50,000 duine gan teach i dTuaisceart Éireann ach bac ar thógáil. Anuraidh tógadh an líon is lú tithe le seasca bliain. Ag deireadh na seachtaine seo caite bhí 4,500 teaghlach in iostas éigeandála sealadach, cuid acu de bharr na drochaimsire ach an tromlach acu gan dídean fad-aimeartha.
Tháinig méadú 32% ar líon na dteaghlach atá cláraithe ‘gan chónaí’ le tamall de bhlianta (thart ar 1,600) agus níl dóthain tithe á dtógáil. Ní mór 2,000 teach sóisialta ar a laghad a thógáil gach bliain; tógadh 1,400 anuraidh, an sprioc ab ísle ó 1963 agus áirítear nach dtógfar ach an líon sin arís i mbliana. Thairis sin, tá tithe a tógadh ina suí folamh mar nach raibh an tSeirbhís Uisce in acmhainn iad a cheangal leis an gcóras séarachais; ina measc sin tá eastáit i mbailte tuaithe agus os cionn 400 teach i nDoire mar a bhfuil 6,000 duine ar liosta feithimh do thithe. Deir Cónaidhm na dTógálaithe go bhfuil moill nó bac ar 19,000 togra.
Deir Uisce Thuaisceart Éireann go bhfuil an córas séarachais chomh mór sin as dáta nach féidir an 19,000 teach atá á bpleanáil a thógáil. Deir lucht tógála freisin nach bhfuil an córas séarachais oiriúnach dá fheidhm ach ní ghlacann an tAire Bonneagair in Stormont, John O’Dowd, leis an gcáineadh. D’admhaigh an tAire in agallamh teilifíse ar BBC go raibh dúshláin le sárú ag Uisce Thuaisceart Éireann ach ní raibh fonn air cluas a thabhairt do mholtaí na dtógálaithe.
Mar is gnách sé an t-airgead údar gach oilc. Níl an tseirbhís in acmhainn an t-uasdátú riachtanach a dhéanamh. Ní cheadódh an tAire táillí uisce ar chor ar bith, é sin ag teacht le polasaí a pháirtí féin, Sinn Féin agus formhór na bpáirtithe in Stormont. Cé gur mhol Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann (NIAO) san Earrach go ndéanfadh saineolaí athbhreithniú cuimsitheach ar mhaoiniú agus rialachas Uisce Thuaisceart Éireann, chinn an tAire nárbh fhiú é. Ní raibh cloiste mar mhalairt rialachais aige, ar sé, ach go ngearrfaí táillí uisce ar theaghlaigh agus ní dhéanfadh sé é sin.
Cé go bhfuil airgead gann in Stormont agus Uisce TÉ ag fógairt go bhfuil sé £23 milliún gann sa bhuiséad reatha, maille le £266 milliún d’easnamh ar an mbuiséad caipitil, dhiúltaigh John O’Dowd as éadan do mhaíomh na dtógálaithe nach raibh an córas maoinithe oiriúnach don ghnó. Mhol sé go n-íocfadh forbróirí cuid den chostas. Níor fágadh sin gan sáraíocht.
Deir forbróirí nach mbeidís in acmhainn é a dhéanamh mar go gcaithfeadh conarthaí ollmhóra a bheadh i gceist leis an gcostas a scaipeadh. Dá mbeidís sásta a sparáin a oscailt is dóichí ná a mhalairt go méadófaí praghsanna agus gurb iad an saibhir a bheadh in ann teach a cheannach. Míbhuntáiste a bheadh ann do na daoine atá ag brath ar thithíocht shóisialta, is cosúil.
Cibé toradh a bhéas ar an tsáraíocht idir na dreamanna ar fad – an tAire, na tógálaithe agus na cumainn tithíochta ar carthanachtaí neamhbhrabúis iad – caithfear a dhul i ngleic le laige agus neamhábaltacht Uisce TÉ. Conas a dhéanfar é gan féiríní ó Whitehall? Ní mór maoiniú a fháil in áit éicint. Tá sé soiléir nach mbeadh aire de chuid Shinn Féin toilteanach glacadh le táillí uisce fhad is atá an páirtí ó dheas dubh dóite ina gcoinne. Tá an DUP láidir ina gcoinne freisin, á gcur as an áireamh am ar bith a luaitear iad.
Tá fadhbanna seachas easpa tithe ag eascairt as an drochbhail atá ar an tseirbhís uisce ar ndóigh, truailliú ar uiscí, idir aibhneacha, farraigí agus Loch nEathach. Go bunúsach, baineann na ceisteanna le gach roinn i Stormont – bonneagar, pobal, comhshaol, talmhaíocht, forbairt thionsclaíoch, sláinte agus airgeadas. Dá fhaide dá bhfágtar iad is ea is measa an scéal don phobal, go háirithe na boicht nach mbeidh in acmhainn a theacht ar leigheas dóibh fhéin.
Fág freagra ar '‘Raiméis’ a deir an tAire Bonneagair faoi cháineadh ar an gcóras séarachais ó thuaidh'