Mhínigh fear a chaill a shuíochán i nDáil Éireann san olltoghchán don scríbhneoir seo tamall ó shin an tslí inar bhain sé leas as Meta nó Facebook mar a thugann ár bhformhór ar an ngréasán i gcónaí.
“Is féidir liom é a úsáid chun ráitis agus faisnéis a dhíriú ar vótálaithe ar dhóigh nach raibh indéanta roimhe seo,” a dúirt sé.
“Seolaim ábhar ar líne mar shampla chuig daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar áirithe, agus is féidir é a dhíriú ar go leor bealaí eile – ar bhonn aoisghrúpaí mar shampla nó ar bhonn spéise nó inscne abair.
“Ní theastaíonn ach Facebook a chur in oiriúint do dhíriú foirfe polaitiúil. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil ábhar á sheoladh agam chuig daoine a chuirfidh spéis phearsanta ann.”
Bheadh a scéal ar fheabhas dá mbeadh an té a d’inis atofa mar Theachta Dála. Bhí léargas breá oscailte tugtha aige ar áisiúlacht na meán sóisialta mar ghléas polaitiúil. Thaispeáin cailliúint a shuíocháin áfach nach leor máistreacht ar úsáid na meán sóisialta chun teacht slán i dtoghchán.
Tháinig a scéal chun cuimhne tar éis do phríomhfheidhmeannach Meta Mark Zuckerberg a fhógairt Dé Máirt go gcuirfí deireadh le seiceáil fíricí ar Meta agus ar Instagram.
Ní foláir ciall a bhaint as an gcinneadh a d’fhógair sé. Ní córas cuimsitheach fiosrúcháin atá á scor ag Zuckerberg ach córas faoinar baineadh amach sciar den ábhar a bhí mídhleathach, bagrach, maslach, ciníoch, frith-Iosraelach, nó fuafar ar mhná, ar thrasdaoine agus ar ghrúpaí áirithe eile.
Mar is eol do dhuine ar bith a úsáideann Facebook/Meta níor choinnigh an córas seiceála an gréasán glan ó ábhar gránna dá leithéid. Is léir ón méid a dúirt Zuckerberg go gceadóidh bainisteoirí an ghréasáin saoirse cainte gan srian de réir dlí na Stát Aontaithe – dúisíonn polasaí nua lear ceisteanna eile maidir le dlí an AE.
Idir an dá linn, is léir dhá chúis imní a bhaineann go hindíreach agus go díreach le cúrsaí na tíre seo.
Ar an gcéad dul síos ní foláir a bheith faoi réir don rabharta neartaithe raiméise atá romhainn a bhuí le mímhoráltacht agus saint Zuckerberg, Musk agus máistrí mífhreagracha eile na meán sóisialta. Ní beag an dochar a dhéanann raiméis nach gcreideann ach mionlach.
Cuimhnigh mar shampla ar an ‘scéal’ a scaipeadh ar Facebook dhá bhliain ó shin faoi fhir óga a bhí ag taisteal ar bhusanna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Dúradh agus creideadh go forleathan gur inimircigh a bhí “ar aois mhíleata” a bhí ar bord. An fhírinne: lúthchleasaithe a bhí páirteach i gcomórtais a bhí á reáchtáil i Staid Morton i Seantrabh a bhí ar na busanna.
Ní cúis sóláis iomláin é ach oiread go mbréagnaítear ráflaí uaireanta. Ní gan dua ná am ná costas a léirítear an bhréag, mar a léiríodh arís agus scéalta faoi ionsaithe gnéis ag díormaí ar chailíní i Sasana, a chuir Musk ar X, á ndíchruthú ag na meáin thall. Is féidir le pleidhce gan choinsias bréag a scaipeadh gan stró. Cuireann iriseoirí am amú á bhréagnú in áit a bheith ag fiosrú scéalta fiúntacha.
Is léir freisin nach cúis ghinearálta imní atá i bpleidhcíocht agus mífhreagracht Elon Musk agus tiarnaí toirtéiseacha eile na meán sóisialta. Tá spéis á cur ag Musk i gcúrsaí na tíre seo, nó b’fhéidir gur chirte a rá go bhfuil fonn air claon-úsáid a bhaint as ábhar a chuireann foinsí abhus faoina bhráid.
Thug sé tacaíocht roimhe seo don iarthrodaí Conor McGregor mar iarrthóir uachtaránachta (bhí McGregor “awesome” dar le Musk) agus don fheachtas in aghaidh na leasuithe ar an mBunreacht ar diúltaíodh dóibh sna reifrinn anuraidh.
