GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An fhreagairt chéimnithe ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach

An fhreagairt chéimnithe ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach Is ann do bhreis agus 300,000 cuideachta atá cláraithe in Éirinn. Rialaítear cuideachtaí le hAcht na gCuideachtaí, 2014. Is píosa ollmhór reachtaíochta é sin a bhfuil 1,648 n-alt ann. Sna hailt sin, is ann do thart ar 400 cion coiriúil sonrach, dá ngairtear cionta earnála. Áirítear leo […]

 GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An fhreagairt chéimnithe ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach

An fhreagairt chéimnithe ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach

Is ann do bhreis agus 300,000 cuideachta atá cláraithe in Éirinn. Rialaítear cuideachtaí le hAcht na gCuideachtaí, 2014. Is píosa ollmhór reachtaíochta é sin a bhfuil 1,648 n-alt ann.

Sna hailt sin, is ann do thart ar 400 cion coiriúil sonrach, dá ngairtear cionta earnála. Áirítear leo sin cionta de chuid earnáil 4 (fíneáil d’aicme A), arb iad na cionta is lú tromchúis iad, agus cionta de chuid earnáil 1, arb iad na cionta is mó tromchúis iad (áit ar féidir go bhforchuirfear téarma príosúnachta nach mó ná deich mbliana nó fíneáil nach mó ná €500,000, nó an dá cheann, mar thoradh orthu).

Is ann freisin do raon beart forfheidhmiúcháin shibhialta atá ar fáil faoi Acht 2014. Mar shampla, féadfar stiúrthóirí ar chuideachtaí a shrianadh nó a dhícháiliú fiú ó ghníomhú mar stiúrthóir ar aon chuideachta. Féadfar iallach a chur ar chuideachtaí doiciméid a thabhairt ar aird i gcás drochamhras go ndearnadh cion, nó féadfar iad a bhaint go hainneonach de chlár na gcuideachtaí.

Is é Acht na gCuideachtaí, 2014, ceann de na píosaí reachtaíochta is mó ar leabhar reachtanna na hÉireann. Tagann an cheist chun cinn – conas a fhorfheidhmítear sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí?

An forfheidhmitheoir

Is comhlacht reachtúil neamhspleách in Éirinn a bhfuil freagracht air as aon sárú ar Acht na gCuideachtaí, 2014, a fhorfheidhmiú é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Oibríonn sé faoi chreat freagartha céimnithe comhréirí, rud a fhágann go nglacann sé cur chuige solúbtha i leith gníomhartha forfheidhmiúcháin, agus iad á gcur in oiriúint do thromchúis an ghnímh neamhchomhlíonta.

Leis an mbeartas céimnithe forfheidhmiúcháin, cuirtear ar chumas an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach freagairt chuí a ghlacadh i leith sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí. Is féidir go nglacfar bearta forfheidhmiúcháin níos déine in aghaidh ciontóirí leanúnacha ná mar a ghlacfar i leith cion nach bhfuil an-tromchúiseach nó i leith an chéad chion a rinne duine. Ar na stiúrthóireachtaí de chuid an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach tá an Stiúrthóireacht um Fhorfheidhmiú Coiriúil, an Stiúrthóireacht um Fhorfheidhmiú Sibhialta, an Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Dlí, an Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Dlí agus Beartas, an Stiúrthóireacht um Airgeadas agus TFC, an Stiúrthóireacht um Imscrúduithe Digiteacha agus Anailísíocht, an Stiúrthóireacht um Rialachas agus Oibríochtaí Tacaíochta, agus an Stiúrthóireacht um Maoirseacht Dócmhainneachta. Tugtar comhaltaí den Gharda Síochána ar iasacht don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, áit a n-oibríonn siad le saineolaithe fóiréinsice digití, le cuntasóirí agus le habhcóidí dlí inmheánacha.

An fhreagairt chéimnithe forfheidhmiúcháin ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach

I gcás roinnt sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach dul i muinín bearta riaracháin. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

  1. Litreacha rabhaidh: Seoltar litir rabhaidh fhoirmiúil chuig an gcuideachta nó chuig an duine aonair ina dtabharfar breac-chuntas ar an neamhchomhlíonadh sonrach agus ar na hiarmhairtí féideartha a ghabhann le neamhchomhlíonadh leantach. Fónann sí sin mar theachtaireacht shoiléir á chur in iúl go bhfuil an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar an eolas faoin tsaincheist agus go bhfuil sé ag súil leis go gceartófar í.
  2. Ordachán reachtúil: I gcásanna ina leanann neamhchomhlíonadh ar aghaidh, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ordachán reachtúil a eisiúint lena gceanglófar ar an gcuideachta nó ar an duine aonair go foirmiúil gníomhartha sonracha a dhéanamh (mar shampla, cruinniú ginearálta bliantúil de chuid cuideachta a ghairm). Mura gcomhlíontar ordachán reachtúil, is féidir go ndéanfar tuilleadh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin.

