Cathair na Gaillimhe fágtha taobh thiar díom agus m’aghaidh á tabhairt agam soir an bóthar ar an M6 an tseachtain seo caite, ba bheag nár chas an carr dá deoin féin ó dheas i dtreo Luimnigh agus, níos faide anonn ná sin, Cill Airne. Céard eile a dhéanfadh Gael maith an tseachtain dheireanach de mhí Dheireadh Fómhair ach dul siar ó dheas go Mecca sin na nGael?
Ach chuimhnigh mé orm féin ag an nóiméad deiridh agus choinnigh an cairrín ar a cúrsa thar an ‘amach’ don M18 agus soir, agus ansin ó thuaidh, d’ionad oilithreachta na bliana seo – Béal Feirste.
Bhí ocht mbliana is fiche ann ó bhí an tOireachtas i mBéal Feirste (cé go ndúirt beagnach chuile dhuine a thrácht air gur 30 bliain a bhí ann) agus, cé is moite de dhá bhliain fhánacha sa Citywest, tá deich mbliana caite againn i gCill Airne le cúig bliana déag anuas (bhí dhá bhliain san fhásach againn in 2020 agus 2021 mar gheall ar Covid). D’fhéadfaí a rá go bhfuil glúnta ann anois a shamhlaíonn an fhéile, a bhogtaí timpeall na tíre, le Cill Airne agus le Cill Airne amháin.
Bhí go leor cainte mar sin sna seachtainí roimh an Oireachtas faoi cén chaoi a n-éireodh le muintir Bhéal Feirste agus iad ina n-óstaigh ar an bhféile is mó Gaeilge ar domhan. Is é mo bhreithiúnas féin ná gur éirigh go seoigh leo.
Seo an chéad uair a reáchtáladh an fhéile, mar a thuigeann muid sa lá atá inniu ann í, i gcathair mhór. Ní áirím Oireachtais na haoise seo caite (agus na haoise roimhe sin) óir ní mar a chéile an beithíoch mór d’fhéile atá againn inniu agus an fhéile aon lae, trí chomórtas, agus dinnéar breá do na boic mhóra a reáchtáiltí sa Rotunda ag deireadh an naoú haois déag.
Agus ní féidir Oireachtais na bliana 2015 ná 2019 a chur san áireamh mar fhéilte cathrach mar, cé gur ‘Oireachtas Bhaile Átha Cliath’ a tugadh orthu, ba in óstán mór millteach an Citywest i dTeach Sagard, baile i gcontae Bhaile Átha Cliath, a reáchtáladh na heagráin sin den fhéile ina n-iomlán.
Agus muid i mBéal Feirste i mbliana bhí muid i lár an aonaigh – san Ionad Idirnáisiúnta Tionóil (nó Ionad Cois Cuain mar a thugann Gaeil Bhéal Feirste ar an ICC), i Halla na Cathrach, i Halla Uladh, agus san iliomad láithreacha eile i lár na cathrach agus ar a himeall.
Cé gur chuala mé roinnt bheag gearán faoi cé chomh “scaipthe” nó “scartha amach” is a bhí imeachtaí na féile i mbliana, thaitin an chaoi ar ghlac na Gaeil seilbh ar an gcathair don tseachtain go mór liom. Is cuimhin liom gur reáchtáladh roinnt imeachtaí i mbaile Chill Airne nuair a bhí an tOireachtas ann in 2010 agus gur cuireadh iachall orainn meascadh le muintir na háite. Le blianta beaga anuas, is sáinnithe idir dhá óstán, an Brehon agus an Gleneagle, a bhíonn muid agus muid ann i ngan fhios do mhuintir an bhaile.
Bhain dhá rud dhearfacha leis an “scaipeadh” seo imeachtaí. D’fhág sé go bhfuair muide, na cuairteoirí, an deis cathair Bhéal Feirste ina hiomlán a fheiceáil agus muid ag taisteal ó ionad go hionad. Rud níos tábhachtaí, seans, ná go bhfuair gnáthmhuintir Bhéal Feirste an deis a fheiceáil gur ann do phobal bríomhar Gaelach, atá sásta a dteanga agus a gcultúr a cheiliúradh ar fud a gcathrach.