Léirigh sé aineolas, nó easpa cruinnis, ar a laghad, i ngiolc inar mhaígh sé cúpla lá ó shin nach raibh cur chuige an ‘Irish Republic Army’ chomh crua agus a bhíodh.
Is i bpostáil a chuir sé ar X Dé Céadaoin áfach a léirigh Musk a neamhaird gan scrupall ar fhíricí. Mhaígh sé go raibh téarmaí príosúin níos faide á ngearradh ar shaoránaigh Éireannacha ná ar inimircigh mhídhleathacha. Thagair sé do chás cúirte in 2003 inar cuireadh iarrthóir tearmainn ón Ailgéir i bpríosún ar feadh sé bliana ar chúiseanna áirithe a mhínigh an breitheamh.
Níor thagair Musk d’fhianaise mar thaca lena thuairim go ngearrtar téarmaí níos faide ar shaoránaigh na hÉireann – ní nach ionadh toisc nach bhfuil fianaise dá leithéid ar fáil, mar a léirigh tuairisc ar a bhréag a foilsíodh ar The Journal Dé hAoine.
Léirigh an tuairisc cheartúcháin arís áfach an dochar a dhéanann raiméis. Teastaíonn am agus acmhainní chun teacht ar an bhfírinne – am agus acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid ar ábhar tairbheach.
Níl cúiseanna imní dá leithéid ag cur isteach ar leagan amach chlár oibre an rialtais nua a phléifidh ionadaithe Fhine Gael agus Fhianna Fáil lena chéile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha go dtí lár na seachtaine seo chugainn, ar a luaithe.
B’fhiú do gach Teachta Dála áfach aird a thabhairt ar chomhairle an iarCheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl. Dar leis go ndéanfaidís go léir a leas dá gcaithfidís níos mó ama ar chaidreamh díreach leis an bpobal in áit a bheith ag síorchur grianghraf ar líne ina dtaispeántar iad ag freastal ar ócáidí áitiúla den uile chineál.
Ní grianghraif ach fíorchaidreamh agus éisteacht le vótálaithe a theastaíonn, a dúirt Seán Ó Fearghaíl. Cothófar éadóchas agus díomá dá uireasa, dar leis.
Níor luaigh an t-iarCheann Comhairle Elon Musk ach neartóidh an caidreamh a mhol sé cumas cosanta chóras daonlathach na hÉireann in aghaidh raiméis ar líne ón iasacht.
JP
‘Meáin shóisialta’, adeir tú?
Múch iad!
Scrios amach as do shaol, as d’intinn iad.
Níl siad go maith dhúinn!
Ní fiú rúisc asail iad!
Ní scalann aon ghrian ar an bpoll caca sin.
Ná bodhair tú féin leo.
Tuige a mbíonn daoine á sailiú féin leis an lofacht sin?
Tuige a mbíonn daoine ag caitheamh a saoil ag plé leis an ráig bhuile ó na deamhain sin?
Deamhain ‘shaibhre’ ach gur bochtáin amach is amach iad i ndáiríre toisc nach bhfuil tada eile sa saol acu ach airgead?
Ní bheadh cent acu dá gcasfadh gach duine an cnaipe orthu.
Cent rua ná riabhach.
Ní thuigim ar chor ar bith.
Bhfuil tada eile le déanamh ag daoine? Leabhar a léamh? Éisteacht le ceol?
Dul ag cluichí? Dul ag fálróid?
Ag gairdneoireacht?
Breathnú thart? Aer álainn úr na coille craobhaí a análú?
(Féach liosta Alex thíos freisin.)
Níl ar an saol seo ach seal, tá chuile mheandar a fhaighimíd luaineach, luachmhar.
Tuige a dtabharfaimís do na sceartáin sin iad?
Ní thuigim!
Dúirt Balzac:
“La vie est belle mais le monde est méchant.”
Is fiú cuimhneamh ar an méid sin.
Art
Trácht iontach JP!
Diúltaigh dóibh
An bhfuilimd sástafanacht sa bpríosúndigiteach atá tógthaagus á méadú agár gcinniríneamhscrupallacha naimhdeacha GoidéaipeEicsTiocteachGuaghallGnúisBeanlaosóin srl,?
Anbhfuil de roghaagainn sa saolnuadigiteach seo achligint dosnabilliunaithe an domhanadhó le carbón arár sonchun selfiesa choinneáilins nahionaid sonraíphearsanta?
Follythataspiaríuathoibreachadhigiteacha…..