthair a bhfuil logainmneacha Chorn na Breataine i gCoirnis agus i mBéarla orthu, mar a fheictear in áiteanna eile sa Bhreatain. Tá an chomharthaíocht dhátheangach tugtha isteach le fada sa Bhreatain Bheag agus in Albain.
Tá an Choirnis le feiceáil cheana féin ar chomharthaí ag Lys Kernow (Lios an Choirn), ceannáras Chomhairle Chorn na Breataine, agus san ionad ealaíon Hall for Cornwall.
Tá an Choirnis le feiceáil ar ainmchláir roinnt sráideanna i mbailte áirithe i gCorn na Breataine freisin, ach níl aon rialtacht ann agus níl aon cheangal dlí ar na húdaráis áitiúla a leithéid a chrochadh. Tá os cionn míle ainmchlár dá leithéid i gCorn na Breataine cheana féin.
Bunaíodh Panel Arwodhyow ha Henwyn Tyller Kernewek (Painéal Comharthaíochta agus Logainmneacha) tamall de bhlianta ó shin le taighde a dhéanamh ar logainmneacha Coirnise agus moltaí a chur chun chinn do shráidainmneacha agus d’ainmneacha bóthair sa réigiún. Maíonn Comhairle Chorn na Breataine go bhfuil borradh faoin teanga i láthair na huaire agus go bhfuil “athbheochan ar fud na diúcachta”.
Nuair a bronnadh stádas ‘Cuid III’ faoin gCairt Eorpach ar an gCoirnis anuraidh, dúirt Emily Jenkins ón eagraíocht Kowethas an Yeth Kernowek (Cuallacht na Coirnise) go raibh súil aici go mbeadh tionchar ag an stádas nua ar stádas na Coirnise ar chomharthaí bóthair agus sa tseirbhís phoiblí.
Tá an Choirnis ar cheann de na teangacha Ceilteacha is laige sa lá atá inniu ann. Níl aon chainteoir dúchais traidisiúnta fágtha ann agus níl ach fíorbheagán daoine ann a bhfuil ardscileanna sa teanga acu.
Mar sin féin, tá spéis as an nua sa teanga sa Chorn le tamall de bhlianta anuas agus daoine á foghlaim arís. Bunaíodh irisleabhar Coirnise, Gweles, in 2021 agus baineann an ceoltóir Breatnach, Gwenno úsáid as an teanga, a fuair sí óna hathair, ina cuid amhrán.
Fág freagra ar 'MIONTEANGACHA: Comharthaíocht dhátheangach le crochadh in Pennsans i gCorn na Breataine'