“Tá éigeandáil anseo.” Colm Ó Neasa, fear óg as Cill Chiaráin agus é ag caint ag cruinniú a reáchtáladh le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, in Iorras Aithneach in iarthar Chonamara le gairid. Múinteoir é Colm, scríbhneoir, gníomhaí pobail agus peileadóir – an cineál duine atá ag teastáil go géar i bpobail tuaithe.
Ag trácht ar a phobal féin a bhí Colm. “Tá an líon gasúr sna bunscoileanna tite go tubaisteach,” arsa seisean. “Tá obair gann agus níl beocht ná borradh faoin bpobal.”
Labhair Colm go díreach leis an bPríomhfheidhmeannach. “Tá cás ann le stádas éigeandála a thabhairt don phobal seo.”
Dúirt Ó Síocháin nach mbeadh athrú ar bith ar an saol sa gceantar ar maidin amárach dá gcuirfí branda éigeandála air anocht. Tá, a deir sé, lucht an Údaráis ar a seacht míle dícheall ag iarraidh feabhas a chur ar stádas eacnamaíochta agus sóisialta an cheantair. Ach, a deir sé, is beag nach bhfuil sé dodhéanta infheisteoirí as taobh amuigh a mhealladh thar Chois Fharraige anoir. Níor cuireadh an scéal níb fhaide, don iarraidh seo ar chuma ar bith.
Tá macasamhail chás Charna agus Chill Chiaráin i gcuid mhaith paróistí tuaithe. Ní gá a dhul níos faide ná Ros Muc cúpla míle ó bhaile ar an taobh thoir, ná níos faide ná an Caiseal ar an teorainn thuaidh d’Iorras Aithneach. Cniogfaidh an creimeadh daonna na pobail sin de réir a chéile; ní fhéadfadh go mbeadh toradh ar bith eile ann. Chuile sheans go gceannóidh lucht tithe saoire na tithe san áit de réir a chéile freisin. Is ar éigean go bhfuil an t-athrú sin mórán le cois glúin amháin uainn. An éigeandáil é sin nó ar cheart imeacht leis an sruth?
Níor cheart, a deir Colm.
Mheabhraigh sé dóibh siúd a bhí ag an gcruinniú nach fada roimhe sin ó cuireadh pictiúr iontach d’Iorras Aithneach os comhair an tsaoil sa gclár teilifíse Carna an Cheoil ar TG4. ‘Sin é atá muid a ligean uainn,’ arsa Colm. Bheadh ionadaithe Ros Muc ag an gcruinniú ar an bport céanna faoina bpobal féin – gan ach cúpla gasúr ón Úcráin anois ag coinneáil ceann de scoileanna an cheantair sin beo. Bheadh scéalta dá leithéid fairsing.
Fanadh muid le cruinniú Charna agus cás an phobal sin.
Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go tuisceanach agus luaigh sé iarrachtaí a d’fheabhsódh an scéal dá mbeidís faoi bhláth. Níl aon amhras ar dhuine ar bith ach gur mhaith le feidhmeannaigh an Údaráis go mbeadh an saol, agus an scéal, níos fearr i Ros Muc agus i gCarna.
Ach ní féidir an leagan a bhí ag Colm Ó Neasa ar an saol mar atá anois a bhréagnú; ní féidir an focal sin ‘éigeandáil’ sa gcomhthéacs atá ann a sheachaint. Ansin mar bharr ar gach mí-ádh níor cruthaíodh mórán post breise ar bith in Iorras Aithneach, ná i Ros Muc, ó fógraíodh plean gnímh 5 bliana – sin 6 bliana ó shin anois. Iad siúd a bheadh amhrasach nó éadóchasach, bheadh ceist ar bharr a dteanga agus an cruinniú ag críochnú.
An féidir rud ar bith a dhéanamh?
