Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Gearóid Ó Tuathaigh, duine de mhórstaraithe na hÉireann

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann.

Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun tabhairt faoin léann, ar an ngá le hathbheochan a dhéanamh ar aisling na hollscolaíochta Gaeilge agus ar a chairdeas le Micheál D Ó hUigínn.

Pléann siad chomh maith ceisteanna móra geopholaitíochta na linne, an cinedhíothú in Gaza, Donald Trump, Valdimir Putin agus na fáthanna go bhfuil an lámh in uachtar ag an lámh láidir faoi láthair sa domhan.

Déanann siad paiste cainte chomh maith faoi dhaonlathú na staire agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann leis.

Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Gearóid Ó Tuathaigh– ‘Tá na maistíní i gceannas, tógfaidh sé tamall iad a bhogadh’'