Na sluaite ó oirthear Chorcaí ag déanamh ar Pháirc an Chrocaigh do chluichí ceannais na hÉireann 

Tá trí fhoireann ó bharúnacht Uí Mhic Coille ag imirt i gcluichí ceannais iomána na hÉireann as seo go ceann seachtaine, ag tosú leis na cluichí ceannais idirmheánach agus sóisir amárach

Na sluaite ó oirthear Chorcaí ag déanamh ar Pháirc an Chrocaigh do chluichí ceannais na hÉireann 

Tá tagairt déanta agam minic go leor le cúpla mí anuas do stádas láidir na hiománaíochta in oirthear chontae Chorcaí i mbarúntacht Uí Mhic Coille.

Agus cad é mar atmaisféar a bheidh sa gceannáras amárach agus cluichí ceannais iomána na gclubanna sóisir agus idirmheánach ar siúl. Agus mar a tharlaíonn sé tá dhá club ón mbarúntacht chéanna ann agus formhór de mhuintir na bparóistí go léir ag taisteal chuig an ardchathair don ócáid speisialta.

Sa chraobh shóisir is iad Fánaithe an Ruiséalaigh agus Naomh Lachtán Chill Chainnigh a bheidh i gcoinne a chéile.

Sa chluiche eile, is Cnocán na Biolraí a bheidh ann agus iad ar fheabhas i mbliana agus mar fhreasúra tá Tíne/An Mhainistir-Dún Doighre na Gaillimhe.

Agus sa chraobh shinsir an Domhnach seo chugainn, is iad na Sáirséalaigh a bheidh ag imirt ar son na barúnachta, an chontae agus chúige Mumhan.

Tá dul chun cinn éachtach déanta ag Uí Mhic Coille le 25 bliain anuas. Roimhe sin, bhuaigh corrchlub ón taobh sin tíre corrchorn sa pheil agus san iomáint. Ach i 1997 bhuaigh Uí Mhic Coille, Cluain Uamha, Caisleán Uí Liatháin agus Carraig na bhFear na craobhacha iomána go léir sa chontae. Idir 2010-19 bhuaigh foirne ón dúiche 16 craobh an chontae sna iomáint agus bhí ocht gcinn díobh sa ghrád sinsir. Anois, in 2024 -25, tá trí chlub ó Uí Mhic Coille ar thairseach na staire agus iad sna trí chluiche ceannais i gcraobhacha uile-Éireann na gclubanna.

Léiriú eile é ar rath an cheantair gurbh as barúnacht Uí Mhic Coille a tháinig sé cinn de na deich bhfoireann a bhain cluichí ceannais craoibhe amach i gCorcaigh an séasúr seo. Níl ach seacht gclub iomána sa bharúnacht ar fad, rud a chiallaíonn gur bhain beagnach gach ceann acu cluiche ceannais amach.

Uair amháin a tharla sé gur bhuaigh clubanna ó chontae amháin na trí chraobh na hÉireann. Tharla an t-éacht i séasúr 2019-2020, An bhliain sin bhuaigh Baile Héil ar Bhuiríos Ó Luigheach, bhuaigh Tulach Ruáin ar Chumann an Athar Uí Néill i gcoimhlint iontach a chríochnaigh leis an scór 3-19 – 5-12, agus bhuaigh Seamróga Chonachaidh ar Fhánaithe an Ruiséalaigh, atá ar ais sa chluiche ceannais arís inniu.

Sa chraobh shóisir sin is deacair a rá cé a bhuafaidh. Ní bhíonn mórán riamh idir foirne ó Chorcaigh agus Chill Chainnigh.

Club suimiúil ó thaobh na staire iad Naomh Lachtáin, a bunaíodh i sráidbhaile Achadh Úr Chill Chainnigh. Bhuaigh siad craobh shinsir an chontae i 1961 agus 1963, an chraobh idirmheánach i 1984 agus in 2009 agus an chraobh shóisir i 1959, 1993 agus 2024 mar aon le craobh idirmheánach na hÉireann in 2010. D’imir Michael Kavanagh, a bhuaigh ocht mbonn uile-Éireann le Cill Chainnigh, agus Pa Dillon, a bhfuil cúig cinn aige, leo.

Ach seo 2025 agus amárach is ar an lá seo a bheidh sé idir na himreoirí seo a chaithfidh geansaithe a gclubanna.

Maidir leis an gcluiche idirmheánach, bhuel, bhuaigh Cnocán na Biolraí craobh chontae thar a bheith iomaíoch agus craobh na Mumhan i gcoinne Tones na Sionainne agus Caiseal Thiobraid Árann.

Seán Desmond an captaen agus an príomhimreoir agus bhuaigh sé bonn sinsir le hUí Mhic Coille i mbliana mar a rinne roinnt imreoirí eile, leithéidí Brendan Lehane agus Adam Murphy a bhí ar an bpainéal buacach.

Arís gan aon ‘form’ ag na foirne bunaithe ar chluichí i gcoinne a chéile is deacair a rá cé a bhuafaidh. Beidh Cnocán na Biolraí ag déanamh a seacht ndícheall an corn a thabhairt ar ais cois Laoi don chéad uair ó 2018 nuair a bhí an bua ag Ceann Tuirc ar Chumann Naomh Pádraig Bhéal Átha Ragad. Idir sin agus inniu tá an cluiche ceannais caillte ag Ráth Luirc, Cumann Athar Uí Néill agus Caisleáin Uí Liatháin.

Rompu amach tá Tíne/An Mhainistir-Dún Doighre agus caithfidh go bhfuil siadsan go maith agus craobh na Gaillimhe buaite acu mar aon leis an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann iomráiteach Loch Garman, Ráth an Iúir i gcluiche ceannais Laighean.

Tá tosaithe ábalta acu, leithéidí Shane Moloney, Pádraig Breheny, Conor Jordan agus Paul Killeen agus seasta ar an taobhlíne tá fear a bhfuil taithí iontach, Mattie Kenny.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne sinsir ná sóisir.

Fág freagra ar 'Na sluaite ó oirthear Chorcaí ag déanamh ar Pháirc an Chrocaigh do chluichí ceannais na hÉireann '