Tá an an dianchuardach fós ar siúl do Mháire Ní Fhátharta, snámhaí mná atá ar iarraidh i gConamara le cúíg lá anois. Níor chuidigh an aimsir ghruama agus an spéir scamallach leis an gcuardach ach tá na sluaite deonacha fós i mbun na hoibre.
Ainmníodh inné an bhean as an áit a chuaigh ar iarraidh ag Trá na gCeann i mBearna Dé Máirt agus leathanach GoFundMe, ‘Tugadh muid Máire abhaile’, oscailte ar mhaithe le cuidiú leis na bádóirí atá á cuartú ó shin íoc as an mbreosla agus an trealamh tarrthála atá ag teastáil le haghaidh an chuardaigh.
Is í Máire Úna Ní Fhátharta, 31 bliain d’aois, as Doire Locháin sna Forbacha an bhean atá fós á cuardach ar an gcladach agus ar an bhfarraige. Mí Lúnasa seo caite a thosaigh Máire ag obair mar oifigeach pleanála teanga le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Cuireadh tús leis an gcuardach maidin Dé Máirt agus scéala faighte go raibh snámhaí ar iarraidh i mBearna. Faoi am lóin bhí an drochscéala níos measa agus beirt snámhaithe ar iarraidh. Fuarthas corp an amhránaí Johnny Duhan an mhaidin sin sa bhfarraige ag Trá na gCeann ach tá na céadta ag cuartú Mháire ó shin, moch is deireanach, ar muir is ar tír. Cuireadh Johnny Duhan i gcré na cille inniu tar éis aifreann sochraide sa gCnoc Breac.
Tá an bailiúchán seo á eagrú ag Fionnuala, deirfiúr Mháire, agus gabhann sí buíochas le chuile dhuine atá ag cuidiú leo ar aon bhealach ó chuaigh Máire ar iarraidh.
“Tá rud amháin le feiceáil ón tubaiste seo agus sin é spiorad agus nádúr an phobail. Ná ceapaigí nach bhfeiceann muid an obair ar fad atá sibh a dhéanamh. Níl aon fhocal agam le buíochas a rá leis na daoine ar fad atá ag cuidiú linn. Is mór go deo againn an cineáltas agus an tacaíocht iontach atá sibh a thabhairt dúinn agus beimid buíoch as aon rud beag is féidir le duine a thabhairt don bhailiúchán.
“Ba mhaith linn cuidiú chomh maith agus is féidir leis an daoine deonacha ar fad atá ar an uisce agus ar an gcladach agus cuidiú leo le costas breosla agus trealaimh. Má bhíonn aon airgead fágtha ón gcostas sin tabharfar do na heagraíochtaí deonacha atá ag cuidiú linn leis an gcuardach seo.”
Iarrann Fionnuala ar dhaoine an leathanach a roinnt le lucht aitheantais agus gabhann sí “buíochas ó chroí leis an bpobal as a ngnaíúlacht” sna laethanta duairce seo.
“Tá muid thar a bheith buíoch as an gcúnamh agus an tacaíocht ar fad atá tugtha dúinn go dtí seo. Ní neart go cur le chéile.”
Níl de phaidir ná de mhian ag muintir Mháire anois, a deir sí, ach a ndeirfiúr agus a n-iníon a thabhairt abhaile agus a “dhá láimh a chur thart uirthi”.
Fág freagra ar 'Dianchuardach fós ar siúl do Mháire Ní Fhátharta i gConamara'