Ar thóir foilsitheora? Bíodh foighne agus diongbháilteacht an dobhareich agat!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: nuair a bhíonn dréacht do shaothair críochnaithe agat a thosaíonn an crá croí! 

Ar thóir foilsitheora? Bíodh foighne agus diongbháilteacht an dobhareich agat!

Foilsitheoir a aimsiú, sin é, gan dabht, an ghné is dúshlánaí de ghairm an scríbhneora chruthaithigh.

B’fhearr liom féin míle babhta eagarthóireachta – mise agus an téacs ag iomrascáil lena chéile, go príobháideach, ar chanbhás an leathanaigh – ná saothar críochnaithe a chur chun bealaigh chuig airéine an ‘charn truflaise’, slush pile an Bhéarla, áit a mbíonn ar dhréacht dul i mbun iomrascála le míle dréacht eile, le réamhchlaonta pearsanta na n-eagarthóirí agus le fórsaí an mhargaidh.

Bhí an t-ádh dearg liom i dtús mo shlí bheatha mar scríbhneoir gur iarr an teach foilsitheoireachta Cois Life orm mo chéad leabhar a scríobh; an chuid is mó den am, ní hé an foilsitheoir a théann ar thóir an scríbhneora, ach an bealach eile timpeall.

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus an chéad rud eile bhí sé cinn de leabhair i nGaeilge foilsithe agam, ach anois agus úrscéal scríofa agam i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, caithfidh mé tosú as an nua.

As an nua? Déanta na fírinne, tá mé ar thóir foilsitheora don úrscéal sin le nach mór dhá bhliain anuas agus is iomaí freagra diúltach atá faighte agam. Ar an drochuair, ní thugann mórchuid na bhfoilsitheoirí aon aiseolas nuair a dhiúltaíonn siad do shaothar, agus bíonn ar an scríbhneoir féin a oibriú amach céard a bhí mícheart, nó aiseolas a lorg ó léitheoirí cabhracha.

Rinne mé an dá rud, ghearr mé 11,000 focal amach as an úrscéal, chuir barr feabhais ar an gcuid eile, agus anois tá mé á chur amach in athuair, ofrálacha á ndéanamh agam do dhéithe na scríbhneoireachta ar an gcúlráid agus paidir sciobtha á rá agam chuile uair a bhrúim an cnaipe seolta.

Rud nach gcabhraíonn ar chor ar bith ná go mbíonn a gcuid rialacha agus éileamh féin ag chuile fhoilsitheoir maidir le dréacht a chur isteach. An chéad dhá chaibidil a theastaíonn ó chomhlacht amháin, an saothar iomlán ó chomhlacht eile. An téacs a bheith i bhfoireann cló Times New Roman, clómhéid 12 agus spás 1.5 idir na línte a theastaíonn ó dhream A; spás níos lú idir na línte ach clómhéid níos mó agus clófhoireann éagsúil a theastaíonn ó dhream B. Agus ná labhair liom faoin achoimre ar an scéal, faoin gcur síos ar an togra agus faoin litir a bhíonn ort a scríobh chun tú féin a chur in aithne: a gcuid coinníollacha casta féin ag chuile chomhlacht.

Fágann sé sin ar fad go dtógann sé leathlá ort iarratas amháin a réiteach, agus faoin am a mbíonn an ceann sin seolta agat, bíonn do lámha ar crith leis an imní, amhail is go mbeadh ceithre espresso dúbalta slogtha siar agat, agus ní bhíonn aon fhuinneamh intinne fágtha agat chun tabhairt faoin gcéad iarratas eile.

Dúirt Renate Dorrestein, údar agus tráchtaire ar chúrsaí scríbhneoireachta ón Ísiltír (nach maireann), gur féidir na scríbhneoirí sin a n-éiríonn leo a roinnt ina dtrí chatagóir:

  1. Scríbhneoirí a bhfuil oiread feabhais ag baint lena gcuid oibre go bhfoilsítear iad ar an bpointe boise
  2. Scríbhneoirí a bhfuil gné uathúil dhíolacháin ag baint leo, a mbíonn an t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil acu go mór i mbéal an phobail, nó a mbíonn gné mhargaíochta éigin eile ag baint leo
  3. Scríbhneoirí a bhfuil foighne agus diongbháilteacht an dobhareich acu agus nach n-éiríonn as go dtí go mbíonn a leabhar foilsithe.

I gcatagóir a dó a bhí mé, gan dabht, nuair a iarradh orm mo chéad leabhar a scríobh – ‘an tÍsiltíreach a labhraíonn Gaeilge’ an ghné uathúil dhíolacháin, shamhlóinn.

An iarraidh seo, áfach, is baolach gur i gcatagóir a trí atá mé – catagóir na ndobhareach.

Fág freagra ar 'Ar thóir foilsitheora? Bíodh foighne agus diongbháilteacht an dobhareich agat!'

  • T M

    Gach rath ort, a Alex!