Súil ag amhránaí Gaeltachta canadh ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse 2025

Beidh Adgy, nó Andrew Carr, as an mBun Beag i nGaoth Dobhair, ar dhuine den seisear amhránaithe a bheidh san iomaíocht in Eurosong i mbliana

Súil ag amhránaí Gaeltachta canadh ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse 2025

Beidh amhránaí as Gaeltacht Dhún na nGall san iomaíocht sa chomórtas náisiúnta cáilithe don Eoraifís ‘Eurosong’ a bheidh ar siúl ar The Late Late Show an mhí seo chugainn.

Beidh Adgy, nó Andrew Carr, as an mBun Beag i nGaoth Dobhair, ar dhuine den seisear amhránaithe a bheidh san iomaíocht an oíche sin agus an seans aige a bheith ar an gcéad duine Gaeltachta a chanfaidh ar son na hÉireann ar ardán mór na hEoraifíse.

Dúirt sé le Tuairisc go bhfuil “tionchar mór Gaelach” ar an amhrán a scríobh sé lena dheirfiúr Jennie, ‘Run Into The Night’ cé nach bhfuil an t-amhrán féin i nGaeilge. Scríobhadh an t-amhrán sa bhaile i nGaoth Dobhair agus tá fidléireacht Jennie “ina croíchuid” de, a dúirt sé.

Ní hé seo an chéad uair ag Adgy páirt a ghlacadh in Eurosong. Bhí sé san iomaíocht lena amhrán ‘Too Good For Your Love’ i gcomórtas na bliana 2023, comórtas a bhuaigh an banna ceoil Wild Youth.

“D’fhoghlaim mé lear mór an t-am deireanach. B’in an chéad am a ndearna mé aon rud cosúil leis, níor chan mé ar an teilifís roimhe sin. Bhí an t-amhrán a bhí agam an t-am sin iontach gasta agus bhí go leor cóiréagrafaíochta ann agus bhí lear mór ag dul ar aghaidh ar an stáitse.

“An t-am seo, scríobh mé an t-amhrán seo le mo dheirfiúr Jennie sa bhaile i nDún na nGall. Seinneann sí an fhidil agus tá tionchar mór Gaelach ar an amhrán. Tá an t-amhrán seo níos ionraice. Tá sé faoi bheith ag déanamh rudaí den chéad uair, agus ag briseadh isteach in áit aduain, faoi a bheith ag dul tríd an saol agus ag foghlaim,” a dúirt sé.

Chan Adgy cúpla líne dá amhrán ‘Too Good For Your Love’ i nGaeilge in 2023.

Is scríbhneoir gairmiúil amhrán é Adgy a chaitheann a chuid ama idir an baile ar an mBun Beag i nGaoth Dobhair agus cathair mhór Londan, mar a mbíonn sé ag scríobh amhrán dó féin agus d’amhránaithe eile i stiúideo sa chathair. Tá sé ag obair ar albam dá chuid féin agus súil aige go gcuirfear amach é faoi dheireadh na bliana 2025.

Fág freagra ar 'Súil ag amhránaí Gaeltachta canadh ar son na hÉireann i gComórtas na hEoraifíse 2025'