Tá géarchéim na tithíochta ar ais sna ceannlínte, ach is cosúil nach bhfuil rud ar bith nua le moladh ag an rialtas ach dearbhú go mbeidh muid ag brath ar an earnáil phríobháideach le hionaid chónaithe a chur ar fáil, in ainneoin gur theip ar an bpolasaí sin go dtí seo is gach comhartha ann go dteipfidh air arís.
Deir an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers go gcaithfimid brath ar airgead ón taobh amuigh le hárais chónaithe a thógáil. Agus, mar chuid den dogma sin, caithfimid polasaí tithíochta a chur in oiriúint don lucht infheistíochta lena chinntiú go mbeidh a ndóthain brabúis acu chun an infheistíocht sin a mhealladh anseo.
Ciallaíonn sé sin, dar le Micheál Martin, go gcaithfimid athbhreithniú a dhéanamh ar na srianta ar an gcíos in áiteacha éagsúla [criosanna brú cíosa] ar fud na tíre. Toisc nach féidir leis na hinfheisteoirí an cíos a ardú níl siad ag déanamh infheistíocht i dtithíocht.
An tuiscint atá leis sin go bhfuil an cíos ard toisc nach bhfuil dóthain soláthair ann. Má thugtar dreasacht d’infheisteoirí trí dheireadh a chur leis na srianta cíosa beidh níos mó soláthair ann is mar sin beidh an cíos níos ísle.
Mar sin má tá cíos níos ísle uainn caithfimid cíos a chur in airde!
Ar chuala tú a leithéid de sheafóid riamh? Ardaigh an cíos ar mhaithe le cíos níos ísle a fháil!
Deir an rialtas, ámh, nach bhfuil aon rogha againn. Níl sé sin fíor ach an oiread, mar nuair a bhí an tír i bhfad níos boichte ná mar atá sa lá inniu bhí muid in ann géarchéimeanna tithíochta a réiteach – sna daichidí, sna caogaidí, sna seascaidí, agus mar sin de – trí airgead stáit a thabhairt do na Comhairlí Contae agus eastáit phoiblí tithe sóisialta a thógáil le comhlachtaí bardasacha.
Dá bharr sin bhí méadú ar an soláthar, agus mar gheall air sin bhí tionchar ag an tithíocht shóisialta seo ar thithíocht eile agus íslíodh praghsanna.
Níl cúis ar bith ag an rialtas gan sampla na mblianta roimhe seo a leanacht seachas dogma an rialtais go gcaithfimid tús áite a thabhairt don mhargadh i ngach aon ghné den saol sóisialta.
Go deimhin, tá an dogma sin scríofa isteach i mBunreacht an Aontais Eorpaigh, ach bhí ról láidir ag an stát i dtógáil tithe sna tíortha rachmasacha agus sna tíortha sóisialacha araon go dtí na hochtóidí agus na nóchaidí nuair a fuair dogma an tsaormhargaidh agus an nua-liobrálachais an lámh in uachtar.
Is sa tréimhse chéanna ar ndóigh a thit an tAontas Sóivéadach is ar cuireadh deireadh le sóisialachas ar fud na hEorpa.
Aithnítear go forleathan go mbíonn cíos ró-ard in Éirinn, ach ba chuidiú éigin na srianta a tugadh isteach ar chíos a ardú.
Tá tacaíocht ag dearcadh an rialtais faighte ón OECD [an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta] a thug tuarascáil amach a mhol saoirse a thabhairt do na creachchistí a gcuid cíosa a ardú nuair a thiocfadh tionónta nua isteach ina dteach nó árasán. Ardteampall an rachmais, ar ndóigh, is ea an OECD, agus tá an cáineadh céanna bailí ina leith siúd freisin.
Ag deireadh thiar ní tráchtearra é ionad cónaithe ach riachtanas atá ag gach duine. Níl aon rogha ag duine ar bith dínn ach áit éigin a aimsiú le maireachtáil ann – agus níl sé inghlactha gur ar na sráideanna a mhairfeadh daoine.
Agus má chuirtear moltaí an OECD i bhfeidhm nó an plean atá beartaithe ag an rialtas, beidh níos mó daoine curtha amach as a gcuid lóistíní le maireachtáil ar na sráideanna mar a tharla cheana.
Ná déanaimis dearmad ach an oiread go bhfuil fadhb ollmhór ag baint le cíos príobháideach. Sé sin, gurbh é an margadh a shocraíonn an cíos. D’fhéadfadh sé sin a bheith maith go leor do dhuine fad is atá fostaithe, ach nuair a shroicheann an duine aois an phinsin, nuair a bheidh teacht isteach i bhfad níos ísle aige, bheadh cíos an mhargaidh fós le híoc.
Lena chinntiú go mbeidh tithíocht inmharthana is in-aisíoctha againn go léir, ní féidir linn tithíocht a fhágáil i lámh na gcreachchistí ná lucht infheistíochta.
Is ní féidir linn ligean le dogma nach n-oireann dár riachtanais.
Beidh an freasúra, agus Sinn Féin mar phríomhpháirtí an fhreasúra sin, ag iarraidh stop a chur le polasaí lofa an rialtais.
Ach sé an rialtas a ghnóthaigh an toghchán in ainneoin gur cheap daoine gur tithíocht an t-ábhar ba thábhachtaí. Ag deireadh thiar vótáil muid ar son an pholasaí teipthe seo. Mar sin ná bíodh aon ionadh orainn má théann an scéal in olcas anois.
JP
Turcaithe ag vótáil don Nollaig!
Tá an ceart agat, tá siad/táimíd i ngach áit, agus nach mór 80,000,000 acu i SÁM a thug vóta don Trúmpach triopallach, trasnálach.
Paghas uibheacha ag goilliúint ar a lán acu, deirtear linn, agus iad sin dulta sna firmimintí ar fad anois orthu agus a gcoileach flannbhuí féin in airde ar a charn órga aoiligh ag fógairt an lae!
An Mac Uí Ghogaí múiscúil eile lena ais, go síoraí seasta, ag iarraidh teacht idir É agus léas.
Ós ag caint ar léas é…ní fheicim aon léas solais in aon seomra os cionn formhór mór na siopaí ar an mbaile seo ina bhfuilim (Port Láirge), ná in aon bhaile eile in Éirinn atá ar m’eolas ach oiread.
Ní mar sin a bhí le linn m’óigese, ach go háirithe.
Bhí daoine buailte fúthu i ngach aon áit.
Is iomaí sin clann a tógadh go suáilceach sna hárasáin sin os cionn na siopaí anallód ach tá siad folamh ar fad ó dhaoine anois.
Cén fáth?
An Freagra (dar liom);
forlámhas, tíorántacht agus sainnt chíocrach na gcomhlachtaí árachais in Éirinn.
Níl aon dul go bhfuil na dlithe céanna árachais i bhfeidhm in aon áit eile san Eoraip chomh dian is atá siad in Éirinn.
Dá mbeidís amhlaidh bheadh na céadta míle, na milliúin b’fhéidir gan dídean ar fud na hEorpa.
Agus níl aon iniúchadh ná plé á dhéanamh air seo?