B’fhéidir gur i dtús aistir atá na Sáirséalaigh, ach tá an Fhiacail contúirteach

Dar leis na geallghlacadóirí buafaidh foireann Chorcaí ar sheaimpíní an Chláir inniu ach n’fheadar lenár gcolúnaí faoi sin

B’fhéidir gur i dtús aistir atá na Sáirséalaigh, ach tá an Fhiacail contúirteach

1996 a bhí ann agus mo chlub Barra Naofa ar ais i gcluiche ceannais peile an chontae den séú huair taobh istigh de dheich bliana. Bhí cúpla ceann buaite againn agus dar ndóigh bhí cúpla ceann caillte againn freisin. Bhí an corn buaite i 1995 agus bhíomar te bruite mar rogha arís i 1996.

Bhí sé ar intinn agam éirí as an bpeil i ndiaidh bliain bhuacach eile. Ach dar ndóigh ní rabhamar buacach. Bhuaigh Uí Mhic Coille orainn, sea an fhoireann dúiche in oirthear an chontae agus gan mórán measa sa taobh sin tíre ar an liathróid mhór in aon chor!

Mar a tharlaíonn sé bhuaigh siad orainn i 1994 freisin. Agus mar a tharla le foireann iománaíochta Uí Mhic Coille i mbliana a bhuaigh an chraobh iomána, b’in deireadh lena séasúr mar nach bhfuil cead ag foireann dúiche páirt a ghlacadh i gcraobh chlubanna an chúige ná i gcraobh na hÉireann. Agus is iad na Sáirséalaigh, a chaill an cluiche sin, a bheidh ag imirt ar son Chorcaí amárach.

N’fheadar an mbeidh turas acu mar a bhí againne i 1986 agus sinn ag bailiú craobh an chúige roimh dheireadh na bliana agus Corn Andy Merrigan i mí an Mhárta. Tráthúil go leor chaitheas cúpla uair an chloig i bPáirc an Chrócaigh roimh cheann de na cluichí leathcheannais iomána i mbliana le laoch Mhuineacháin, Eugene ‘Nudie’ Hughes, a bhí ag imirt le Cumann Fág an Bealach, Baile na Lorgan, nuair a bhuamar orthu an bhliain stairiúil sin i gcluiche athimeartha leathcheannais. Bhí beagnach gach cic den chluiche sin de ghlanmheabhair aige agus iad an-díomách ina dhiaidh, a dúirt sé.

Bhí sé ait go leor dúinne, muid caillteach agus sinn ag tosnú amach ar an mbóthar sa Mhumhain ach i ndiaidh an chéad bhua i gcoinne Stacaigh Chill Airne, d’fheabhsaigh an mhuinín agus d’fhágamar Páirc an Chrócaigh Lá le Pádraig 1987 agus Corn Andy Merrigan againn.

Tosnaíonn an turas sin do na Sáirséalaigh amárach agus seaimpíní an Cláir, an Fhiacail, ag teacht go SuperValu Páirc Uí Chaoimh. Chuala go raibh ceiliúradh go leor sa sráidbhaile beag in oirthear an Chláir agus leantóirí ag róstadh cúpla gabhar agus ag tabhairt ómós dos na seaimpíní den chéad uair ó 1988.

Is deacair léamh ceart a dhéanamh ar an gcluiche seo. Caithfidh go bhfuil an Fhiacail lán le muinín agus iad ag taisteal is iad neartaithe ag an triúr imreoirí idirchontae Eibhear Quilligan, Adam Hogan agus Conn Smyth. Dar leis na geallghlacadóirí is í an fhoireann baile atá mar rogha. N’fheadar faoi sin?

Sa chluiche leathcheannais eile tá ríthe an chúige, Baile Gunnair ag tabhairt aghaidh ar Luachma Caisleán Laighnigh. Dar ndóigh bhí cluiche ceathrú ceannais ag seaimpíní na nDéise agus bhí an dara leath ann sula bhfacamar iad ag feabhsú agus chríochnaigh siad i mbarr a maitheasa. Bunaithe ar an bhfiche nóiméad deireanach den chluiche deireanach, ceapaim go bhfuil an buntáiste ag Baile Gunnair. Beidh an dá chluiche á gcraoladh beo ar TG4.

Ó thuaidh tá na piardaí móra i gcoinne a chéile, seaimpíní Ruairí Óg Bhun Abhann Dalla i gcoinne fhathaigh Shleacht Néill (dhá cheann déag de chraobhacha contae as a chéile i nDoire buaite acu). Is dócha go bhfuil an buntáiste ag leaids Aontroma. Beidh an cluiche seo á thaispeáint beo ar RTE2 oíche Dé Sathairn.

Tá cluichí Laighean ar siúl freisin. Beadsa ag coimeád súil ghéar an an gcluiche idir Naomh Mairtín Loch Garman agus Nás na Rí. Dar le mo chuid spíodóirí san oirthear is iad cleas Chill Dara an rogha.

Fág freagra ar 'B’fhéidir gur i dtús aistir atá na Sáirséalaigh, ach tá an Fhiacail contúirteach'

  • alan

    Cé nach maím ar na Sáirséalaigh é, beart amaideach is ea nach bhfuil cead ag ‘foireann dúiche’ ar nós Uí Mhac Coille dul níos sia amach ná bánta agus bailte beaga oirthear Chorcaí.