An mbeidh ‘huddled masses’ Mheiriceá chugainn ar thóir na saoirse i ndiaidh insealbhú Trump?

Tá súil ag ár gcolúnaí gur scéal chailleach an uafáis atá á dhéanamh aige agus é ag breathnú chun cinn ar a bhféadfadh a bheith romhainn tar éis do Donald Trump dul i gcumhacht go hoifigiúil Dé Luain

An mbeidh ‘huddled masses’ Mheiriceá chugainn ar thóir na saoirse i ndiaidh insealbhú Trump?

Chuimhnigh mé ar feadh soicind ar aghaidh a thabhairt ar Washington DC d’insealbhú Donald Trump, Dé Luain seo chugainn. Bhí mé i Meiriceá chun tuairisceoireacht a dhéanamh ar a atoghadh anuraidh, tar éis an tsaoil.

Ach ansin chuimhnigh mé ar an uair úd, fiche bliain ó shin, nuair a d’fhreastail mé ar insealbhú George W. Bush tar éis dom tuairisceoireacht a dhéanamh, don nuachtán Foinse, ar an toghchán ina bhfuair sé siúd an lámh in uachtar ar John Kerry.

Ní hamháin nach áit dheas le cuairt a thabhairt uirthi ardchathair na Stát Aontaithe i ndeireadh mhí Eanáir – bhí sneachta, fuacht agus gaoth fheannta romham – ach ní éiríonn leis an ngnáthdhuine mórán a fheiceáil den searmanas, an ardslándáil as an áireamh.

Ach íomhá amháin a gcuimhneoidh mé uirthi go deo ón gcuairt sin fiche bliain ó shin ná muintir Texas (stát George W. Bush) ag teacht aníos ina sluaite as stáisiún fobhealaigh Federal Triangle, dream a d’aithneofá orthu ar an toirt nár úsáid siad traein fobhealaigh riamh ina saol, hataí móra buachaillí bó orthu agus bratachaí réaltaí agus straidhpeanna (agus go deimhin corrcheann cónaidhmeach) timpeall ar a nguaillí.

Bhí gach liú astu, gach dorn in airde, agus shílfeá go raibh siad in Washington DC chun ionradh a dhéanamh ar an gcathair – cá bhfios nár ghlac cuid acu páirt san ionsaí a rinneadh ar an gCaipeatól dáiríre i mí Eanáir 2021.

Pardún a thabhairt dóibh siúd a ghlac páirt san ionsaí sin ceann de na chéad rudaí a dhéanfaidh Donald Trump tar éis a insealbhaithe, gan dabht, ach céard iad na rudaí eile a bheidh ar bharr a liosta?

An iarrachtaí aird na meán agus an phobail a mhealladh ón mbreith a gearradh air féin i gcás Stormy Daniels a bhí ina chuid baothchainte faoin nGraonlainn a cheannach (agus fórsa a úsáid mura ndíolfadh an Danmhairg í) nó an bhfuil mórchoimhlint idirnáisiúnta eile romhainn dáiríre?

Agus céard faoin léarscáil leibideach sin a d’fhoilsigh sé inar cuid de na Stáit Aontaithe í Ceanada, agus an plean ‘Murascaill Mheiriceá’ a thabhairt ar Mhurascaill Mheicsiceo feasta?

Na harduithe sin ar na táillí iompórtála atá á mbagairt aige le fada an lá, cén tionchar a bheidh acu sin ar gheilleagar na cruinne, agus orainne san Eoraip?

Agus na cogaí san Úcráin agus sa Mheánoirthear, agus céard faoin aeráid, cén tionchar a bheidh ag an athrú gaoithe in Washington DC orthu sin?

Ach shamhlóinn gur ag baile, sna Stáit Aontaithe féin, is túisce a bheidh an t-athrú gaoithe sin le mothú agus gurb iad na dreamanna is mó a bheidh thíos leis ná mná, Moslamaigh, an pobal LADT+, Afra-Mheiriceánaigh agus, gan dabht, gníomhaithe pobail, iriseoirí agus ealaíontóirí.

Seo í an cheist a rith liom an lá cheana: cén uair a bheidh na chéad teifigh Mheiriceánacha chugainn?

Tá súil agam gur ag déanamh scéal chailleach an uafáis atá mé. Ach cuimhnigh ar an tóir, thar oíche, a bhí ar phasanna Éireannacha nuair a shocraigh an Bhreatain an tAontas Eorpach a fhágáil, agus cuimhnigh gur daonlathas atá sa Bhreatain i gcónaí, agus ní tír a d’fhéadfadh a bheith ar tí sleamhnú isteach i réimeas nach bhféadfaí daonlathas a thabhairt air feasta.

Na ‘huddled masses, yearning to breathe free’, an mbeidh siad ag trasnú an Atlantaigh sa treo eile sna blianta atá amach romhainn?

Fág freagra ar 'An mbeidh ‘huddled masses’ Mheiriceá chugainn ar thóir na saoirse i ndiaidh insealbhú Trump?'

  • Carraig

    Is maith leis na meáin a bheith á thuar go n-osclóidh an duibheagán amach romhainn le linn Íochtaránacht (sic) Trump.
    Nó go dtitfidh an spéir orainn, go n-osclófar geataí Ifrinn fiú.
    Ach an bhféadfadh sé bheith níos measa ná Biden, abair?
    Nó, go bhfóire mac Dé orainn, W é féin??
    Chuir toscaire Trump go dtí an meánoirthear tine faoi thóin Netanyahu an tseachtain seo caite agus dá thoradh sin deirtear linn agus deallraíonn sé anois go mbrisfidh síocháin amach i nGaza gan mhoill.
    Tá súil le Dia agam go bhfíorófar an babhta seo é.
    Má tharlaíonn sé sin, an mbeidh réiteach ar chogadh na hÚcráine ar na bacáin freisin?
    Nár mhór an fhéachaint suas dúinn go léir deireadh a bheith déanta leis an dá ár agus léirscrios sin!