‘Cic éirice gan cúl báire’ a bhí i gcás cúirte an bhanna ceoil Kneecap in Ardchúirt Bhéal Feirste in aghaidh an iar-aire Stáit Comhionannais Kemi Badenoch faoina cinneadh gan maoiniú a thabhairt don bhanna ceoil.
I ráiteas a d’eisigh Kneecap i mBéarla tar éis an cás a bhuachan ar maidin, maíodh gur thug a ndlíodóir agus a gcuid abhcóidí – Darragh Mackin, Joe Brolly, agus Ronan Lavery – le fios don bhanna sular éisteadh an cás gur cic éirice gan cúl báire a bhí ann is go mbeadh an bua go héasca ag na ceoltóirí as iarthar Bhéal Feirste.
Bronnadh £14,250 (€17,000) ar Kneecap tar éis don chúirt a rialú go raibh cinneadh Badenoch, atá anois ina ceannaire ar an bPáirtí Caomhach, “mídhleathach agus éagothrom ó thaobh nós imeachta de”.
Dúradh sa chás cúirte gur cuireadh Kneecap ar an ngearrliosta do dheontas ón Scéim Foráis Easpórtála Ceoil [MEGS] agus gur cheadaigh painéal earnála an deontas. Ba faoin Roinn Gnó agus Trádála agus faoin Roinn Cultúir, Meán, agus Spóirt a bhí an cinneadh deiridh, áfach, agus dhiúltaigh Badenoch – a bhí ina Rúnaí Gnó – an maoiniú a thabhairt.
Mhaígh Kneecap inniu go ndearnadh an cinneadh sin mar gheall nár thaitin sé leis an bPáirtí Caomhach “go gcuireann [an banna ceoil] in aghaidh rialú na Breataine in Éirinn” agus gur thacaigh siad le “haontú na hÉireann”.
Dúirt an banna ceoil, a tharraing aird idirnáisiúnta orthu féin le bliain anuas lena scannán Kneecap, go bhfuil an t-airgead a ghnóthaigh siad san Ardchúirt inniu le bronnadh acu ar chlubanna óige “ar an dá thaobh den phobal” – club óige i mBaile Uí Mhurchú agus club óige ar Bhóthar na Seanchille.
“Ní faoin £14,250 a bhí an caingean dlí seo riamh, d’fhéadfadh caoga pingin a bheith i gceist. Ba é an comhionannas a spreag muid. B’ionsaí é seo ar chultúr na n-ealaíon, b’ionsaí é ar Chomhaontú Aoine an Chéasta féin, agus b’ionsaí é ar Kneecap,” a dúirt siad.
Chuir siad i leith Rialtas na Breataine go ndearna sé “gníomh cineál faisisteach” nuair a blocáladh an deontas mar gheall go ndearnadh “iarracht stop a chur le healaín nár aontaigh lena ndearcadh tar éis d’eagras neamhspleách cinneadh a dhéanamh” faoin maoiniú.
D’eisigh Rialtas na Breataine ráiteas inar deimhníodh nach mbeidís ag leanacht ar aghaidh leis an gcás tar éis chinneadh na hArdchúirte inniu. Dúradh gurb é tosaíocht an rialtais “iarracht a dhéanamh costais a laghdú” agus dá bharr sin go gcosnófaí an cáiníocóir ar “a thuilleadh costais”.
“Ní chuirfimid in aghaidh cás Kneecap níos mó mar ní chreidimid gur ar leas an phobail a bheadh sé. Is í earnáil an cheoil dlúth agus inneach ár ngeilleagair agus táimid tiomanta leanúint orainn ag tacú le ceoltóirí bláthú agus briseadh isteach i margaí nua, trínár gclár MEGS – clár a thacaigh le tuairim is 400 ceoltóir camchuairteanna a dhéanamh ar fud an domhain,” a dúradh sa ráiteas.
Pat Butler
Iontach!
Agus ní haon dream seicteach iad an Kneecap seo’gainne.
B’iontach freisin dá raghadh an fhís a thug iad chun an t-airgead a roinnt ina dhá leath ar óg-ghrúpaí ar Bhóithre na bhFál is na Seanchille ina theachtaireacht dúinn go léir fud fad na tíre.
Seanóirí mar mé féin san áireamh.
Agus ba mhór agam mar bhónas dá n-aimseodh ‘Tuairisc’ griangraf de theacht chun cúirte DJ Próvaí i sean-Land Rover, maisithena bpóilíní, ach bratacha brátharachais na Poblachta is na Pailistíne ar foluain go buacach inti.
Molaim do Ghaelgeoirí na bunaíochta teangan aird a thabhairt ar ‘action direct’ Kneecap i leith na teangan.
Tá sé thar a bheith thar am le gach aon duine ar suim leo todhchaí na Gaeilge áit cheana a aimsiú iontu féin do Kneecap na nGael is na Gaeilge.