Is dóichí ná a mhalairt gur sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na heacnamaíochta de a dhéanfadh polasaí tithíochta Údarás na Gaeltachta leas – sin más féidir an polasaí sin a thabhairt i dtír go praiticiúil.
De réir na leideanna atá ar fáil, caithfear a bheith sásta go bhfuil riar daoine ag iarraidh tithe ar an aon láthair amháin sula mbuailfear faoi scéim ar bith. Ach, beidh go leor réiteach le déanamh sular féidir doras tí a oscailt sna scéimeanna seo. Beidh seirbhísí séarachais ar an gceann is achrannaí acu.
Tá ceantair bheaga ar fud na tuaithe in Éirinn sáraithe anois de bharr dianrialacha séarachais; ní cheadaítear scéimeanna tithíochta mura bhfuil scéim phoiblí séarachais sa gceantar.
Tá ceantair Ghaeltachta ar nós Charna i gConamara, áit a raibh cruinniú ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an oíche cheana, ar cheann acu sin. Chuathas bog agus crua ar réiteach a fháil ar an bhfadhb sin.
Tá fáil ar thalamh ar imeall an tsráidbhaile a bhfuil dabhach séarachais ag an gComhairle Contae féin ann – dabhach ar chaighdeán inghlactha. Bhí an dabhach sin ag freastal ar scéim tithe de chuid na Comhairle Contae a bhí ann cheana féin agus ba é an moladh a cuireadh chucu go méadófaí an dabhach sin le freastal ar leathscór teach sóisialta eile. Ach níor ghlac an Chomhairle Contae leis an moladh sin sa deireadh; choinnigh siadsan leis an treoir go gcaithfeadh seirbhís iomlán poiblí séarachais a bheith i mbaile sula bhféadfaí scéim tithe a thógáil ansin.
Cén chaoi a dtiocfadh aon scéimeanna a bheadh ag an Údarás ón laincis sin, san iarracht le tithíocht a chur ar fáil sa nGaeltacht?
Chaithfidís na tithe a thógáil i sráidbhaile a mbeadh scéim phoiblí séarachais ann. Is beag acu seo atá i nGaeltacht Chonamara agus is amhlaidh an cás i bhformhór Ghaeltachtaí na tíre. Tá an tÚdarás ag déanamh a gcuid machnaimh ar bhealach thairis sin; d’fhéachfaí leis an scéim tithe a fhorbairt in áit ina mbeadh foirgnimh/seirbhísí eile. Ar an mbunús sin, bheifí ag súil go bhfaighidís cead forbartha ar phíblínte (agus b’fhéidir ionad scagtha) séarachais. Ach bheadh sadsan ag scaradh leis an scéim séarachais agus á cur anonn chuig Uisce Éireann. An oibreodh an cur chuige sin? Is maith an scéalaí an aimsir.
Ach taobh amuigh de na ceisteanna praiticiúla seo ar an talamh féin, cén chaoi a gcuidíonn an polasaí tithíochta – mar atá sé faoi láthair – le fadhbanna na Gaeltachta? Ar an gcéad iarraidh, tá iarracht inmholta ar bun agus ba bhreá go n-éireodh leis. San am céanna, ní chuidíonn sé le fadhb tithíochta agus sóisialta ar bhonn níos leithne i gcuid mhór ceantar Gaeltachta. Ní thógfaí tithe sóisialta – tithe ar cíos a bheadh ag dul do dhaoine atá cáilithe do chlár na Comhairle Contae – i scéimeanna an Údaráis.
Idir €30,000 agus €38,000 sa mbliain an meánteacht isteach bliantúil in aghaidh an líon tí atá i gcuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta i gConamara. Is beag difríocht a bheadh sna figiúirí sin i ceantair Ghaeltachta eile san iarthar agus san iarthuaisceart. Níl go leor de na daoine san aicme sin sa riocht agus go mbeidís cáilithe le haghaidh morgáiste; go deimhin go leor acu a bheadh ar chláracha tithíochta na Comhairle Contae is daoine óga iad agus muirín orthu. Tá sé le tabhairt faoi deara i gConamara go n-aistríonn cuid acusan go hUachtar Ard, an Clochán, Maigh Cuilinn nó cathair na Gaillimhe. Tithíocht shóisialta atá uathu siúd.
Na daoine atá leagtha ar fhanacht sa mbaile sna pobail Ghaeltachta, go háirithe i bhfad amach ó chiorcal tíreolaíochta na cathrach, tá siad ag brath go minic ar phaiste ar thalamh a muintire. Ní mór dóibh a bheith seiftiúil, driopásach agus cleachta le hobair chrua, agus sa mullach ar an dúshlán atá rompu, tá ceist na pleanála le láimhsiú acu.
An mbeadh mórán acu siúd sásta cónaí i dteach ar mhúnla sráidbhaile, nó ar mhúnla an bhaile mhóir? Ar an gcéad iarraidh, déarfá nach mbeadh, ach tá an saol ag athrú.
Ar ndóigh, go bhfios dúinn faoin tráth seo, ní gá gurbh as an nGaeltacht iad na daoine a bheadh cáilithe le haghaidh scéimeanna tithíochta an Údaráis. D’fhéadfadh sé, is cosúil, go mba as taobh amuigh de theorainneacha na Gaeltachta iad ach go mbeidís paiteanta ar an nGaeilge, agus in acmhainn an praghas a íoc.
Níl locht air sin.
Deirtí, ar ndóigh, nach raibh patrún lonnaíochta an bhaile mhóir (mar a tugadh air) ag cuidiú leis an nGaeilge. Rinneadh tuarascáil chuimsitheach faoi seo ar an gCeathrú Rua roinnt blianta ó shin nuair a bhí scéim tithe sóisialta le forbairt ar an mbaile. Ach scéal thairis é sin anois.
Is mór i gceist i stair Chonamara an bóthar as Carna go Bearna. I dtéarmaí sóisialta agus eacnamaíochta, tá an difríocht idir dhá cheann an bhóthair sin ina sampla maith den bhearna idir ceantair Ghaeltachta. Beagán le cois €30,000 an meánteacht isteach in aghaidh an tí i gCarna; is gaire do €70,000 é i mBearna.
D’fheilfeadh polasaí tithíochta Údarás na Gaeltachta níos fearr ag ceann thoir an bhóthair.
Fág freagra ar 'Scéim tithíochta inmholta ag Údarás na Gaeltachta ach easnamh tithe sóisialta'