Is í Ce’Nedra Cullen-O’Brien as Caisleán an Bharraigh a fuair an chéad Scoláireacht Chuimhneacháin Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair), scoláireacht nua i gcuimhne ar an gcéad Oifigeach Gaeilge riamh a bhí ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.
€3,000 a gheobhaidh Cullen-O’Brien, atá ina mac léinn máistreachta in Ollscoil Mhá Naud, le gearrscannán beochana a dhéanamh bunaithe ar fhinscéalta Mhaigh Eo. Cuirfidh Oifig na Gaeilge i gComhairle Contae Mhaigh Eo “tacaíocht forbartha” ar fáil don scannánóir óg freisin.
Tá céim sna meáin chruthaitheacha dhigiteacha ag Cullen-O’Brien ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sí ag tabhairt faoin máistreacht ghairmiúil san Oideachas in Institiúid Froebal in Ollscoil Mhá Nua faoi láthair. Tá sí gníomhach le Cuallacht Cholm Cille (Cumann Gaelach na hollscoile) agus leis an ngrúpa pobail Gaeilge Nuada i mbaile Mhaigh Nuad. Iardhalta de chuid Ghaelscoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh í Ce’Nedra.
Dírithe ar pháistí bunscoile a bheidh an gearrscannán beochana faoi fhinscéalta agus faoi mhiotais Mhaigh Eo a dhéanfaidh sí le cuidiú na scoláireachta.
Chomh maith leis an duais airgid agus an tacaíocht ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo, bronnadh gradam déanta as dair phortaigh ar Cullen-O’Brien agus ócáid bhronnta in oifigí na Comhairle. Ba iad muintir Oonagh Ní Chéileachair a choimisiúnaigh an gradam adhmaid seo i gcuimhne ar a n-iníon agus an “grá a bhí aici don Ghaeilge, don dúlra agus dá contae dúchais”. Ba as an Longfort ó dhúchas do Ní Chéileachair agus tógadh an dair phortaigh as a ndearnadh an gradam as an gcontae sin.
Bhásaigh Ní Chéileachair agus í 36 bliain d’aois ón ailse in 2017 agus d’ainmnigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an sparánacht nua in ómós di i mbliana. Bhí aithne fhorleathan ar Oonagh ar fud Mhaigh Eo i ngeall ar an obair cheannródaíoch a rinne sí ag cur na Gaeilge chun cinn, go háirithe trí mheán imeachtaí pobail agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha.
Osclaíodh an próiseas iarratais don sparánacht do mhic léinn tríú leibhéal ó dhisciplín ar bith, a fhad is gurb as Maigh Eo dóibh nó go bhfuil cónaí orthu sa chontae.
Chuir iarratasóirí na sparánachta iarratas i scríbhinn isteach chomh maith le togra beag agus rinne painéal moltóirí measúnú ar na hiarratais. Roghnaíodh Ce’Nedra Cullen-O’Brien as na hiarratasóirí sin.
“Is léir ón spéis mhór a cuireadh sa scoláireacht seo go bhfuil an-obair ar siúl ag mic léinn Mhaigh Eo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint. Tá súil againn go mbeidh an scéim seo ag dul ó neart go neart sna blianta atá romhainn,” a dúirt Oifigeach Gaeilge na Comhairle Contae, Fionnuala Nic Pháidín.
Tá maoiniú faighte ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ó Éire Ildánach leis an sparánacht a chur ar fáil ar feadh cúig bliana. Is ar dhuine nua a bhronnfar an €3,000 gach bliain. Bronnfar an buanghradam a choimisiúnaigh muintir Uí Chéileachair gach bliain freisin, chomh maith le gradam beag adhmaid ar leith a choinneoidh na buaiteoirí.
Fág freagra ar 'Scoláireacht nua bronnta i gcuimhne ar an gcéad oifigeach Gaeilge riamh ag Comhairle Mhaigh Eo'