Chuile sheans gur ceist í atá curtha ag daoine i bpobail imeallacha eile sa nGaeltacht agus i bpobail tuaithe ar fud na tíre. An féidir aon bhlas a dhéanamh leis an sleamhnú a stopadh?
Sé an córas pleanála a thug an chéad bhuille don Phlean 5 Bliana in Iorras Aithneach. Diúltaíodh d’iarratais phleanála a bhain le Páirc na Mara – ionad ina mbeadh réimsí táirgeachta, taighde agus forbartha ar gníomhaíochtaí cladaigh agus mara i gCill Chiaráin. Ansin diúltaíodh d’iarracht le drioglann a bhunú i gCarna. Ina theannta sin, diúltaíodh d’fhorbairt Glampála i sráidbhaile Charna. An mbeadh fonn ar infheisteoir príobháideach ar bith iarraidh a thabhairt faoi thionscnamh ansin?
Déanta na firinne, is grúpaí pobail atá i mbun an dá mhórphlean forbartha sa bpobal anois – Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta agus an fhorbairt atá beartaithe ag Cumann Lúthchleas Gael i limistéar na páirce imeartha, an Plantation, i gCarna. Obair dheonach atá i gceist leis an gcuid is mó den saothar sin.
Ach dá mhéid iarrachtaí pobail atá ann, cinnfidh an saol ar an obair dheonach mura mbíonn réimse postanna agus pá seachtaine ag daoine, agus údar muiníne acu as an saol.
Is é an cás céanna é ag cuid mhór paróistí atá imeallach.
Ní gá a ghabháil cuimse achair ó thuaidh i gConamara go bhfeicfear an bealach a sciorrann pobal le fána. Rinneadh forbairt ar pháirc imeartha ar an Líonán tamall maith blianta ó shin ach nuair a bhí an pháirc réitithe ní raibh aon fhoireann peile sa gceantar.
Chuaigh an pobal óg le fána freisin sa gCloigeann, sa gCladach Dubh agus i gCloch na Rón. Níl foirne dá gcuid féin sna ceantair sin ag pobal ar bith anois, beag ná mór. Bhíodh teailí ann lá den saol. Tá an líon gasúr sna scoileanna ag tanaíochan agus an líon tithe saoire – agus tithe folmha – ag méadú.
Ní fiú agus ní ceart branda éigeandála a chur ar cheantar, a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus d’fhéadfadh gur aige atá an ceart sa méid sin. Ní hin le rá nach bhfuil droch-chomharthaí ann.
Tá gníomhaíocht ag teastáil láithreach, amhail forbairt ar acmhainní mara, cladaigh, agus turasóireachta. Sin rudaí bunúsacha sa gceantar. Bheadh athbheochan láidir ar choincheap agus ar thionscnamh Pháirc na Mara ar cheann acu, agus sin gan mhoill. Mar atá faighte amach i bpobail tuaithe eile, is gearr a bhíonn an taoille ag trá, agus sin éigeandáil.
Pól Ó Braoin
Má imíonn an Ghaeltacht, imeoidh an Ghaeilge agus ní bheidh fanta inti ina dhiaidh sin ach caitheamh aimsire agus ábhar scoile. Ní i gcúrsaí teangan amháin atá an éigeandáil. Glaoitear éigeandáil air agus bí críochnaithe leis an gcur agus leis an gcúiteamh. Má ligtear do na háiteanna sin bás a fháil de bharr an chuma liom agus de bharr an easpa gníomhaíochta, caillfidh an tír seo rud gleoite nach bhfaighidh sí ar ais go deo na ndeor arís. Is mór an peaca é gan ár míle dícheall a dhéanamh déileáil leis an ngéirchéim éigeandála atá ar siúl os comhair ár dhá súl amach. Ní chreidim go gcuirfear mórán in aghaidh plean den chineál sin i measc phobal na hÉireann. Baintear triail as in ainm Dé sara mbíonn sé ródheireanach.