Moltar go láidir i ndréacht-tuarascáil inmheánach de chuid an Gharda Síochána go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta do Ghardaí ar cuireadh deireadh leis in 2012.
Deirtear sa tuarascáil, a d’ullmhaigh Rannóg Daonna an Gharda Síochána, go ndéanfadh an buntáiste don Ghaeilge a bhainfeadh leis an liúntas a tabhairt ar ais cúiteamh ar aon chostas a bhainfeadh leis.
Deirtear sa tuarascáil, ar scaoileadh cóip di faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, go bhfuil gá leis an liúntas a thabhairt ar ais chun dul i ngleic leis an easpa cainteoirí Gaeilge san eagraíocht.
“The deficit in Irish language proficiency and usage within An Garda Síochána cannot be remedied by the Irish Garda Trainee stream alone,” a deirtear. Luaitear sa tuarascáil gur éirigh le 25 iarrthóir sa sruth Gaeilge in 2022 ach go dtógfadh sé roinnt blianta na hiarrthóirí sin a lonnú i stáisiúin Ghaeltachta.
Bhainfeadh “spreagadh soiléir” leis an liúntas Gaeltachta ach é a thabhairt ar ais, a deirtear. Cuireadh deireadh leis an liúntas in 2012 nuair a cuireadh deireadh le scata liúntas eile. Bíonn an liúntas á íoc go fóill leis na Gardaí a bhí ina theideal sular cuireadh deireadh leis, rud a chothaíonn deacrachtaí, a deirtear.
Ina bhfreagra ar an moladh go dtabharfaí an liúntas ar ais, deir Grúpa Oibre Straitéise Gaeilge an Gharda Síochána:
“A current disparity among Gardai highlighted, where some Gardai in receipt of the Gaeltacht Allowance are working alongside fluent/native speakers in Gaeltacht Stations who receive no such allowance but deliver a policing service through Irish.”
Thacaigh baill den ghrúpa oibre go láidir leis an moladh go dtabharfaí an liúntas ar ais.
Dúirt an ceannfort David G. Kelly ó Stáisiún Bhaile na nGallóglach gur rud an-dearfach a bheadh ann. Dúirt sé nach mbeadh ach “minimal cost” i gceist don Stát, go háirithe nuair a chuirfí an costas i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann le gach post a chruthaíonn Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht.
Mhol Kelly chomh maith múnla nua faoina mbeadh íocaíochtaí éagsúla i gceist ag brath ar líofacht cainte. Ag barr an scála bheadh 7.5% dá phá ag an té is líofa.
“An innovative approach could be a tiered percentage of pay, with increases based upon level of proficiency attained and culminating with the full 7.5% (presuming this is this highest percentage if re-introduced) when reaching the highest proficiency standard.”
7.5% de bhunphá an Gharda a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht a bhí i gceist leis an liúntas sular cuireadh deireadh leis agus thart ar €800,000 ar fad a chosain an scéim. Deirtear gur chun leas chainteoirí Gaeilge an fhórsa a bheadh sé a leithéid de spreagadh a thabhairt ar ais.
“The offering of a financial incentive will create an initial visible commitment by the organisation to create better career paths for our fluent Irish speakers,” a deirtear. Léireodh an liúntas go bhfuil an Garda Síochána meáite “better career paths for our fluent Irish speakers” a chruthú.
Bhí roinnt de bhaill an Grúpa Oibre don Ghaeilge ar son an scéim a thabhairt ar ais agus í a leathnú. Faoin scéim liúntais mar a bhíodh ní bhíodh ach Gardaí i gceantair Ghaeltachta i nGaillimh, Dún na nGall agus Ciarraí i dteideal an liúntas a fháil.
Dá mbeadh ceannáras réigiúnda an stáisiúin Ghaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht ní raibh gardaí an stáisiúin sin i dteideal an liúntas a fháil.
Dúirt an tArd-Cheannfort Vincent O Sullivan ó stáisiún Dhroichead na Bandan nach raibh an scéim liúntais cothrom mar a bhí.
“I think the essential thing is that there is fairness across the board. The way the allowance had been allocated…was very unfair on the members working in FíorGhaeltacht stations which did not have their District HQ within the Gaeltacht, for example Ballyvourney and Ballingeary in Cork County.
“I have visited these villages and I know that the members are engaging with the public entirely through Irish in these areas.”
“We then have members in some of the Breac-Ghaeltachts who do not use the Irish language on an annual basis not to mind daily but they were eligible to claim the allowance because their District Headquarters was within the Gaeltacht.”
Dúradh chomh maith gur chóir smaoineamh ar an liúntas a cheadú do ghardaí in aonaid roinne sa chás go mbeadh ceantar Gaeltachta faoi chúram an aonaid.
Moladh eile a bhí ann ná nach mbeadh an liúntas teoranta don Ghaeltacht amháin. Dúradh go raibh Gardaí lasmuigh den Ghaeltacht a bhí ábalta, mar shampla, cainteanna a thabhairt i nGaelscoileanna.
Agus deacrachtaí ann Gardaí a earcú, moladh freisin go bhféachfaí mar “an chéad chéim” ar an bpolasaí faoi chead nó gan cead a thabhairt do Ghardaí obair ina gceantair féin.
Fág freagra ar 'Moladh i dtuarascáil inmheánach de chuid an Gharda Síochána go dtabharfaí ar ais liúntas Gaeltachta'