Cuid mhór den díospóireacht thar barr ar chlár nua TG4, ach níor forbraíodh mórán í

Clár snasta ar go leor dóigheanna atá i ‘An Saol mar Atá’ ach fágadh roinnt ceisteanna tábhachtacha gan freagra sa chéad eagrán, a bhain le tógáil clainne

Cuid mhór den díospóireacht thar barr ar chlár nua TG4, ach níor forbraíodh mórán í

Chuir Síle Seoige tús le sraith nua an tseachtain seo caite, An Saol mar Atá (TG4). Tá ábhar na sraithe seo bunaithe ar cheisteanna a phléann sí ar a podchraoladh agus roghnaigh sé ‘tógáil clainne’ don chéad chlár. Pléifidh sí ceisteanna a bhaineann le himní agus bulaíocht i gcláracha eile.

Cur chuige simplí a bhí i gceist; chuaigh Seoige thart fán tír agus labhair le daoine, tuismitheoirí go ginearálta ach mná den chuid ba mhó, faoina dtaithí féin agus iad ag tógáil clainne in Éirinn ár linne. An cheist ba bhunúsaí a bhí ann ná arbh fhéidir droim láimhe a thabhairt le gaois na nGael – ní féidir leat freastal ar an dá thrá – agus clann a thógáil mar is ceart agus slí bheatha fhiúntach a bhaint amach fosta.

Bhí ceist an airgeadais go mór i  mbéal na rannpháirtithe, an costas a bhain le cúram leanaí a íoc. Chuaigh Seoige sa bhearna bhaoil agus chuaigh anonn go hOsló – ar son na cúise! – le fáil amach cad é mar a bhí an scéal sa tír sin. D’aimsigh sí cainteoir líofa Gaeilge a bhí in ann cur síos maith a dhéanamh ar chúrsaí agus chuir sin slat tomhais gharbh ar fáil don lucht féachana.

Bhí cuid mhór den díospóireacht thar barr; bhí aíonna maithe faoi agallamh a bhí in ann an téama a phlé go cumasach agus chuirfeadh cuid den chaint tocht ort. Ba léir go raibh a gcroí istigh ina bpáistí ag na tuismitheoirí agus iad réidh le seasamh san áth lena bpáistí a chothú agus a chosaint.

Mar sin féin, níor forbraíodh an díospóireacht mórán. Bhí costas ard ag baint le seirbhísí do pháistí óga. Tá go maith. Ní raibh go leor áiteacha ar fáil do pháistí. Tá go maith. Bhí tíortha eile níos fearr sa réimse seo. Tá go maith. Ach cad chuige? Cad chuige a bhfuil an costas ard sin ann? Cad chuige a gcaithfidh tuismitheoirí an oiread sin a shaothrú sa lá atá inniu ann le bheith beo? Cad chuige nach bhfuil go leor áiteacha ar fáil? Cad chuige a bhfuil an bhearna sin idir éileamh agus soláthar chomh tubaisteach sin?

Bhí Evanne Ní Chuilinn faoi agallamh, polaiteoir agus iriseoir. Labhair sí go maith mothálach faoina taithí a bheith ag freastal ar thrá na clainne agus trá na hoibre. Ach labhair sí mar mháthair, ní mar pholaiteoir a bhí freagrach as polasaithe an Stáit a mholadh agus a dhréachtú.

Chonaic muid grianghraf de Ní Chuilinn agus í i gcuideachta cheannaire a páirtí, Simon Harris. Nárbh fhiú ceist a chur ar an Taoiseach-Tánaiste-Taoiseach-Tánaiste cad é a bhí ar siúl ag a chomhrialtas leis an bhrú a laghdú ar chlanna Éireann? An raibh polasaí ar bith acu a bhí ag cur le strus agus stró na ndaoine a bhí ag tógáil clainne?

Agus ceist níos teibí arís, an amhlaidh nach bhfuil sa tsaoránach anois ach staitistic don Stát nó an aithníonn an Stát an duine beo daonna taobh thiar den uimhir atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach, dolaí a íoc agus páistí a thógáil ar an mhodh Éireannach?

Thairis sin, bhí go leor daoine gairmiúla ag caint ar an chlár, daoine, b’fhéidir, a raibh deiseanna níos fearr acu na dúshláin seo a shárú; rud nach ionann agus a rá nár chuir na dúshláin sin ó chodladh na hoíche go minic iad. Ach an measa cás an duine, abair, nach bhfuil ag plé leis na meáin chumarsáide nó le hearnáil ghairmiúil ar bith eile sa chomhthéacs seo?

Bíodh sin mar atá, clár snasta a bhí ann ar go leor dóigheanna agus thug sé spléachadh riachtanach ar dhíospóireacht mhór a bheas faoi chaibidil go ceann i bhfad, mheasfá.

Fág freagra ar 'Cuid mhór den díospóireacht thar barr ar chlár nua TG4, ach níor forbraíodh mórán í'

  • Stiofán Mac Gabhann

    An-alt!

  • lucyrua

    Aontaím. Bhí sé beagáinín fluffy mar clár mar a déarfá. Níor dearnadh cíoradh ceart ar na ceisteanna ach b’fhéidir nach shin é údar an chláir. Aontaím maidir le haíonna. Theastódh éagsúlacht níos mó i dtaobh aicme agus ní raibh ach abairt ráite ag an t-aon fear ar an gclár. Bhí mé ag súil le níos mó téagar a bheith ann.