Níos minice ná uair amháin a chuala mé Feirstigh ag fiafraí faoin slua mór cainteoirí Gaeilge a leaindeáil sa chathair Dé Céadaoin seo caite, agus cuid acu ag iarraidh a fháil amach cá bhféadfaidís féin an teanga a fhoghlaim. Bhí muintir Chorca Dhuibhne ag spalpadh Gaelainne ar an Glider. Bhí muintir Chonamara ag comhrá i nGaeilge agus iad ag ithe bia sráide i Margadh San Seoirse. Bhí na Conallaigh ag ól i nGaeilic sa Crown Bar. Chuala mé féin beirt fhear slándála san ICC féin ag caint ar an líon mór cainteoirí Gaeilge a bhí timpeall – “sure Joe [a gcomhghleacaí] can speak it fluently, didn’t you know?” a d’fhiafraigh an fear beag den fhear mór.
Is maith a d’fheil an t-ionad mór do na comórtais. Bhí sé sách mór le nach mór gach uile chomórtas a reáchtáil ann agus neart spás breise ann do sheoltaí leabhar, seimineáir agus léachtaí. Má bhí sé deacair an chéad lá do bhealach a dhéanamh timpeall, ní raibh sé tada níos measa ná cathair ghríobháin an Gleneagle agus an Brehon – ní raibh ann ach nach raibh cleachtadh againn air. Tar éis lá a chaitheamh ag dul suas síos na staighrí beaga beo, bhí fios mo bhealaigh agam agus mé in ann dul ó cheann ceann an fhoirgnimh i gcúpla nóiméad.
Thug mé féin liom mo rothar (rud a mholfainn do dhuine ar bith am ar bith áit ar bith) agus ba mhór an cúnamh dom é. Laghdaigh sé an turas ón ICC go dtí an Chultúrlann go deich nóiméad nó mar sin agus an turas ar ais chuig mo leaba sa Europa go níos lú ná cúig nóiméad.
Ach don té nach mbeadh a rothar leis, ní raibh an t-achar idir na hionaid chomh dona sin, go mór mór dá mbeifí sásta an Glider (bus Bhéal Feirste) a úsáid. Ní raibh an tacsaí féin chomh costasach sin ach an oiread, agus murach an bháisteach throm Dé hAoine is maidin Dé Sathairn d’fhéadfaí siúl ó áit go háit den chuid is mó, rud a rinne go leor.
Tháinig méadú mór ar Aonach an Oireachtais i mbliana (an áit sin a mbíonn seastáin agus pinn saor in aisce) agus is maith a d’fheil an spás breá fairsing a chuir an ICC ar fáil lena aghaidh. Bhí sé i bhfad níos éasca bogadh timpeall an Aonaigh agus gach a raibh ann a fheiceáil i gceart. (Bhí feabhas mór ar na rudaí saor in aisce a bhí ar fáil freisin – cupáin Tuairisc, mar shampla!).
B’fhéidir gurbh é an rud is mó a chuir as dom faoi Bhéal Feirste ná praghas an bhia agus an tseirbhís sna bialanna. Ní hé go raibh droch-chaighdeán beatha ann ach bhí sé thar a bheith costasach agus ní go rómhúinte a bhí an lucht freastail i gceachtar den dá mhór-ionad ná i roinnt de ghnáthbhialanna na cathrach. Mar sin féin, ní raibh siad baileach chomh drochbhéasach is a bhí muintir Leitir Ceanainn in 2012.
Má bhí na tábhairneoirí agus lucht bialann beagáinín borb in áiteanna, ní fhéadfaí an méid sin a rá faoi Ghaeil Bhéal Feirste. Ba léir a lúcháir go raibh an fhéile mhór tagtha chuig a mbaile dúchais agus chuir an bród mór a bhí orthu go mór leis an ócáid. Thaitin sé liom a áthasaí is a bhí cainteoirí Gaeilge na cathrach na hionaid Ghaelacha a roinnt linn agus scéal na Gaeilge sa gcathair a ríomh.
