Bhí mé i measc an tslua mhóir i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo caite don chluiche idir Corcaigh agus Cill Chainnigh. Bhí Ray Ryan, deartháir bhainisteoir Chorcaí Pat, curtha i gcré na cille an lá roimhe sin tar éis dó bás tobann a fháil an tseachtain chéanna agus d’fhéadfadh gur chuir an scéal brónach sin leis an slua a bhí ag iarraidh tacú le Pat agus leis an iarracht a tháinig óna chuid imreoirí, a fuair an ceann is fearr ar na Cait.
Bhí an cluiche oscailte go leor agus gan mórán eatarthu ag am ar bith. Chríochnaigh Corcaigh níos fearr agus an dá phointe sraithe buaite acu chun iad a choinneáil slán ón dícháiliú.
Mar Chorcaíoch, bhí cúpla rud a sheas amach dom sa chluiche. Orthu sin bhí taispeántais bheirt chosantóirí, Niall O’Leary a raibh geansaí uimhir a dó ar a dhroim, agus captaen na foirne Rob Downey a bhí ar fheabhas mar leathchúlaí láir. Rinne an tosach óg Diarmuid Healy gaisce scórála chomh maith agus 1-5 aimsithe aige sa chluiche.
Bhí sé deas a bheith i láthair freisin agus TJ Reid ag teacht chun páirce sa dara leath, an chéad radharc againn air i mbliana. Thosaigh Reid amach ag imirt le foireann shinsir an chontae in 2007 agus go dtí seo tá 7 mbonn uile-Éireann, 13 bonn Laighean, 5 bhonn sraithe agus 7 ngradam All-Star buaite aige, gan trácht ar a bhfuil buaite aige lena chlub. As na Cait, chuaigh Jordan Molloy i lár na páirce i bhfeidhm orm, mar a rinne Cian Kenny ag uimhir a haon déag.
Amárach atá Corcaigh ag taisteal chuig Inis agus chuig Zimmer Biomet Páirc Cíosóg, mar a thugtar uirthi anois, agus nach bhfuil lán do bhéil agat sa mhéid sin.
Bhí drochscéala ag an gClár cúpla seachtain ó shin agus an scéal tagtha go bhfuil Iománaí na Bliana 2024, Shane O’Donnell, dulta faoi scian agus drochghortú gualainne ag cur as dó. Meastar go gcaillfidh sé an séasúr idirchontae ar fad agus is cailliúint ollmhór é.
Ón méid atá feicthe agamsa de na Cláirínigh go dtí seo, beidh gach uile imreoir ag teastáil má tá siad chun greim a choinneáil ar Chorn Mhic Cárthaigh i mbliana ach bhí cuma na maitheasa orthu an tseachtain seo caite agus Luimneach sáraithe acu.
Ba gheall le foireann dhifriúil iad i bPáirc na nGael an Domhnach seo caite i gcomparáid leis an bhfoireann a d’imir sna chéad trí bhabhta. Bhí an díocas chun oibre ar ais. Agus gan oiread is poc amháin faighte ag Tony Kelly sna chéad fiche nóiméad, ba é a roghnaíodh mar Laoch na hImeartha de bharr an chríoch a chuir sé leis an gcluiche.
Tá seans ag an gClár anois fanacht i Roinn 1A an bhliain seo chugainn, 2026, má éiríonn leo cúpla toradh maith a fháil amárach in aghaidh Chorcaí agus sa bhabhta deireanach i gcoinne Thiobraid Árann.
Léirigh an bua i gcoinne Luimnigh go bhfuil cnámh droma na foirne fós láidir agus go bhfuil scata leaids nua atá gar go leor d’áit a bhaint amach i measc an chéad chúigear déag don chraobh.
Chas na Cláirínigh ar Chorcaigh trí huaire anuraidh agus bhuadar na trí cluiche san. Beidh eolas níos fearr againn faoin dá fhoireann tráthnóna amárach. Is i gceann seacht seachtaine a bheidh siad i gcoinne a chéile arís sa chéad bhabhta den chraobh in Inis.
Beidh cluiche suimiúil i bPáirc Uí Nualláin agus Tiobraid Árann ar cuairt ar na comharsana. Tá an-mhuinín ag na Tiobraid Árannaigh agus imreoirí óga ag cur go mór leis an bhfoireann. Cheapas go raibh Cill Chainnigh maith go leor i gCorcaigh an Satharn seo caite. Ní bheidh ceachtar den dá fhoireann seo ag luí ar na camáin.
Tá Luimneach sa bhaile i gcoinne na Gaillimhe agus iad anois ag breathnú thar a ngualainn ar an gClár agus Loch Garman ag bun an tábla. Bhí comhscór idir na foirne seo anuraidh i Staid an Phiarsaigh agus táim ag súil le cath anseo freisin.
Níor chóir do lucht tacaíochta Luimnigh an oiread sin imní a bheith orthu áfach mar tá leathdhosaen réalt le filleadh fós agus ón méid atá feicthe againn i mbliana, is acu atá an painéal is láidre fós.
I ndiaidh an bhabhta seo beidh léargas níos soiléire againn ar cé a bheidh i mbaol dícháilithe agus cé air a bheidh cuma na maitheasa don chraobh.
Carraig
Ba cheart go mbeadh Tony Kelly díbeartha den bpáirc ar an dtoirt mar gheall ar an mbuille fealltach fuilteach sin a tharraing sé ar an ógánach iontach Adam English (Luimneach) a bhí ag cruthú ró-mhaith ar fad dó ag an am.
Níl fhios agam ó thalamh an domhain conas a dh’fhéadfaí ‘laoch imeartha’ a thabhairt ar chladhaire mar sin t’réis dó táirbheart náireach den sórt sin a dhéanamh.
Agus, fé mar adúraís, ní dheaghaidh sé in aice leis an sliotar ar feadh 20 nóiméad!
‘Laoch imeartha’, mo thóin!!
Sea, bhí Diarmuid Ó hÉalaí ar fheabhas an tsaoil do Chorcaigh.
Ach ghéill Noel O Leary báire bog do na Cait trí aistriú láimhe baoth amaideach a dhéanamh.
Na cúlaithe atá i réim anois cén diabhal leisce nó bac intinne atá orthu maidir leis an sliotar a ghlanadh?
Í a bhualadh feadh na páirce síos ‘dtí na tosaithe?
Deis scórála a chruthú láithreach bonn?
Seachas aicíd nó víoras na caide a thógaint;
pas láimhe gairid ó dhuine go duine go duine….. go háirithe istigh sa zón scórála?
Cén buntáiste a bhaineann leis sin, abair liom?
Féach mar a shnap na Cait an sliotar uaidh…agus chuir báire bog eile ar na Corcaígh.
Agus, níos measa fós, is isteach faoin bpáirc os comhair an bháire a phasáil sé í, ní amach faoin bpáirc nó i dtreo an taobhlíne.
Tá Seán Ó Donnabháin (Corcaigh) oilte ar an saghas sin méiseála chomh maith.
Cén dalladh intinne é seo san iomáint, abair liom?
Ní thuigim é. Cad fé ndear é?