Tá an Léann Ceilteach ag Ollscoil Utrecht san Ísiltír, a cheiliúir 100 bliain ar an bhfód anuraidh (agus ar ar fhreastail mé féin tráth), i mbaol a dhúnta.
Ciorrú 1 billiún euro sa bhliain a theastaíonn ó rialtas na hÍsiltíre, atá go mór ar thaobh na láimhe deise, a chur i bhfeidhm ar an oideachas tríú leibhéal an phríomhchúis atá leis sin.
In iarracht dul i ngleic leis na ciorruithe a d’fhógair an rialtas dhá mhí ó shin, chuir Ollscoil Utrecht plean le chéile faoi dheifir faoina gcuirfí deireadh le sé cinn de chúrsaí céime i nDámh na nDán, an Léann Ceilteach ina measc.
Tháinig an plean aniar aduaidh ar an 40 mac léinn sa Léann agus an seisear foirne. Ghlac idir mhic léinn agus léachtóirí páirt in agóid i gcoinne na bpleananna i gcathair Utrecht an tseachtain seo caite – comharthaí cairtchláir déanta acu sa tSean-Ghaeilge, sa Mheán-Bhreatnais agus, gan dabht, san Ísiltíris – agus glacfaidh siad páirt arís i móragóid náisiúnta i gcoinne na gciorruithe atá beartaithe sa Háig ar an 25 Samhain.
‘Táimid ag troid go láidir chun an Léann seo, atá breis is 100 bliain ar an bhfód agus atá ar an aon chúrsa céime san Ísiltír atá dírithe ar na teangacha Ceilteacha agus ar an oidhreacht Cheilteach, a shábháil,’ a deir an Dr. Nike Stam, Ollamh Cúnta sa Léann.
‘Tá tábhacht lenár Léann toisc go dtugann sé ardán idirnáisiúnta, ní hamháin do na teangacha Ceilteacha ach do theangacha neamhfhorleathana i gcoitinne – agus, sa chiall is leithne, d’éagsúlacht an chine dhaonna,’ a deir Stam.
Anuas ar na hagóidí, tá tús curtha le hachainí ar líne agus le feachtas litreacha atá dírithe ar Uachtarán Ollscoil Utrecht, an tOllamh Dr. Henk Kummeling.
Má théann pleananna na hOllscoile ar aghaidh, cuirfear deireadh de réir a chéile, ó thús na bliana acadúla seo chugainn, leis an Léann Ceilteach agus le cúig chúrsa céime eile i nDámh na nDán in Ollscoil Utrecht: Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Arabais agus Ioslam, agus an chéim sa Diagacht.
Ní hionann agus na cúig chúrsa eile sin, áfach, níl an Léann Ceilteach ar fáil ag aon ollscoil eile san Ísiltír agus dá bharr sin ní bheidh údaráis na hOllscoile in ann deireadh a chur leis an Léann Ceilteach gan cead pearsanta an Uachtaráin féin.
Sin é an fáth go bhfuil tábhacht ar leith leis an bhfeachtas litreacha chuig Uachtarán na hOllscoile, a mhínigh an Dr. Nike Stam, agus deir sí go bhfuil ‘lear maith’ litreacha tacaíochta faighte cheana féin ó dhaoine acadúla in Éirinn ach go bhfuil fáilte is fiche i gcónaí roimh a thuilleadh.
Iarmhac léinn de chuid an Léinn Cheiltigh in Utrecht mise mé féin freisin. Is maith is cuimhin liom a bheith ag treabhadh trí leithéidí Táin Bó Fraích agus sleachta as an Mabinogion sna seomraí ranga i bhfoirgnimh ársa éagsúla i lár na cathrach, ag tarraingt ar 30 bliain ó shin, agus is ann a fuair mé mo chéad bhlaiseadh den Nua-Ghaeilge ag leibhéal na hollscoile freisin – ní hionann agus an cúrsa samhraidh de chuid Oideas Gael ar ar fhreastail mé i nGleann Cholm Cille roimhe sin, bhí scrúduithe scríofa agus cainte i gceist!
Gan dabht tháinig plean Ollscoil Utrecht aniar aduaidh orm féin freisin, agus cuireann sé déistin orm go bhfuil m’alma mater ag cuimhneamh ar dheireadh a chur le Léann ar dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hOllscoile í le breis agus 100 bliain anuas.
Murach an Léann Ceilteach in Utrecht (agus an bhliain a chaith mé i mo mhac léinn malairte ag Ollscoil na Gaillimhe mar chuid den chéim sin) is ar éigean go mbeadh ar chumas mo leithéide-se, Ísiltíreach, tabhairt faoi chúrsa iarchéime sa chumarsáid trí Ghaeilge, agus faoi shlí bheatha mar iriseoir agus mar scríbhneoir Gaeilge ina dhiaidh sin.
Mar a tharlaíonn, ní mise an t-aon duine amháin a d’fhreastail ar Léann Ceilteach Utrecht agus a chuaigh le slí bheatha sna meáin i dtír Cheilteach: tá Nely van Seventer ag obair le Radio Bro Gwened sa Bhriotáin.
Dá laghad iad na teangacha Ceilteacha ó thaobh líon na gcainteoirí de, tá tábhacht mhór leo i stair theangeolaíoch na hEorpa agus is dlúthchuid iad i gcónaí d’inneach cultúrtha na hEorpa. Ar an gcúis sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí staidéar orthu ní hamháin sna tíortha Ceilteacha féin, ach lasmuigh díobh. Mar atá á dhéanamh, le breis agus 100 bliain anuas, in Ollscoil Utrecht.
Mícheál Ó Flaithearta
Le céad bliain anuas thaispeáin Ollscoil Utrecht ceannródaíocht i léann na Gaeilge, na Breatnaise agus an Léinn Cheiltigh trí chéile. Ba bhuille marfach a bheadh ann dá gcuirfí deireadh le clár BA an Léinn Cheiltigh in Utrecht, ní hamháin don Ísiltír, do na tíortha Ceilteacha, Éire ina measc agus go hidirnáisiúnta.
Colmcille Ó Monacháin
Is olc an cás é don Ísiltír agus don léann.