Tá a fhios againn gur cuireadh le líon na gcomórtas i mbliana (rapcheol, amhránaíocht le giotár, agus cóir do dhaoine óga) ach bhí an chosúlacht air gur cuireadh le líon na n-imeachtaí eile chomh maith: seoltaí leabhar, podchraoltaí beo, seimineáir, agus ócáidí nach iad. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, go raibh an iomarca ag tarlú in amanna nó gur eagraíodh “rudaí móra” ag an am céanna, rud a d’fhág gur dheacair freastal ar chuile shórt.
An rud is mó a léirigh Oireachtas Bhéal Feirste dom ná gurbh fhéidir agus gurbh fhiú é a dhéanamh. Mar a dúirt bean as Ceatharlach liom “níor thuig mé go bhféadfaí an tOireachtas a bhriseadh suas in ionaid dhifriúla mar seo – tugaimis go baile Cheatharlach é!”.
Seans go bhfuil baile Cheatharlach beagáinín róghann ar spás dá leithéid d’fhéile ach is cinnte gur féidir an rud iontach a rinneadh i mBéal Feirste a dhéanamh i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, nó Gaillimh.
Lillis Ó Laoire
Dea-ráite! Bhí Oireachtais mhaithe i Leitir Ceanainn agus i gCathair na Mart. Chuir COVID deireadh le hiarracht na Gaillimhe. Is breá an t-ionad é Cill Airne ach tá sé i bhfad ón taobh ó thuaidh.
Concubhar
B’iontach an eagrán den Oireachtas a fuaireamar i mBéal Feirste. Piosa deas. Lean ort le do cháirrin. Beidh sé ag teacht siar ó dheas an bhliain seo chughainn ach cá bhfios ina dhiaidh sin?
Pádraig Ó hAiniféin
Is Ciarraíoch mórtasach mise go smior agus go smúsach ach táim féin díomách gur ar Chill Airne a bheidh ár dtriail an bhliain seo chugainn. Bhraitheas go raibh fuinneamh nua ag baint leis an Oireachtas i mbliana agus lár na cathrach ar leic an dorais againn seachas a bheith scartha amach ón mbaile mar a bhíonn i gCill Airne. Bhí bús faoin gcathair agus ba gheall le hionad neamhoifigiúil an Oireachtas é tigh tabhairne Maddens. Tá súil agam nach fada go mbeidh an tOireachtas arís ann.
Odí Ní Chéilleachair
Beidh tú in ann an rothar a fhágaint sa mbaile an bhliain seo chugainn!
duine leisciúil
Cé go raibh sé go han-deas an tOireachtas a bheith in ó Thuaidh, chuir sé isteach go mór orm an t-achar idir na himeachtaí – agus gan heacnaí eagraithe ag an Údarás féin. Ní fadhb é seo le BF amháín, bheadh an fhadhb chéanna i gCathair na Gaillimhe, mar shampla, ach bhí sé deacair freastal ar chuile shórt agus bheith ag glacadh bpáirt sna comórtais (agus daoine a fheiceáil!) nuair a chaithfidh tú siúl breis is cúig nóiméad déag idir na himeachtaí (agus níos faide go dtí an Chultúrlann). Bhí BF go hálainn, ach b’fhearr liom gan bheith ag íoc agus ag braith ar iompar pobilí freastal ar rudaí. Sin an rud is deise faoi Chill Áirne – tá chuile rud taobh istigh de 5 nóiméad siúl agus ní chaithfidh tú goil amach sa mbáisteacht.
Dhá mbeadh bus eagraithe ag an Oireachtas idir na trí háit, bheadh sé i bhfad ní b’fhearr.
Eibhlín Thomáis Uí Chatháin
Beidh fáilte romhaibh go léir i gCill Airne 2026. Tá seirbhís bus nua bhunaithe i gCill Airne le trí mhí. Ní gá na rothair a thabhairt libh. Ach tabhair libh na cupáin in-athúsáide. Thaitin Béal Feirste go mór liom ach bead tagtha chugam féin chun dul ‘n Gaillimh 2027