An lá ar ainmníodh duine de chlann cháiliúil na gCinnéideach as Bostún do phost cumhachtach in Washington bhí Cinnéideach eile ag fágáil slán le Tuaisceart Éireann. Tá tréimhse Joe Kennedy III mar thoscaire speisialta Mheiriceá ag teacht chun deiridh nuair a chuirfear clabhsúr ar Uachtaránacht Joe Biden.
Bhí teachtaireacht lom ag an dtoscaire i mBéal Feirste Déardaoin. ‘Ní mór é a bheith soiléir go bhfuil na hinstitiúidí polaitiúla ag feidhmiú agus go mbeidh siad buan chun muinín agus deimhneacht a chothú i measc infheisteoirí.’
Ní mór scéal na síochána agus na seasmhachta a scaipeadh in áit íomhánna na dTrioblóidí, a dúirt sé.
Nuair a ceapadh Kennedy, garmhac le Bobby F Kennedy, mar thoscaire in 2022 bhí súil go n-éireodh leis infheisteoirí ó Mheiriceá a threorú anseo, go háirithe ó bheadh rochtain acu ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus ar mhargadh na Ríochta Aontaithe. Is léir nár chabhair é Stormont a bheith ar fionraí don chuid is mó dá théarma i mbun a chúraim. Nuair a rinneadh comóradh anuraidh ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí Stormont druidte agus ba é an folús nó físeáin de bhallaí síochána a tharraing aird na meán ó Mheiriceá a tháinig anseo le haghaidh na hócáide; scéal diúltach a chuala agus a chonaic lucht rachmais sna Stáit Aontaithe. Cén t-iontas nár mealladh na billiúnaithe chun gnólachtaí nua a bhunú anseo.
D’fháiltigh Kennedy roimh athbhunú an Tionóil agus an Fheidhmeannais agus roimh Chreat Windsor, an socrú trádála iarBhreatimeachta.
Séard atá riachtanach anois go ndéanfaí tiaráil laethúil an rialachais go héifeachtach, dar leis. Chuideodh sé sin le scéal dearfach a insint, lionsa ar an saol mar atá, murab ionann agus mar a bhí le linn coinbhleachta a tháinig chun deiridh sé bliana fichead ó shin, ar sé.
Mhaígh sé gurb é an caighdeán saoil abhus an bua is mó agus gné dhíolacháin speisialta an réigiúin; áit bhreá le clann a thógáil, post maith a fháil gan a bheith i bhfad ón bhfarraige. N’fheadar an aontódh na boicht leis. Is léir gur dhírigh a chur i láthair d’infheisteoirí ar an gcaighdeán saoil agus ar ardchaighdeán na n-oibrithe. Dúirt sé freisin go raibh timpeall 250 comhlach Meiriceánach lonnaithe i dTuaisceart Éireann le 30,000 fostaí. Bhain sé leas as a scéalta siúd agus a sástacht le coinníollacha abhus nuair a bhí sé ag iarraidh infheisteoirí nua a mhealladh.
Mar admháil nach raibh toradh ar a shaothar, go fóill ar aon nós, dúirt sé nach leor toscaire speisialta a bheith ann chun infheistíocht a chinntiú go sciobtha. Tógann sé am. Tá deiseanna breátha d’earnálacha na déantúsaíochta, feistí leighis, sliseanna nó leathsheoltóirí ach tógann an taighde agus réamhobair achar fada sula ndéantar cinneadh infheistíocht ollmhór a dhéanamh.
Go bunúsach ba chosúil go raibh sé ag rá leis an bhFeidhmeannas agus leis an áisíneacht forbartha gur gá dóibhsean cur leis an obair dhíolacháin. Mheas sé go n-ainmneodh an tUachtarán Trump toscaire freisin, fiú mura ndéanfadh sé go luath é; cheap sé Mick Mulvaney sa phost san bhliain deiridh dá uachtaránacht cheana.
Níl sé soiléir in aon chor go mbeidh an tUachtarán Trump báúil le comhlachtaí Meiriceánacha a bheith ag infheistiú thar lear. Is léir gur chothaigh guagacht pholaitiúil abhus amhras i measc infheisteoirí agus nach féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil cabhair ag teacht ó Mheiriceá.
Ba é ‘athshocrú’ téarma na bliana seo – ar chaidreamh Angla-Éireannach, ar chomhoibriú idir Whitehall agus Stormont agus go leor eile. An éileoidh 2025 go mbeidh sé riachtanach athshocrú ar an gcur chuige i dtaca le forbairt eacnamaíochta a scrúdú?
Mar iarnóta, scéal thairis é ach dúirt an toscaire Kennedy go raibh súil aige go leanfadh a uncail Robert F Kennedy an eolaíocht ina phost in Washington d’ainneoin teoiricí comhcheilge faoi shláinte a bheith á spalpadh aige.
Fág freagra ar 'Íomhánna na dtrioblóidí a chíonn infheisteoirí Mheiriceá'