Écosse fantastique : L’appel de Merlin
Grianghraif le Dimitri de Larocque Latour
Foilsithe ag éd. Magellan & Cie.
Clúdach crua, lch
Toisí: 21,8 x 30 cm
ISBN : 9782350747187
Luach: €25
Cloisimid fós é, ach ní thuigimid cad atá á rá aige, a dúirt Carl Gustav Jung, an síciatraí agus síceolaí Eilvéiseach mar gheall ar an draoi Merlin. Chuaigh an grianghrafadóir Dimitrri de Larocque Latour sa tóir ar an draoi i gceantar na gcrann is na n-uiscí dubha in Albain. Is ann a chuaigh Merlin, draoi agus bard, sa séú haois go dtí na foraoisí ar an taobh ó dheas de Dhún Éideann, é suaite go maith i ndiaidh mharú a chompánach.
https://editions-magellan.com/livres/ecosse-fantastique-lappel-de-merlin/
Anouk Krantz : Frontier: Cowboys of the Americas
The Images Publishing Group a d’fhoilsigh
Clúdach crua
Toisí: 10.98 in x 13.98 in
360 lch
180 íomhá dubh is bán
ISBN 9781864709810
Luach (i ndollair):$85.00
Oidhreacht na mBuachaillí Bó
Mionléirmheas le Gabriel Rosenstock
Nuair a fhéachaimse ar chúrsaí polaitíochta i Meiriceá, ritheann sé liom go bhfuil meon macho na mbuachaillí bó in uachtar go minic.
Is deacair a rá cé chomh fearaíoch is atá an tUachtarán Tofa Trump laistiar dá mhasc bréige ach tá na geáitsí macho aige ar aon nós!
Is ar scála mór atá na grianghraif de chuid Anouk Krantz agus tá na Meiriceánna siúlta aici chun teacht ar shárghrianghraif de chultúr nach bhfuil marbh go fóill, ná baol air. D’fhéadfadh go bhfuil cultúr na mbuachaillí bó imithe i bhfeidhm ar Éireannaigh, cad is dóigh leat?
Daoine de mo ghlúinse, táim cinnte go bhfacamar breis is céad scannán buachaillí bó, ar meán, ach go bhfios dom níl aon staidéar acadúil déanta air sin (go fóill). Níl aon rud is deise le muintir na tuaithe in Éirinn ná seisiún amhránaíochta C & W agus is minic hata buachaillí bó á chaitheamh ag an amhránaí, agus ag cuid den lucht éisteachta chomh maith!
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Sa tóir ar dhraoi agus oidhreacht na mbuachaillí bó'