I gcás sáruithe eile, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach dul i muinín gníomhartha forfheidhmiúcháin shibhialta. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

  1. Orduithe dícháilíochta: Féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna ar stiúrthóirí a dhícháiliú chun oifig a shealbhú ar feadh tréimhse shonraithe, arb í thart ar chúig bliana í de ghnáth. Is smachtbhanna tromchúiseach é sin a fhéadfar a fhorchur as mí-iompar amhail calaois i ndáil leis an gcuideachta, nó as sárú tromchúiseach ar dhualgas duine ina p(h)ost mar oifigeach de chuid na cuideachta. Dícháileofar duine go huathoibríoch ar feadh cúig bliana (nó ar feadh cibé tréimhse is giorra nó is faide a fhéadfaidh Cúirt a ordú) má chiontaítear é/í ar díotáil in aon chion faoi Acht na gCuideachtaí.
  2. Orduithe comhlíonta: Tá sé de chumhacht ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarratas a dhéanamh chuig cúirt ar chuideachta a ordú chun mainneachtain a leigheas laistigh de mhéid ama áirithe. Féadfaidh an chúirt a ordú gur cheart don chuideachta atá freagrach as an mainneachtain íoc as costais uile an iarratais.

Sna cásanna neamhchomhlíonta is mó tromchúis, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach comhaid a sheoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le haghaidh ionchúiseamh coiriúil féideartha ar díotáil. Is féidir go bhforchuirfear fíneálacha móra nó téarma príosúnachta, nó an dá cheann, mar thoradh air sin. Tá sé de chumhacht ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freisin ionchúisimh achoimre a thionscnamh ina ainm féin i leith cionta coiriúla nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Cinntítear leis an gcur chuige sin go n-úsáidfear acmhainní an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach go héifeachtach agus go bhforchuirfear pionóis chuí.

Déantar na hionchúisimh sin sa Chúirt Dúiche.

Conas a oibríonn an beartas sa chleachtas

I gcás amháin a thit amach le déanaí, dhéileáil an Stiúrthóireacht um Maoirseacht Dócmhainneachta san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach le leachtaitheoir nár chuir tuarascáil isteach maidir le hiompar na stiúrthóirí ar chuideachta dhócmhainneach.

I gcás go dtiocfaidh cuideachta chun bheith dócmhainneach agus nach mbeidh sí in ann a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, ceanglófar leis an dlí ar an leachtaitheoir (atá freagrach as an gcuideachta a fhoirceannadh) tuarascáil a chur isteach maidir le hiompar stiúrthóirí na cuideachta chuig an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tar éis sé mhí ón uair a cheaptar an leachtaitheoir.

Sa chás sin, ní hamhlaidh a mhainnigh an leachtaitheoir tuarascáil reachtúil a chur isteach i ndáil le cuideachta dhócmhainneach amháin, ach a mhainnigh sé tuarascáil reachtúil a chur isteach i ndáil le sé chuideachta dhócmhainneacha. Gheall an leachtaitheoir ar dtús go seachadfadh sé na tuarascálacha sin ach, tar éis bliain amháin, ní bhfuarthas oiread agus tuarascáil amháin. De bhreis air sin, stad an leachtaitheoir ansin de fhreagra a thabhairt ar aon chomhfhreagras ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Is cion coiriúil do leachtaitheoir í mainneachtain na tuarascálacha sin a sheachadadh don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, rud lena ngabhann téarma príosúnachta nach mó ná sé mhí agus fíneáil d’aicme A, nó an dá cheann.

Mheasúnaigh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach imthosca sonracha an cháis seo, áfach. Mheas sé go raibh forfheidhmiú sibhialta cuí agus d’éirigh leis imeachtaí Ard-Chúirte a thionscnamh in aghaidh an leachtaitheora chun iallach a chur air na tuarascálacha reachtúla amuigh a sheachadadh laistigh de thréimhse ama shonraithe. Dámhadh costais dlí don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

An tionchar

Ní hé amháin go bhfuil sé mar shainordú reachtúil ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach an dlí a fhorfheidhmiú tríd an raon leathan uirlisí atá ar fáil dó a úsáid, ach go bhfuil sé mar shainordú reachtúil aige freisin comhlíonadh an dlí a chur chun cinn freisin. Le straitéis freagartha na heagraíochta, baintear luach ar airgead amach agus cumasaítear d’eagraíocht atá coibhéiseach le cuideachta mheánmhéide iompraíocht na mílte eintiteas corparáideach a fhorfheidhmiú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise: Ríomhphost: info@cea.gov.ie; nó an Suíomh Gréasáin

Fág freagra ar ' GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An fhreagairt chéimnithe ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach'