Bhí sochraid Glen Hansard, an t-amhránaí iomráiteach a bhásaigh go tragóideach an tseachtain seo caite i dtimpiste ghluaisrothair, ar siúl tráthnóna in Ardeaglais Phádraig.
Ag tús na seirbhíse, dúirt an Ró-Oirmhinneach William Morton gur ócáid a bhí ann ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol Glen Hansard agus buíochas a ghabháil as “a thallann, a fhlaithiúlacht agus a chineáltas”.
Dúirt sé go gcuimhnítear ar dhaoine áirithe ní hamháin mar gheall ar an méid a bhaineadar amach ach mar gheall ar an maitheas a dheineadar do dhaoine eile.
Bhí Glen Hansard ar dhuine de na daoine sin, a dúirt sé.
“Fágann Glen ina dhiaidh cairdeas a shaibhrigh sinn, gníomhartha cineáltais nach ndéanfar dearmad go deo orthu, spreagadh a thug misneach do dhaoine eile agus cuimhní a mhairfidh go deo.”
Ag tús na seirbhíse thug an ceoltóir Colm Mac Con Iomaire, a bhí ina bhall de The Frames le Glen Hansard, giotár os comhair an tslua mar shiombail de shaol a chara. Bhí an ceol lárnach sa searmanas a mhair breis is dhá uair a chloig, agus chualathas amhráin i nGaeilge ó Bhreanndán Ó Beaglaoich agus Cór Chúil Aodha.
Labhair Maire Saaritsa, bean chéile Glen Hansard, faoin aistear a thugadar le chéile ag tóraíocht “na fírinne agus na háilleachta”. Dúirt sí go raibh a mac Christy ró-óg le bheith i láthair ach go raibh “an spiorad geal a fuair sé óna athair linn”.
Dúirt Richard Hansard gurb é a dheartháir an “snáth ceangail ag an oiread sin daoine”.
Thug an ceoltóir Duibhneach Breanndán Ó Beaglaoich “ár laoch i mbéal gach bearna” ar a chara a raibh ceangal mór aige le Gaeltacht Chorca Dhuibhne.
“D’fhágais slán ar ré lán, d’fhágais sinne lenár gcroíthe briste, ach cneasóm mar is dual do dhaoine, cé is go mbraithfimid uainn ár laoch i mbéal gach bearna, bead mór go deo leat, a Ghlen, a dhuine álainn aoibhinn,” arsa Ó Beaglaoich.
I ndiaidh a phíosa ómóis a léamh, dúirt sé an t-amhrán sean-nóis le hAindrias Mac Craith ‘Slán le Máigh’.
Bhí Bono ar dhuine eile de na daoine a léirigh ómós don amhránaí ag an tseirbhís sochraide.
“Aon duine a bhuail leis, is cuimhin leo an lá go mbuaileadar leis,” arsa príomhamhránaí U2. Sheinn Bono ansin teachtaireacht fóin a fuair sé ón gceoltóir Patti Smyth a seoladh chuige mar “suantraí do mhuintir agus do chairde Glen”.
Mar chríoch, dúirt Bono mar dhán ‘Beautiful Day’, an t-amhrán de chuid U2.

Ar na ceoltóirí eile a ghlac páirt sa tseirbhís, bhí baill The Frames chomh maith le Lisa O’Neill, Damian Dempsey, Imelda May, Lisa Hannigan, Rónán Ó Snodaigh, Cormac Ó Beaglaoich, Eddie Vedder ó Pearl Jam agus Markéta Irglová, a bhuaigh Oscar le Glen Hansard dá n-amhrán ‘Falling Slowly’.
Chuir Liam Ó Maonlaí agus scata mór ceoltóirí clabhsúr ar an tseirbhís le leagan tochtmhar beoga 15 nóiméad d’amhrán Bob Dylan ‘Forever Young’.
Agus an slua fós ag fágáil na hardeaglaise, dúirt Paddy Casey agus cuid de na ceoltóirí ‘The Auld Triangle’, ceann de na hamhráin ab ansa le Glen Hansard.
Bhailigh na sluaite taobh amuigh den Ardeaglais chun féachaint ar an searmanas ar scáileán is é ar siúl istigh.
I ndiaidh na seirbhíse, thionlaic muintir agus cairde Glen Hansard an capall agus an cóiste ina raibh a chónra go dtí Reilig Chnocán Iaróm do shearmanas príobháideach.
Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Bead mór go deo leat a Glen, a dhuine álainn aoibhinn’ – sochraid Glen Hansard i mBaile Átha Cliath'